Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Bhur dtaithí sa Ghaeltacht/Gaeilge ar fáil in áiteanna éagsúla

  • 07-10-2009 2:11pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭


    Dia dhaoibh,
    Mar a d'inis më cheana féin, thug mé cuairt ar Ghaeltacht Chorcaí, i gCúil Aodha agus mBaile Bhúirne. Bhí mé ag cóisir le timpeall 100 duine ansiúd. Chuala mé neart cainte as Béarla idir na haoithe. Is droch-ghnáth é idir dhaoine níos óige go simplí. Ach bhí Gaeilge ag beagnach gach dhuine ar labhairt mé leis, fiú amháin ag strainséirí ar bhog ansin. Fuair mé an freagra "I don't speak Irish" go hannamh.agus fuair mé Gaeilge toisc gur thosaigh mé ag caint as Gaeilge gan aon Bhéarlachas. Dúirt na daoine pósta ar chuaigh mé leo chuig an gcóisir go gcloistear go leor Béarla i mBáile Bhúirne ach go bhfreagraítear as Gaeilge má thosaíonn tusa do chaint as Gaeilge. Ar ndóigh, is gá Gaeilge sáchmhaith a bheith agat. Ar aon chaoi, tá cúpla Gaeilgeoir fanaiceach ag teastáil sna Gaeltachtaí! Mar shampla, Agus thug mé faoi déara difríochtaí sa bhlas. Níl caint mhuintir na háite gan bhlas as Béarla go minic.
    Cé hiad na taithí a rinne sibhse i gceantair Gaeltachta eile? An bhfuair sibh Gaeilge agus an raibh Gaeilge ag beagnach gach dhuine?
    Ba mhian liiom go gcuirfeadh níos mó Gaeilgeoirí an fháinne orthu sa gcaoi go bhfeictear iaf. Chomh maith, thaitneodh së liom go gcuirfeadh na tithe ósta fógra orthu má tá Gaeilge ag an bhfoireann isteach.
    Slán go fóill, Alex


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Chonaic mise a leithéad de fógra cúpla uair i siopaí i nGaillimh, agus ar na dhá ócáid sin, bhain mé triail as mo chuid Ghaeilge. Ar na dhá ócáid, thug an freastalaí leithscéal de shaghas éigin dom ("Oh sorry somebody else put that up - I don't speak Irish myself") agus thóg siad síos na fógraí.

    Maidir leis an fáinne ór, is dócha go gceapann furmhór na ndaoine gur rud sean-fhaiseanta é.

    Is é BÁC an Gaeltachat is beomhar sa tíre faoi láthair i mo thuaraimse.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    An raibh na fograí san fhuinneog nó taobh istigh an tsiopa?
    Creidim uimhir na nGaeilgeoirí
    (65.000) laistigh na nGaeltachtaí nuair nach fíor uimhir an 1,5 mhilliúin ar fud na Poblachta ar chor ar bith. Ach de réir na nGaeltachtaí ní thúisce a bheidh mé sásta ach Gaeilge a bheith ag 95 - 100 % an dhaonra agus í á labhairt go laethúil ag 90 % na nGaeilgeoirí!
    Slán go fóill, Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Mar a tharlaíonn sé, ní siopa a bhí i gceist i cás amháin ach Amharclann Halla na Cathrach i nGailleamh - an 'Town Hall Theatre'. Bhí fógra beag, déanta as adhmaid, ar an deisc. Dúirt an freastalaí nach leí an fógra agus chuir sí síos faoin chúntóir é. Sa chás eile, bhí 'sticker' ar fuinneog siopa seodóireachta. Arís diúltaigh an freastalaí mé a fhreagairt as Gaeilge.

    Tá sé deacair dom gan a bheith ciniciúil faoi i nGailleamh. Tá siad ag iarraidh íomhá a cruthú mar "cathair Gaelach" le haghaidh na turasóirí ach níl mórán Gaeilge (nó fíor-mheas don Ghaeilge) taobh thiar de i ndáiríre.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Sin fíor. Is mian leo íomhá Gaelach a chruthú i gcathair na Gaillimhe. Dar liom, is fiú é a dhéanamh toisc go bhfuil Gaeltacht Chonemara ina cois. Ach cad is gá ná daoine fostaithe an bhfuil Gaeilge liofa agus fíor-mheas don Ghaeilge acu. Ní fiú fógra "Gaeilge ansseo" a thogáil mura bhfuil an duine sásta úsáid a bhaint aisti. Sin cúrsa éagsúil sa Ghaeltacht. Ansiúd, tá mé ag súil le Gaeilge a bheith ag uile dhuine.
    De réir cad a thug më faoi déara, tá fós easpa misnigh ag go leor fíor-Gaelgeoirí caint a thosú as Gaeilge iad fëin. Tá go maith níos mó Gaeilge ann i gcathair na Gaillimhe ná i mórchuid na gcathracha Éireannaigh. Bhí cuid mhaith daoine le Gaeilge níos fearr ná na cúpla focail sásta comhrá as Gaeilge a dhéanamh liom nuair ar thosaigh mise le habairt as Gaeilge. Agus feiceann tú neart fògraí as Gaeilge sa chathair. Bíonn siad le feiceáil an-annamh sna cathracha eile. Agus tá go leor Gaelscolaíocht ar fáil inti agus baintear níos mó úsáide as an nGaeilge lasmuigh den scoil ná sa chaighdeán náisiúnta. Ach mar sin fëin, ní leor an mhéad Gaeilge faoi láthair chun cathair Ghaelach a chur ar chathair na Gaillimhe. Go brónach, níl aon chathair Ghaelach ann faoi láthair i bPoblacht na hÉireann. Ach seans go n-árdóidh an mhéad Gaeilge ansiúd le buíochas na nGaelscoileanna. Ba cheart a bheith in ann do ghnó gach lae a dhéanamh i gcathair na Gaillimhe agus tú ag labhairt Gaeilge amháin. Thabharfadh sé misneach do mhuintir na Gaeltachta i gConamara. Is fiú féachaint ar na cathracha is gaire don Ghaeltacht chun polasaí éifeachtaigh ar son na Gaeilge sa Ghaeltacht a fheabhsú.
    Is éard a d'inis tú, a Thopper75, sin dearmaid is féidir a tharlú. Ach níor cheart iad a tharlú ró-mhinic. An dúirt tú é leis an mbainisteoir?
    Bheadh náire orm gan Ghaeilge liofa a bheith agam dá mbeinnse i mo chónaí i gcathair na Gaillimhe mar dhuine Éireannach.
    Is tuiscint is lú atá agam roimh dhaoine atá ina gcónaí laistigh na Gaeltachta agus gan mórán Gaeilge a bheith acu. Mar sin, níor lean mé orm leis an gcomhrá le daoine nár thuig as Gaeilge mé ar feadh mo chuairte sa Ghaeltacht as mo dhrogall i dtreo an Bhéarla ansiúd.
    Slán go fóill, Alex


Advertisement