Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

NAMA agus na Glasaigh

  • 07-10-2009 11:10am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Cloisim ón agallamh a rinne Darren le Trevor Sargent maidir le NAMA de go bhfuil "an Comhaontas Glas ag iarraidh ord is eagar a chur ar an chóras airgeadais sa tír." dar le Trevor!
    Chomh maith leis sin creideann an Comhaontas "go bhfuil NAMA ar an bplean is fearr".

    Buinneach bhéil den chéad scoth! Dochreidte ar fad!

    Ní chreidim féin ar feadh soicind go gcreideann Trevor Sargent go bhfuil NAMA an plean is fearr, ná baol air.

    Molann an IMF náisiúnú i bpáirt le háisíneacht dá leithéidí i gcónaí, ionas go dtógann na scairshealbhóirí tromlach na gcaillteanas. Seachas an cáiníocóir neamhurchóideach, mar atá á bheartú ag an Aire Airgeadais.
    Agus an dealramh air go bhfuil formhór na nGlasach ag aontú leis.

    Molann beagnach gach saineolaí airgeadais agus eacnamaí i gcéin is i gcóngar -bídís ar an eite chlé nó eite deis- molann siad gur chóir go mbeadh drochbhanc á chur i bhfeidhm i bpáirt le náisiúnú d'fhonn cosaint a thabhairt don cháiníocóir agus an aisíoc is fearr a chinntiú don stát.

    Bhí Joseph Stiglitz (eacnamaí mór le rá a bhuaigh an duais Nobel) ar Prime Time aréir ag rá go raibh sé "coiriúil" a bheith ag íoc thar luach reatha na sócmhainní le hairgid an phobail.
    Tá sé i gceist ag an Aire Airgeadais go n-íocfadh a luach fadtéarmach .i. an luach mór draíochta anaithnid a bheas ar an sócmhainn i gceann 10 mbliana nó mar sin.

    Dúirt Stiglitz maidir leis na bainc de:
    "Nuair nach bhféadann tú do chuid fhiacha a ghlanadh ba chóir go gcailleann an scairshealbhóir gach rud.... agus mura gcomhlíonann sin an poll i gcaillteanais an bhainc tógann an rialtas an banc ar lámh (.i. náisiúnú) toisc go bhfuil sé ag tabhairt cosaint do thaiscí."

    Ní mór do na Glasaigh a mianach morálta a thaispeáint Dé Sathairn


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá súil agam nach glactar leis NAMA....

    Ach tá easaontas san chomhaontas ar an ábhar - Tá súil agam go súileann siad amach ón rialtas, ach nílim dóchasach go mbeidh an céad rialtas eile níos fearr...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá dream beag ann a vótálfaidh ina aghaidh.
    Ach seo an rud, is mian le formhór na nGlasach fanacht i gcumhacht agus níl olltoghchán uathu mar a bheifeá ag súil. Mar sin, tá an baol ann go vótálfaidh an formhór i bhfách le NAMA chun déanamh cinnte go bhfanfaidh an comhrialtas le chéile. I bhfocail eile, tá baol ann go gcuirfidh na baill leas an pháirtí chun tosaigh ar leas an phobail.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Ní cheapaim go bhfuil an dara rogha ag na Glasaigh. Ba sheacht bhfearr leo bheith in ann rudaí a dhéanamh ar mhaithe leis an phobail agus iad sa rialtas ná bheith amach as. Cuir i gcás na uaireachtaí vótála.. Ba mhór an athrú sin do chuile dhuine a bheith in ann vótáil go dtí a deich a chlog. Níor thug FF an deis sin dúinn. Beidh na Glasaigh in ann an méid TDí atá i gceannas a laghdú freisin agus mar sin tá súil agam go mbeidh siad fós thart tar éis an deireadh seachtaine.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bheadh amhras orm dá mbeadh aon Ghlasaigh ag léamh seo, ach ba chóir d'aon Ghlasach a vótáil ar son NAMA, ionas go bhfanfaidís i rialtas, ba chóir dó nó di an dá alt seo thíos a léamh:

    http://www.davidmcwilliams.ie/2009/10/12/nama-is-highway-robbery

    http://www.irishtimes.com/newspaper/opinion/2009/1013/1224256508947.html


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Cliste wrote: »
    ach nílim dóchasach go mbeidh an céad rialtas eile níos fearr...

    ní bheidh - ach beidh an rialtas ina dhiadh sin go maith.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    ní bheidh - ach beidh an rialtas ina dhiadh sin go maith.

    Fianna Fáil arís? Hmmmmm - níl fios agam...

    Nílim sásta go bhfuil an rialtas seo fós ann - ach ag an am céanna ceapaim gurbh í an comhaontas ghlas an páirtí is fearr atá ann - na polasaithe is fearr srl.

    Ba mhaith liom dá mbeadh chomhrialtas idir an chomhaontas ghlas agus páirtí an lucht oibre.... *imíonn cliste le aisling álainn!*


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cliste wrote: »
    Fianna Fáil arís? Hmmmmm - níl fios agam...

    Nílim sásta go bhfuil an rialtas seo fós ann - ach ag an am céanna ceapaim gurbh í an comhaontas ghlas an páirtí is fearr atá ann - na polasaithe is fearr srl.

    Ba mhaith liom dá mbeadh chomhrialtas idir an chomhaontas ghlas agus páirtí an lucht oibre.... *imíonn cliste le aisling álainn!*

    N'fheadar an mbeinn féin sásta na Glasaigh a fheiceáil i gcumhacht arís, go háirithe i ndiaidh a vótáil ar son NAMA!

    na+bainc.jpg

    pictiúr ón bhlag seo


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Stollaire wrote: »
    N'fheadar an mbeinn féin sásta na Glasaigh a fheiceáil i gcumhacht arís, go háirithe i ndiaidh a vótáil ar son NAMA!

    Hmmmm - tuigim cad atá tú ag rá, agus ceapaim gurbh drochrud é NAMA, ach ag an am céanna is é mo thuairim gurbh iadsan an t-aon páirtí atá dáiríre faoi a lán rudaí tábhachtach (timpeallacht, athchóiriú polaitíochta srl.)


    Féach ar na páirtí eile san tír - ní aontaím le formhór atá á rá acu, ach leis an chomhaontas Ghlas aontaím le na polasaithe (Go ginearálta), agus ná cinn eile, ceapaim go bhfuil seans maith go n-athróidh siad iad.


    Bhí mo airgead ré chun dul chun ballraíocht a baint amach leo dá súileoidfidís amach an deireadh seachtaine seo caite... ach níor tharla sé, agus tá an airgead sin fós i mo phóca!

    (Má tá aon duine ábalta an líne deireanach a rá níos fearr, Ldt seol PM dom! :D)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Aontaím leatsa a Chlistí, tá mé tar éis teacht ar an tuairim chéanna théis an seafóid atá tite amach agus b'fhearr liom An Comhaontas Glas agus an Lucht Oibre a fheiceáil istigh i gcomhrialtas sa chéad rialtas eile, agus ar ndóigh dá mbeadh an rogha ann, piocfadh mé amach na teachtairí dála is fearr as chuile cheann de na bpáirtí uilig. Ba mhaith liom Ó'Cuiv a choinneáil mar aire Gaeltachta- níl sé gan locht ach san am céanna, níl muinín agam i Dinny McGinley agus ní thagann duine eile i m'intinn atá i bpáirtí polaitíochta agus ag labhairt amach ar son na Gaeilge.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    na glasaigh.....

    smaointe maith - ach pairtí bunaithe air? i ndairíre, chonaic muid ní oibríonn sé mar ''wasters''' ar fad a bhí ann.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    na glasaigh.....

    smaointe maith - ach pairtí bunaithe air? i ndairíre, chonaic muid ní oibríonn sé mar ''wasters''' ar fad a bhí ann.

    'Sé an todhchaí - tá gach pairtí anois ag iarraidh na polasaithe a raibh acu. Tá daoine ag leanúint na Glasaigh faoi láthair - ní an bealach eile.



    Aontaím leat pog it- ach tá plean níos fearr agam - níl cead guthaíocht má tá radharc difriúil ná mé fhéin ag duine! :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Cliste wrote: »
    ach tá plean níos fearr agam - níl cead guthaíocht má tá radharc difriúil ná mé fhéin ag duine! :D


    Abair leat!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Nach deas an scéal é :(

    Brian Meaney (Comhairleoir áitiúil i gContae an Chláir) ag úsáid an Ghaeilge chun aird a tharraingt air féin agus é ag labhairt le TG4 agus gan focal Gaeilge aige. Tá cúrsaí eile ann atá i bhfad níos tábhachtaí ná an cheist faoi chostaisí a mbaineann leis an t-aistriúcháin ach tá mé ag ceapadh nach bhfuil sé in ann seasamh amach i measc na saineolaithe sna gcúrsaí sin mar sin tá air an Ghaeilge a phiocadh amach agus é féin a sheasamh amach mar gheall air. Mura bhfuil sé sin fíor, cén fáth nach bhfuil sé ag labhairt faoin HSE srl.

    Tá sé ag déanamh dochar d' íomhá leathan an Ghaeilge, samhlaigh air, tar éis an méid oibre atá déanta ag go leor leor daoine eile. Tá súil agam go mbeidh ráiteas ag teacht ó na Glasaigh gan mhoill agus go mbeidh díoma orthu.


Advertisement