Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Guthán póca/Téacs as Gaeilge

  • 19-08-2009 08:57AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    Tabhair faoi ndeara le bhur dtoil go bhfuil deacracht leis na gutháin reatha ó Sony Ericsson atá á dhíol sa tír seo. An fhadhb (b'fhéidir go gcreideann roinnt daoine nach fadhb í) atá ann ná nach féidir leat na gutaí ar fad a roghnú le síneadh fada nuair atá téacs á scríobh agat. Labhair mé le Sony Ericsson tar éis don comhlucht a dhíol an guthán diúltú plé leis an fhadhb - d'iarr siad orm an treoirleabhar a léamh agus muna mbeadh réiteach ansin labhairt le Sony Ericsson. Tuigeann Sony Ericsson go bhfuil an fhadhb ann agus b'fhéidir go gcuirfidh siad bogearra ar fáil chun an fhadhb a réiteach amach anseo. Má chuirtear brú orthu bheadh sé ina chabhair.

    Ní raibh an fhadhb seo leis na gutháin ó Sony Ericsson bliain ó shin.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Molaim duit Samsung a fháil - is iad an t-aon dream atá dáiríre faoi seirbhís cheart a thabhairt do lucht na Gaeilge.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1




  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    Sea. Ag an am céanna mar chustaiméir bhí sé réasúnta a chreidiúint go mbeadh an cumas sa ghuthán an gnó a dhéanamh agus ba cheart go mbeadh an soláthreoir sásta an fhadhb a réiteach gan aon chostas ar an té a cheannaigh an guthán. Go "teoiriciúil" tugann an guthán an rogha duit an teanga scríofa a athrú ach má roghnaíonn tú teanga ar leith, seachas béarla, níl an rogha iomlán carachtéirí ar fáil.


Advertisement