Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Teilifís Digiteach

  • 17-08-2009 12:46pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭

    Níl fhios agam an bhfuil teilifís nua digiteach ag aon duine, ach má tá, an bhfuil an treoir do chláracha (EPG) ag feidhmiú i gceart, ó thaobh na gaeilge de. Tá an téacs lochtach ar an ceann atá agamsa, sé sin níl an téacs i ngaeilge ag láimhseáil na sínte fada. B'fhéidir gur ar RTÉNL an locht?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Brón orm, níl mé in ann cabhair a thabhairt duit. An bhfuil a leithéid le fáil in Iarthar na tíre?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Feicfidh sibh ar chuid eile den suíomh seo an díospóireacht faoin tseirbhís dhigiteach, atá i bhfoirm tástálacha faoi láthair. Tá an comhartha ar fáil in áiteanna éagsúla timpeall na tíre má tá teilifís digiteach le bogearra MPEG4
    agat.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    craoltoir wrote: »

    Níl teilifís mar sin agam go fóill. Níl mé chun ceann a cheannach mura bhfuil mé cinnte go bhfuil seirbhís le fáil. Aon eolas agat faoi chomhartha in iarthuaisceart Mhaigh Eo? Bheadh iontas orm dá mbeadh seirbhís ann.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Tuigtear dom gur féidir an comhartha a fháil i dtuaisceart Mhaigh Eo, má fhaigheann tú an comhartha ó Shligeach. Deirtear liom sa bhfóram béarla ar an ábhar go mbraitheann sé ar an branda teilifíse atá agat cé acu a oibríonn na sínte fada ar an gClár (EPG).

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    craoltoir wrote: »
    Tuigtear dom gur féidir an comhartha a fháil i dtuaisceart Mhaigh Eo, má fhaigheann tú an comhartha ó Shligeach. Deirtear liom sa bhfóram béarla ar an ábhar go mbraitheann sé ar an branda teilifíse atá agat cé acu a oibríonn na sínte fada ar an gClár (EPG).

    Na sínte fada bochta - mar an gcéanna leis na gutháin póca níl aon chosaint dóibh sa tír seo in ainneoin gur dlúthchuid dár teanga iad. Céard iad na branda teilifíse atá ag feidhmiú mar ba chóir dóibh?

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 23,641 ✭✭✭✭Elmo

    Ta suil agam gur bhfuil an EPG ó One Vision (Fise Amhain?) i nGealige don clar gealige. Eise mé beigh Cula4 ag teach ar UPC (Chorus NTL) i cupla mi.

    Ta bron orm don mo gealige.

    Cur ceist ar RTE NL agus One Vision no an BCI.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    D'éirigh liom an fhadhb seo a réiteach aréir. Níor cheart go mbeadh deacracht ar bith má cheannaíonn tú teilifís nua mar go mbeidh na socruithe teicniúla cearta sa teilifís don tír seo. Ó tharla go bhfuair mise an teilifís go luath ní aithníonn sé na socruithe cearta dÉirinn agus is gá an tír a athrú go dtí An Fhrainc, áit a bhfuil an teicneolaíocht chéanna i bhfeidhm leis an tír seo.

    De réir na rialacha atá leagtha síos de réir dlí caithfidh aon teilifís dhigiteach a dhíoltar anseo a bheith in ann téacs sa dá theanga oifigiúil a láimhseáil

Advertisement