Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

an bhfuil aon duine eile ag fhoglaim gaelige?

  • 16-08-2009 7:30pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 10

    At dtus is maith liom an fada ach nil me ann e a lorg!!!ta bron orm. Thosaigh me ag cleachtadh mo gaeilge coicis o shin, nil ach rionnt gaeilge orm agus nil aon seans agam caint le aon duine eile. Mar sin bhionn se deacair a fhoghlaim e, an bhfuil aon duine eile san board seo le beag beag gaeilge!!!Bhi me ag leamh na postanna anseo agus bhionn na leibeal gaelge ar fheabhas!!aon duine eile anseo le rionnt gaeilge! or an bhfuil fhois ag einne an bhfuil bord easca in aon ait (He he i mo thuaraim phearsanta bhionn eagla orm bhionn me ag deanamh focloir nua agam. ta bron orn. tugann seans orm le do thoil. Aon cairde anseo ag foghlaim gaeilge???):D

Comments

  • Closed Accounts Posts: 10 herbrobert

    Go raibh maith agat le sin. dfhoghlaim me gaeilge ar scoil cupla blian o shin. Ach ni maith liom e ar cur ar bith. i ndaire i mo thuairim ni naire an muinteoir e comh maith le sin. thog an muinteoir liosta fada orm gacccccch la. chuir me bhi no ta ar dtus an focail. cheap me ag an am go bhfuil an teanga ufasach agus leadrunach. Nuair a thosaim ag foghlaim e bainaim taitneamh as!!!taim ag deanaim obair ar gach la agus ta ionadh orm fein mar is cuimhin liom a lan rud!!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Fáilte romhat go dtí tigh seo na nGealt. Ná bíodh brón ort, Ná bíodh eagla ort. Táimid go léir ag foghlaim anseo, Scríobh leat. Geobhaidh tú cúnamh anseo.

    Welcome to this crazy house. Don't be sorry. Don't be afraid. We're all learning here. Write away. You'll get help here.

    Scríobh FRC nó Fáilte roimh cheartúcháin ag bun do phoist má theastaíonn ceartúcháin uait.

    Foclóirí ar líne:

    http://www.irishdictionary.ie/dictionary

    http://www.focal.ie/Home.aspx

    http://www.csis.ul.ie/focloir/

    Tá na haimsirí de gach bhriathar san fhoclóir deireannach. Cuir isteach an bun-bhriathar agus bíodh leat.

    The tenses of all the verbs are in the last dictionary. Just put in the basic verb and there you go.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    A herbrobert - fáilte go dtí an fóram. Bain triail as m'fhoclóir féin. Cuirim a lán de na rudaí a fheicim anseo ann.

    A Choncubhair - is duine speisialta thú gan aon dabht, ag freagairt as Béarla mar is gnáth. Céard go díreach atá mícheart leat, an ndearna tú dearmad do phiollairí a thógáil arís?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 342 ✭✭SuperDude87

    Míshásta wrote: »
    Fáilte romhat go dtí tigh seo na nGealt. Ná bíodh brón ort, Ná bíodh eagla ort. Táimid go léir ag foghlaim anseo, Scríobh leat. Geobhaidh tú cúnamh anseo.

    Welcome to this crazy house. Don't be sorry. Don't be afraid. We're all learning here. Write away. You'll get help here.

    Scríobh FRC nó Fáilte roimh cheartúcháin ag bun do phoist má theastaíonn ceartúcháin uait.

    Foclóirí ar líne:

    http://www.irishdictionary.ie/dictionary

    http://www.focal.ie/Home.aspx

    http://www.csis.ul.ie/focloir/

    Tá na haimsirí de gach bhriathar san fhoclóir deireannach. Cuir isteach an bun-bhriathar agus bíodh leat.

    The tenses of all the verbs are in the last dictionary. Just put in the basic verb and there you go.

    Go raibh mile mait agat! Ta siad an mhaith

    Ta eagla orm ta me i na gconai i Fhrainc ach ni caint me as gaeilge! Ta sé an decair ach beidh me ag foghlaim.

    Ta bronn orm!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Poll Dubh wrote: »
    A herbrobert - fáilte go dtí an fóram. Bain triail as m'fhoclóir féin. Cuirim a lán de na rudaí a fheicim anseo ann.

    A Choncubhair - is duine speisialta thú gan aon dabht, ag freagairt as Béarla mar is gnáth. Céard go díreach atá mícheart leat, an ndearna tú dearmad do phiollairí a thógáil arís?

    A Phoill, tuigim duit, tá ceart agat ar bhealach- tá neart Gaeilge ag Conchubhar ach í a úsáid- b'fhéidir go ndéanann sé dearmad ó am go ham- ach ná bí chomh crua sin air.. nach féidir leat teachtaire príobháideach a scríobh chuige agus do smaointe a leagan síos? Ar a laghad tá sé ag staidéir Gaeilge agus tá suim aige ann.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10 herbrobert

    go raibh maith agat gach duine. bhionn na moladh iarradh (recomendations?) tharr barr agus fiu feachaint ar. Failte pog. Bhionn me in eineacht leat!!!!!ta me ag foghlaim freisin. Cen fath a bhfuil tu ag foghlaim gaeilge? An beidh scrudu a deanamh Leat?Bhionn se deacair bhionn se crua a faigh ait a abalta a usaid gaeilde go cinnte. bhionn an caidgean (standard) gaeilge ag na daoine go iontach. bhionn se deacair mar bhi uaighneach orm ar dtus chuir me stuaic ar olc na daoine eile anseo ach bhionn siad feabhas agus tagaim compordach orm piosa beag gach la. bhionn se sli iontach a foghlaim gaeilge agus a cleachtadh e go hairithe. bainaim a lan taitneamh as:)Scriobh domsa!!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    herbrobert wrote: »

    Herbrobert: Chomh fada agus is féidir (déanann muid uilig botúin nuair atá muid ag aistriú ó Bhéarla go Ghaeilge) scríobh an rud agus bí ag cleachtadh an rud atá feicthe agat cheana- mar shampla sa leabhar mar 'Learning Irish'. Tá an ceann siúd scríofa le Micheáil Ó Siadhail agus molaim é d'éinne atá roinnt Gaeilge acu.

    Chomh maith leis sin tá cúrsa Gaeilge ar fáil ar 'Ranganna.com'!

    Níl aon scrúdú breise le déanamh agam buíochas le Dia! Just is brea liom an Ghaeilge agus tá súil agam a bheith measartha líofa i gceann bliain go leith nó mar sin! Tá mé ag foghlaim liom fhéin le cheithre mhí anuas. Ar aon chuma is caitheamh aimsire iontach í.

    Ádh mór!

  • Closed Accounts Posts: 24 azzurri

    Dia daoibh

    Ceapaim go bhfuil mó leibhéíl Gaeilge cosúil le herbrobert. Rinne me and Ardteist cúpla bliain ó shin agus anois ba mhaith liom obair a dhéanamh chun an teanga seo a feabhsú liom. Faoi dheireadh beidh mé líofa i nGaeilge....go dóchasach!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    herbrobert wrote: »
    At dtus is maith liom an fada ach nil me ann e a lorg!!!

    Brúigh ar an 'Alt Gr' cnap ag an am céanna leis an nguta. Tá 'Alt Gr' in aice leis an spásbharra.

    Muna bhfuil 'ú' agus 'í' agat cliceáil ar 'User CP' thuas agus ansin roghnaigh 'Edit Options' agus téigh go dtí bun an leathanaigh agus athraigh "Standard Editing....." go "Enhanced Editing".

    Dia daoibh

    Ceapaim go bhfuil mó leibhéíl Gaeilge cosúil le herbrobert. Rinne me and Ardteist cúpla bliain ó shin agus anois ba mhaith liom obair a dhéanamh chun an teanga seo a feabhsú liom. Faoi dheireadh beidh mé líofa i nGaeilge....go dóchasach!!

    Fáilte go dtí an fóram Azzurri
    A Phoill, tuigim duit, tá ceart agat ar bhealach- tá neart Gaeilge ag Conchubhar ach í a úsáid- b'fhéidir go ndéanann sé dearmad ó am go ham- ach ná bí chomh crua sin air.. nach féidir leat teachtaire príobháideach a scríobh chuige agus do smaointe a leagan síos? Ar a laghad tá sé ag staidéir Gaeilge agus tá suim aige ann.

    Tá tú ró chineálta dó! Tá a fhios agam nach duine mailíseach é ach bhí mé ar buile nuair a chonaic mé foghlaimeoir nua anseo ag déanamh a chéad phostáil as Gaeilge agus mo dhuine Conchubhar1 á fhreagairt i mBéarla.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,303 ✭✭✭Boxfresh

    Rugadh me sa ghaeltacht i dun na ngall ach níl mo chuid gaelaige chomh maith as ba choir do a bheith. Ní loirinn(?don't speak) me gaelaige am ar bith anois. Bíonn me ag caint le daoine o beal feirste agus silim go bhfuil gaelige níos fearr acú sin na me féin. Tá se deas rud mar seo a fheiceall. Níl an gaelaige marú go foill.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Bíonn muid ar fad i gcónaí ag foghlaim Gaeilge. Ní stopann an próiseas foghlama!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Chríochnaigh mé an Ardteist an Meitheamh seo chaite, agus fuaireas grád A1 san árdleibhéil (deireann sé sin rud éigin faoi chaighdéan árd mo Ghaeilge nó laghdú mór i gcaighdéan na scrúdaithe, nílim cinnte).

    Tosóidh me ag freastal ar Ollscoil Chorcaí go luath, ag staidéar eolaíocht matamaitice. Mar sin ní gá an Ghaeilge a úsáid arís riamh i mo shaol, ach b'fhuath liom í a chailleadh. Tá súil agam go ndéanfidh mé fheabhas ar mo chuid Ghaeilge fós. Ba bhreá liom a bheith líofa go hiomlán. Cén chaoi a bhfuil na daoine eile anseo ag foghlaim an teanga, mar ní dóigh liom go bhfuil sibh go léir fós ar scoil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Cuma cén teanga atá agat, fiú do theanga féin, is gá í a chleachtadh go leanúnach nó caillfidh tú í (nó ar a laghad tiocfaidh meirg uirthi). Má tá spéis agat sa ghaeilge faigh amach faoi na deiseanna áitiúla atá ann an teanga a chleachtadh. Cabhróidh cumann gaelach na hOllscoile leat.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Chríochnaigh mé an Ardteist an Meitheamh seo chaite, agus fuaireas grád A1 san árdleibhéil (deireann sé sin rud éigin faoi chaighdéan árd mo Ghaeilge nó laghdú mór i gcaighdéan na scrúdaithe, nílim cinnte).

    Tosóidh me ag freastal ar Ollscoil Chorcaí go luath, ag staidéar eolaíocht matamaitice. Mar sin ní gá an Ghaeilge a úsáid arís riamh i mo shaol, ach b'fhuath liom í a chailleadh. Tá súil agam go ndéanfidh mé fheabhas ar mo chuid Ghaeilge fós. Ba bhreá liom a bheith líofa go hiomlán. Cén chaoi a bhfuil na daoine eile anseo ag foghlaim an teanga, mar ní dóigh liom go bhfuil sibh go léir fós ar scoil.

    Bím i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Ba bhreá liom go mbeadh caighdeán Gaeilge agam ar chomhchéim le mo chaighdeán Béarla ionas go mbeinn in ann déileáil le daoine trí mheán na Gaeilge agus mé ag obair. Bím i gcónaí ag breathnú suas focail theicniúla ar focal.ie agus ag breathnú ar chláir Gaeilge ar an dteilifís nó ag léamh ailt nó leabhair a bhfuil ábhartha do mo ghairm.

    Ní dóigh liom go bhfuil mórán eolaithe matamaitice le fáil atá in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. B'fhéidir nach bhfuil mórán éilimh ar a leithéid ach thabharfadh sé buntáiste iomaíoch duit ar a laghad.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,724 ✭✭✭BoozyBabe

    Dia daoibh!

    Mo scéal: Ar an drochuair, nil moran Gaeilge agam. Cupla bhliain fado, ni raibh aon Gaeilge agam ar chor ar bith, ach ba mhaith liom a bheith i mo muinteoir bunscoile.
    Mar sin, thosaigh me ag fhoghlaim an teanga aris. Sa samhradh '08, rinne me an ardteist aris, 11 bhliain o rinne me e an chead uair. Ar aon nos, fuair me B2 sa scrudu, agus anoise, ta me ag staidear an iarcheim le Colaiste hibernia.
    Ach, nil me sasta. Nil mo chuid gaeilge laidir ar chor ar bith. Nil aon muinin agam e a labhairt, agus ta bron agam faoi sin.
    Ta cleachtadh muinteoireachta agam aris i gcupla seachtaine agus ta me buartha mar nil me abalta na ranganna Gaeilge ar fad a mhuineadh tri gaeilge. Nil mo caighdean gaeilge maith go leor.
    Beidh me ag dul go gaelscoil aitiuil an seachtaine seo chugainn chun obair dheonach a dheanamh, agus ta suil agam go mbeidh deis maith e chun mo chuid gaeilge a fheabhsu.

    Ceart go leor. Sin mo sceal.
    Ba mhaith liom sean a labhairt libh ar an foraim seo go rialta.
    Slan go foill.
    BB

  • Closed Accounts Posts: 10 herbrobert

    Failte romhat! Ar dtus ba mhaith liom a ra bhi me ag obair i bhunscoile an bhliain seo chaite agus bhi me ag imni gach la nil go leor gaeilge agam. Cad a rinne me. Is muinteoir mise ach rinne me mo cheim thar lear deich bhliain o shin. Ba mhaith liom post seasta a fhail ach beidh orm scrudu gaeilge a deanamh. Bhi me ag caint cupla am nuair a bhi an cigire isteach sa scoil. Agus moladh an cigre mo irrachti gaeilge a fhoglaim agus a caint.Leamh me turascail cupla mhi o shin ag caint faoi muinteoira agus an leibheal gaeilge ata oraibh. Duirt se bhi a lan muinteoira sa buncoileanna la fabhanna gaeilde. Bhionn me ag dearcadh agus ag eisteacht co curamach nuair a bhionn an muinteoiri ag caint faoi gaeilge. Duirt cupla daoine bhi imni oraibh mar bhi siad ag muineadh resource,learning support no naoinin agus nil seans agat a gaeilge a usaid. Is fabh mor i mo thuairim phearsanta. Ta me cosuil le tusa ta fabdh agam ag irraidh duine abhuil me in ann caint agus cleachtadh mo gaeilge. Ta se an dheacair!!!:)Gabh mo leisceail lena botuin agus mo litriu

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,724 ✭✭✭BoozyBabe

    Hi herbrobert,

    Ta se deas bualadh leat!

Advertisement