Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

D'ainm a 'chlárú' le comhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha

  • 11-08-2009 2:10pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭


    Agus mé ag léamh na ceisteanna coitianta ar shuíomh Idirlín an Choimisinéara Teanga, chonaic mé an ráiteas seo a leanas:
    Má tá tú cláraithe le comhlacht poiblí le cumarsáid a fháil uaidh i nGaeilge, tá dualgas ar an gcomhlacht poiblí sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla cumarsáid a dhéanamh leat i nGaeilge. Tá an gealltanas reachtúil seo ann is cuma cé acu ar thionscain tusa nó an comhlacht poiblí an comhfhreagras ós rud é go bhfuil tusa cláraithe leis an gcomhlacht poiblí do chomhfhreagras i nGaeilge.

    ... is féidir leat clárú le comhlacht poiblí le cumarsáid a fháil uaidh i nGaeilge má tá scéim teanga daingnithe ag an gcomhlacht poiblí agus má tá gealltanais tugtha sa scéim teanga maidir le comhfhreagras a dhéanamh i nGaeilge le daoine atá cláraithe lena aghaidh sin leis an gcomhlacht poiblí.

    Nach córas an-simplí é seo do chomhlachtaí poiblí iad féin a chosaint ó ghearáin?

    Cad é bhur dtaithí leis seo? Cé hiad na comhlachtaí poiblí is fearr ó thaobh na Gaeilge de?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Agus mé ag léamh na ceisteanna coitianta ar shuíomh Idirlín an Choimisinéara Teanga, chonaic mé an ráiteas seo a leanas:



    Nach córas an-simplí é seo do chomhlachtaí poiblí iad féin a chosaint ó ghearáin?

    Cad é bhur dtaithí leis seo? Cé hiad na comhlachtaí poiblí is fearr ó thaobh na Gaeilge de?

    Ní dóigh liom go bhfuil sé chomh simplí sin ar chor ar bith - caithfidh tú a fháil amach an bhfuil scéim aontaithe ag an gcomhlacht poiblí leis an gcoimisinéir teanga, ansin caithfidh tú é an scéim a léamh chun a fháil amach an bhfuil an tseirbhís seo le fáil. Ansin caithfidh tú ríomhphost nó litir leithleach a sheoladh chuig gach comhlacht phoiblí chun clárú.

    Tá an seirbhís le fáil ón Roinn Comhshaoil anois ach níl mé cinnte faoi na comhlachtaí phoiblí eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Poll Dubh wrote: »
    caithfidh tú a fháil amach an bhfuil scéim aontaithe ag an gcomhlacht poiblí leis an gcoimisinéir teanga, ansin caithfidh tú é an scéim a léamh chun a fháil amach an bhfuil an tseirbhís seo le fáil. Ansin caithfidh tú ríomhphost nó litir leithleach a sheoladh chuig gach comhlacht phoiblí chun clárú.

    Tá an seirbhís le fáil ón Roinn Comhshaoil anois ach níl mé cinnte faoi na comhlachtaí phoiblí eile.

    B'fhéidir dá gcuirfeadh baill an fhóraim seo liosta le chéile, go ngearrfadh sé sin cuid den mhaorlathas.

    An bhfuil eolas ag aon duine eile faoi chomhlachtaí poiblí eile ar féidir d'ainm a chlárú leo?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    B'fhéidir dá gcuirfeadh baill an fhóraim seo liosta le chéile, go ngearrfadh sé sin cuid den mhaorlathas.

    An bhfuil eolas ag aon duine eile faoi chomhlachtaí poiblí eile ar féidir d'ainm a chlárú leo?

    Smaoineamh maith - cuirfidh mé leis an snáithe seo gach uair a fhaighim amach go bhfuil an tseirbhís seo le fáil ó chomhlacht phoiblí.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Cad é mar a chláraigh tú d'ainm leis an Roinn Comhshaoil? Chuirfeadh an cineál eolais sin leis an liosta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cad é mar a chláraigh tú d'ainm leis an Roinn Comhshaoil? Chuirfeadh an cineál eolais sin leis an liosta.

    Níor chláraigh mé go fóill - cé go bhfuil sé leagtha amach sa scéim nua acu (foráil 3.2.4) níl aon treoir tugtha maidir le cén chaoi is féidir le duine clárú ar an liosta seo. Ag breathnú ar an scéim anois feicim nach bhfuil daoine aonaracha i gceist acu ach eagraíochtaí!

    Tá mé chun ríomhphost a sheoladh chuig an 'Oifigeach um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí' ag qcsofficer@environ.ie ar aon chaoi chun triail a bhaint as.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Más mian le haon duine dul i dteagmháil le hOifigeach Gaeilge in aon cheann de na comhairlí contae nó cathrach, cabhróidh an liosta seo libh! Ar fáil i bhfoirm pdf ag an áit seo.

    Comhairle Contae na Gaillimhe
    Páid Ó Neachtain
    Oifigeach Gaeilge
    poneachtain@galwaycoco.ie
    Fón: (091) 509325

    Comhairle Contae Átha Cliath Theas
    Aoileann Nic Dhonnacha
    Oifigeach Gaeilge
    anicdhonnacha@sdublincocoie
    Fón: 01-4149289
    086-8228916

    Comhairle Chathair na Gaillimhe
    Máire Ní Mhulláin
    Oifigeach Gaeilge
    maire.nimhullain@galwaycity.ie
    Fón: (091) 536445

    Comhairle Chathair Chorcaí
    Chris Dorgan
    Oifigeach Gaeilge
    chris_dorgan@corkcity.ie
    Fón: (021) 4966222

    Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
    Ms. Orla McMorrow/Ms Margaret Clerkin
    Oifigeach Gaeilge
    gaeilge@dublincity.ie
    Fón: (01) 2223973 /3964

    Comhairle Contae Ros Comáin
    Donal MacAodha
    Oifigeach Gaeilge
    dmacaodha@roscommoncoco.ie
    Fón: (0906) 637259

    Comhairle Contae Chiarraí
    Roibeard Ó hEartáin
    Acting Oifigeach Gaeilge
    r.oheartain@kerrycoco.ie
    gaeilge@kerrycoco.ie
    Fón: (066) 7183532

    Comhairle Contae Phort Láirge
    Máire Seosaimhín Breathnach
    Oifigeach Gaeilge
    msbreathnach@waterfordcoco.ie
    Fón: (058) 20884

    Comhairle Contae Chorcaí
    Órla Ní Ghlíosáin
    Oifigeach Gaeilge
    orla.nighliosain@corkcoco.ie
    Fón: (021) 428 5397

    Comhairle Contae Dhún na nGall
    Seán Ó Dáimhín
    Oifigeach Gaeilge
    sdaimhin@donegalcoco.ie
    Fón: (074) 9172496

    Comhairle Contae an Chláir
    Emer Ní Fhlaitheartaigh
    Oifigeach Gaeilge
    eoflaherty@clarecoco.ie
    Fón: (065) 684 6512

    Comhairle Contae Ceatharlach
    Michael Brennan
    Senior Executive Officer
    mbrennan@carlowcoco.ie
    Fón: (059)9170300 Ext: 345

    Comhairle Contae Cabhán
    Charlie O'Donoghue & Angela Reilly
    Senior Executive Officer & Admin Officer/Training Officer
    codonoghue@cavancoco.ie
    Fón: (049)4378657

    Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin
    Máirín MacGóráin
    Head of Corporate Services
    mmacgorain@dlrcoco.ie
    Fón: 2047904

    Comhairle Contae Fhine Gall
    Anna Ní Thuama
    Oifigeach Gaeilge
    Anna.NiThuama@fingalcoco.ie
    Fón: 8906249

    Comhairle Contae Cill Dara
    Pat Lonergan
    Oifigeach Gaeilge
    plonergan@kildarecoco.ie
    Fón: (059)8631144

    Comhairle Contae Cill Chainnigh
    Anne Delaney
    Training Officer/Senior Staff Officer, Corporate Affairs
    anne.delaney@kilkennycoco.ie
    Fón: (056) 7794156

    Comhairle Contae Laois
    Máirín Scully
    Branch Librarian (Timahoe)
    mscully@laoiscoco.ie
    Fón: (057) 8664000

    Comhairle Contae Liotriom
    Gerry Doyle
    Administrative Officer
    gdoyle@leitrimcoco.ie
    Fón: (071) 9650421

    Comhairle Contae Luimneach
    Eugene Griffin
    Administrative Officer
    egriffin@limerickcoco.ie
    Fón: (061) 496487

    Comhairle Contae an Longfort
    Mary Morrissey
    Adminstrative Officer
    mmorrissey@longfordcoco.ie
    Fón: (043) 43304

    Comhairle Contae Lú
    Joe McGuinness
    Director of Corporate Affairs
    jmcguinness@louthcoco.ie
    Fón: (042) 9324202

    Comhairle Contae Maigh Eo
    Oonagh Kelleher
    Oifigeach Gaeilge
    okelleher@mayococo.ie
    Fón: (094) 9047541

    Comhairle Contae an Mhí
    Mary Maguire
    Administrative Officer
    mmaguire@meathcoco.ie
    Fón: (046) 9097016

    Comhairle Contae Sligeach
    Bartley Gavin
    Senior Executive Engineer
    bgavin@sligococo.ie
    Fón: (071) 9111030

    Comhairle Contae Tiobraid Árann Theas
    John O'Mahoney
    Senior Executive Officer
    John.omahoney@southtippcoco.ie
    Fón: (052) 34455

    Comhairle Contae Tiobraid Árann Thuaidh
    Rosemarie Joyce
    Senior Executive Officer
    rjoyce@northtippcoco.ie
    Fon: (067) 44563

    Comhairle Contae an Larmhí
    Roibeard O'Ceallaigh
    Senior Executive Officer
    roibeard.oceallaigh@westmeathcoco.ie
    Fón: (044) 9342234

    Comhairle Contae Loch Garman
    Siobhan O Treasaigh
    Oifigeach Gaeilge
    siobhan.o'treasaigh@wexfordboroughcouncil.ie
    Fón: (053) 9176914

    Comhairle Contae Cill Mhantáin
    Mary de Courcy
    IT Section
    mdecourcy@wicklowcoco.ie
    Fón: (0404) 20211

    Comhairle Chathair Luimneach
    Norah O'Connor
    Staff Officer
    noconnor@limerickcity.ie
    Fón: (061) 407145

    Comhairle Chathair Port Láirge
    Vincent O'Shea
    Rapid Co-ordinator
    voshea@waterfordcity.ie
    Fón: (051) 849990

    Comhairle Contae Muineachán
    Paul Clarke
    Oifigeach Gaeilge
    pclarke@monaghancoco.ie
    Fón: (047) 30598

    Comhairle Contae Uíbh Fhailí
    Ray Carroll
    CEO Corporate Services
    rcarroll@offalycoco.ie
    Fón: (05793)46898


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Tá córas nua á chur i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le comhfhreagras i nGaeilge mar gheall ar ghearán a rinne mé leis an gCoimisinéir Teanga cúpla seachtain ó shin.

    Mar a shonraigh na Coimisinéirí Ioncaim i litir a chuir siad chuig Oifig an Choimisinéara Teanga:
    Tá sé socraithe againn freisin go gcuirfear ‘marcóir’ Gaeilge le taifead cánach an chustaiméara. As seo amach, is i nGaeilge a eiseófar aon chomhfhreagras a chuirfear chuige.

    Mar sin, más mian libh comhfhreagras a fháil i nGaeilge ó na Coimisinéirí Ioncaim feasta, cuir nóta chucu ag míniú go bhfuil a leithéid uaibh :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá córas nua á chur i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le comhfhreagras i nGaeilge mar gheall ar ghearán a rinne mé leis an gCoimisinéir Teanga cúpla seachtain ó shin.

    Mar a shonraigh na Coimisinéirí Ioncaim i litir a chuir siad chuig Oifig an Choimisinéara Teanga:


    Mar sin, más mian libh comhfhreagras a fháil i nGaeilge ó na Coimisinéirí Ioncaim feasta, cuir nóta chucu ag míniú go bhfuil a leithéid uaibh :)

    Maith thú a Mhicilín


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá mé tar éis go leor gearán a dhéanamh le cuid mhaith comhlachtaí poiblí cheana féin le blianta beaga anuas, faoi lochtanna na seirbhísí Gaeilge a chuireann siad ar fáil, ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Tuigeann siad go maith faoin am seo go mbíonn teagmháil i nGaeilge ag teastáil uaim! :D

    istockphoto_2760314_angry_phone_call.jpg

    Déanaim trí ríomhphost é de ghnáth, ach tuigim sibh céard atá i gceist agam, tá mé cinnte. :)


Advertisement