Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Poblacht na Slóvaice ag cur srian ar theangacha eile seachas an tSlóvaicis

  • 28-07-2009 2:42pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭


    Tá mé tar éis ríomhphost a fháil a chuir in iúl dom go bhfuil achainí ann a chuireann i gcoinne chinneadh an rialtais i bPoblacht na Slóvaice srian a chur ar theangacha eile seachas an tSlóvaicis.

    Is féidir fíneáil idir EUR 100 go 5000 a chur ar dhaoine agus ar chomhlachtaí, agus suas go EUR 165,000 i gcás na meán cumarsáide.

    An bhfuil a thuilleadh eolais ag aon duine faoi seo?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=2703

    Is deacair a chreidiúint sa lá atá inniu ann, san AE, go bhfuil a leithéid ag tarlú!
    Ní chreidim go bhféadaidís leanúint ar aghaidh leis seo, tá sé go hiomlán in aghaidh an dlí agus cearta an duine!

    Amadáin na Slóvaice!



  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Go raibh maith agat as muid a chur ar an eolas, a Mhicilín.

    Nach mór an trua é nár fhoghlaim siad caoinfhulaingt óna stair uafásach féin faoi na Cumannaigh agus faoi Impireacht na hOstaire. Chonaic mé seanfhocal áit éigin a deir "Is iad sclábhaithe na haimsire caite a bheidh mar impiriúlaithe na todhchaí."


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    slovaice a labhairt i gcónaí san slovac?

    ceard atá ag tarlú - craicealte!


    sé seo ceart i mo thuaraim......


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Nach bhfuil An tSlóvaic ina ball den Aontas Eorpach? Nuair a dtugann na grúpaí mionlacha atá ina gcónaí ann an rud seo faoi bráid na cúirteanna ní bheidh seans ag an tSlóvaic leanacht ar aghaidh leis an dlí seo !

    Tá sé dochreidthe! Níor shamhlaigh mé gur féidir le aon tír cleas mar seo a chuir mar dlí sa lá atá inniu ann. Ach an bhfuil fhios acu céard atá á déanamh acu- b'fhéidir go rithfidh sé leo?
    Beidh sé an suimiúil ar fad a fheiceáil céard a thiteanns amach amach anseo.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    pog it wrote: »
    Nach bhfuil An tSlóvaic ina ball den Aontas Eorpach? Nuair a dtugann na grúpaí mionlacha atá ina gcónaí ann an rud seo faoi bráid na cúirteanna ní bheidh seans ag an tSlóvaic leanacht ar aghaidh leis an dlí seo !

    B'shin a cheap mé féin. Déarfainn nach ligfeadh an tAontas Eorpach dóibh an dlí seo a chur i bhfeidhm.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    sin cad atá ar teastal sna gaeltachtaí


Advertisement