Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Turas eile!

  • 30-06-2009 10:35am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭


    Dia dhaoibh,

    buíochas le mo thuismitheoirí agus m´aintín tiocfaidh mé chuig an Éirinn uair eile, idir an 31ú Iúil agus an 7ú Lúnasa. Tar éis dom teacht as an nGearmáin fanfaidh mé lá amháin i mBaile Átha Cliath. Ansin, rachaidh mé chuig Trá Lí. Beidh Spraoi Chiarraí ar siúl ag an 1ú Lúnasa i gCill Áirne. Bíonn nasc traenach maith ar fáil idir Trá Lí agus Cill Áirne mar a chonaic mé ar "irishrail.ie". Thairis sin, chuaigh mé i dteagmháil le Conradh na Gaeilge Thrá Lí agus leis an oifig turasóireachta de réir na Gaeilge. Ansin, taistealóidh mé chuig an nGaillimh. Mar is clár dualgais dom í an Ghaillimh nuair atá mé san Éirinn. Roimh filleadh ar ais sa bhaile beidh mé i mBaile Átha Cliath ar feadh lae toisc go n-imeoidh an t-eitleán ar 9.20 ar mhaidin.
    B´fhéidir go tabhairfidh mé cuairt ar an nDaingean.

    Go hiondúil, taistealaím mar ghnáth-chainteoir Gaeilge timpeall na tíre chun an Ghaeilge a bhaint as na daoine. Mar sin taispeáintear cén chuma Gaeilge atá ag an duine os comhair duit go réasúnta.

    Slán go fóill, Alex


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Bain sult as do chuairt ar an oileán glas, Alex.

    Ta súil agam go mbeidh an aimsir réasúnta maith le linn do thaisteal.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Dia dhaoibh,

    buíochas le mo thuismitheoirí agus m´aintín tiocfaidh mé chuig an Éirinn uair eile, idir an 31ú Iúil agus an 7ú Lúnasa. Tar éis dom teacht as an nGearmáin fanfaidh mé lá amháin i mBaile Átha Cliath. Ansin, rachaidh mé chuig Trá Lí. Beidh Spraoi Chiarraí ar siúl ag an 1ú Lúnasa i gCill Áirne. Bíonn nasc traenach maith ar fáil idir Trá Lí agus Cill Áirne mar a chonaic mé ar "irishrail.ie". Thairis sin, chuaigh mé i dteagmháil le Conradh na Gaeilge Thrá Lí agus leis an oifig turasóireachta de réir na Gaeilge. Ansin, taistealóidh mé chuig an nGaillimh. Mar is clár dualgais dom í an Ghaillimh nuair atá mé san Éirinn. Roimh filleadh ar ais sa bhaile beidh mé i mBaile Átha Cliath ar feadh lae toisc go n-imeoidh an t-eitleán ar 9.20 ar mhaidin.
    B´fhéidir go tabhairfidh mé cuairt ar an nDaingean.

    Go hiondúil, taistealaím mar ghnáth-chainteoir Gaeilge timpeall na tíre chun an Ghaeilge a bhaint as na daoine. Mar sin taispeáintear cén chuma Gaeilge atá ag an duine os comhair duit go réasúnta.

    Slán go fóill, Alex

    Hi Alex! An bhfuil tu in ann tiomáint? Má tá, tá carranna le fáil ar cios i bhfad nios saoire ná a bhi bliain ó shin. Is fiu smaoineamh air, tá an tuath go hálainn.

    Bain sult as do thuras ar aon nós! :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Mise arís,

    tá mé tar éis déanamh turas eile timpeall na hÉireann agus mise ag baint triail as mo chuid Gaeilge i gach aon áit.

    Tar éis dom sroicheadh an aerphóirt Bhaile Átha Cliath, chuaigh mé amach chun bus go dtí lár na cathrach a thógáil. Anois, bhí mé i mo sheasamh os comhair meaisíne ticéid. Léamh mé de Thicéad Rambler aon lá agus níos faide. Ní raibh fúm ach go dtí lár na cathrach a dhul. Mar sin, chuir mé ceist ar fhear na foirne in aice liom as Gaeilge. Agus fuair mé freagra as Gaeilge uaidh!
    San oíche, bhí mé ag Club Chonradh na Gaeilge. Agus bhí daoine óga faoi láthair ar labhair chomh scioptha is a bhí orm éisteacht go cúramach leo chun a ghlacadh cad a dúirt siad. Ach mar sin féin chuala mé tionchar trom as an mBéarla ag cuid acu, uaireanta le fuaimniú gránna.
    An lá seo chugainn, bhí fúm chuig Trá Lí a dhul. Ach chaill mé an traein ar chur mé in áirithe. Bhí an traein tar éis imeacht nuair a bhain mé Stáisiún Heuston amach. Roimh, bhí an Luas tar éis imeacht toisc gur bhí mé ag tóradh do stad Luas níos faide ná ar mheas mé.
    Ag an deireadh seachtaine, d´fhan mé ag daoine Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí a tógadh sa Gaeltacht. Is dianchomhrá a bhí againn. San oíche, chuaigh muid chuig imeacht i nGaeltacht Chorcaí go dtí Cúil Aodha agus teach tábhairne i mBaile Bhúirne. D´éist mé go cúramach le caint mhuintir na háite. Is ag magadh a bhí mé beágáínín. Dúirt mé gur chóir dóibh fógra a thógáil "Cosc ar Bhéarla". Cad a thug mé faoi déara ná go bhfuil Gaeilge ag beagnach gach aon dhuine. Fiú amháin, chas mé ar bhean Mheiriceánach agus ar bhean ó lasmuigh den Ghaeltacht agus Gaeilge a bheith acu.
    Ach tá sé ar dhrochnós ag neart daoine as Béarla a labhairt le a chéile go minic. Thug mé faoi déara freisin meascán idir an dá theanga. Léan mé orm a chaint as Gaeilge amháin gan aon Bhéarlachas agus fuair mé Gaeilge chomh maith. Mar sin féin, ní raibh mé sásta aon chomhrá níos faide as Béarla a dhéanamh nuair a thug mé faoi déara go bhfuil Gaeilge ag beagnach gach aon dhuine. Is annamh a chuala mé an abairt "Níl mórán Gaeilge agam.". Dúirt mé leo gur chóir dóibh aire a thabhairt ar a dteanga. D´fhreagair siad nach mbeadh an mí-cheart agam agus gur droch-nós é de réir caint as Béarla agus meascáin idir an dá teanga. B´fhéidir gur fiú go dtaispéaineann strainséirí na droch-nósanna sin toisc nach dtugann muintir na háite faoi déara iad go minic sa saol gach lae. Ar ndóigh, ní iompar ardnósach mar gheall ar sin atá i gceist agam!
    Dé Domhnaigh, chuaigh mé ag an aifreann i gCúil Aodha. Bhí mé sásta a fheiceáil go raibh na tuismitheoirí ar éist mé leo ag caint as Gaeilge lena leanaí. Dúirt bean liom go gcuireann amú neart daoine acu fógraí as Béarla nuair a fheiceann siad iad. Dar liom, is fiú baghcat a dhéanamh ar áiseanna sa Ghaeltacht nach bhfuil an Ghaeilge tuigthe ag aon dhuine na foirne iontu.
    Ansin, chuaigh mé go dtí cathair na Gaillimhe. Bhí Club Áras na nGaeil dúnta cé go dúirt bean i mbun go bhfuil sé ar oscailt. Bhí díomhá an domhain orm. Mar sin, chonaic mé cé mhéad daoine a bhfuil istigh ag Tigh Chóilí. Ach bhí sé ró-phlódaithe ansin. Mar sin, rinne mé cinntiú a dhul isteach chuig an dteach tábhairne trasna na sráide. Shuigh mé síos ag an gcuntar agus d´ordaigh mé deoch. Bhí mé tuigthe ag an bhfear ar chúl an chuntair. Go brónach bhí sé an-ghnóthach agus níor éirigh liom comhrá sáchfhada a dhéanamh leis. Bhain mé triail as mo chuid Gaeilge le daoine eile na foirne ach ní raibh comhrá as Gaeilge acu.
    An chéad lá eile, thug mé cuairt ag Tigh Chóilí, an teach tábhairne le Gaeilge ar fheabhas ag go leor daoine na foirne. Ba chuimhin le fear amháin acu orm. Uaireanta, thaispeáin sé dom daoine le Gaeilge. Fiú amháin, amanna, labhair sé chomh scioptha is gur iarr mé air níos maille a labhairt agus mise ag rá:"Is dea-chomhartha é gur iarr mé ort níos mall a labhairt toisc go dtaispeáineann sé dom d´an-chumas na Gaeilge."
    Ag Áras na nGaeil, bhuail mé le buachaill a raibh aithne agam air cheana féin.
    Thug mé faoi déara go dtagann caint ar chúrsaí Gaeilge go minic nuair a bhainim úsáid aisti. Deireann na daoine rud mar sin "Oh, seo Gaeilge..."
    Mar sin féin, is daoine cáirdiúla iad cuid mhaith de Lucht na Gaeilge. Arís, ní thuigim an domhan nach dtuiginn neart Éireannach "Dia dhuit" nó "Conás atá tú?" fiú amháin cé go bhfuil sí mar ábhar scoile ag beagnach gach Éireannach. Tar éis dom cur ceist orthu an bhfuil Gaeilge acu bhí cuma ar neart daoine mar a bheadh ag iarraidh faoi teanga eachtrannach a bhí mé.
    Mar sin féin, is ceist úsáideach í "Conas atá tú?" chun a fheiceáil an bhfuil Gaeilge ag duine éigin nó nach bhfuil.

    Slán go fóill, Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    is ceist úsáideach í "Conas atá tú?" chun a fheiceáil an bhfuil Gaeilge ag duine éigin nó nach bhfuil.

    "Cén chaoi a bhfuil tú?" a deirim fhéin i gConnacht chun an rud ceannann céanna a dhéanamh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Chuala mé "conas atá tú?" i gcathair na Gaillimhe freisin go minic. Is iad "conas atá tú?" agus "cén chaoi a bhfuil tú?" na foirmeacha an chaighdeáin. Ach ní chuala mé riamh an fhoirm as Uladh "goidé mar atá tú?".

    Slán go fóill, Alex


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Chuala mé "conas atá tú?" i gcathair na Gaillimhe freisin go minic. Is iad "conas atá tú?" agus "cén chaoi a bhfuil tú?" na foirmeacha an chaighdeáin. Ach ní chuala mé riamh an fhoirm as Uladh "goidé mar atá tú?".

    Slán go fóill, Alex

    'Conas atá tú' i nGaillimh - sin tionchar na scoileanna agus na téacsleabhair a thugann neamhaird do chanúintí réigiúnacha. Ní dóigh liom go gcloisfear "cad é mar atá tú' taobh amuigh d'Uladh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Arís, ní thuigim an domhan nach dtuiginn neart Éireannach "Dia dhuit" nó "Conás atá tú?" fiú amháin cé go bhfuil sí mar ábhar scoile ag beagnach gach Éireannach. Tar éis dom cur ceist orthu an bhfuil Gaeilge acu bhí cuma ar neart daoine mar a bheadh ag iarraidh faoi teanga eachtrannach a bhí mé.
    Mar sin féin, is ceist úsáideach í "Conas atá tú?" chun a fheiceáil an bhfuil Gaeilge ag duine éigin nó nach bhfuil.

    Slán go fóill, Alex

    Ba mhaith liom léargas éicint a thabhairt duit faoin méid sin atá ráite agat d'fhonn is go mbeidh tuiscint agat air:

    1. Níl suim dá laghad ag daoine áirithe sa Ghaeilge agus mar sin beidh dreach marbh ar a n-aghaidheanna nuair a labhraíonn tú Gaeilge leo agus uaireanta ní bhíonn siad chomh béasach sin ach oiread go bhacfaidh siad le leithscéal a thabhairt duit faoin neamhshuim sin!
    2. Níl daoine ag úsáid an Ghaeilge ó fhág siad scoil agus mar sin tá sé anois imithe as a gcuimhne.
    3. Seans gur bheadh siad in ann freagra a chur agat tráth (má tá an Irish Oral Exam déanta acu) ach arís lig siad chun dearmaid í.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An fáth nach bhfuil daoine in ann 'Dia Dhuit' nó 'Conas atá tú?' a fhreagairt mar níl na beannachtaí siúd cloiste ag formhór muintir na hÉireann i ngnáthchaint riamh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Maith an fear a chabhraigh leat i mBaile Átha Cliath is tú ag ceannach an ticéad!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Seo comhartha go dtugann cuid mhaith Éireannach béalghrá don Ghaeilge go léir. Sa chás malairteach, bheadh beagán Gaeilge ag beagnach gach Éireannach agus Gaeilge ar fheabhas ag cuid acu nach beag eile. Bheadh Gaeilge san áireamh go minic ag imeachtaí cultúrtha. Ach sa réaltacht, uaireanta is féidir a smaoineamh nach bhfuil inti ach seanteanga aisteach as amanna imithe. Is eisceachtaí iad cathair na Gaillimhe, na Gaeltachtaí chomh maith le beagán áiteanna agus deiseanna eile. Is cinnte gur scéal deas í an Ghaeilge ar son na turasóireachta agus an mhothucháin náisiúnta nó neart eile mar sin dar le go leor Éireannach. Ach is dóigh nach bhfuil an Ghaeilge fíorfheiliúnach don am nua-aimseartha agus don a ngnáth-shaol féin dar leosan. Tá sé sin sofheicthe sa suirbhé "An pobal Éireannach agus an Ghaeilge." a rinne Ollscoil Mágh Nuad. Is mímhíniú é go léir le rá as an suirbhé seo go bhfuil forbairt ar son na Gaeilge ag 93% den dhaonra. Dar liomsa, ní féidir a mhíniú ach nach bhíonn formhór na n-Éireannach in éadan gníomhaíochtaí ar son na Gaeilge. Ach ní bhíonn formhór acu díograiseach ar son na Gaeilge chomh maith. Mar sin d"éirigh siad cleachta leis an Éirinn ag labhairt as Béarla den chuid is mó le fadó.
    Ar an taobh eile, níl sí marbh go hiomlán as forbairt dhochánta de chuid mhaith an dhaonra in éineacht leis an díograis de dhaoine áirithe.
    Dála an scéal: Cé mhéad daoine, an measann sibh,atá ag foghlaim na Gaeilge thar lear? An bhfuil aon mheasadh ar an gcúrsa ann? Tá sé ar eolas agam go díreach go bhfuil neart Gaelgeoirí agus foghlaimeoirí ann sa Gheatmeán.
    Slán agus beannacht, Alex


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Poll Dubh wrote: »
    An fáth nach bhfuil daoine in ann 'Dia Dhuit' nó 'Conas atá tú?' a fhreagairt mar níl na beannachtaí siúd cloiste ag formhór muintir na hÉireann i ngnáthchaint riamh.

    cén bhliain atá é anois - i ndairíre?


Advertisement