Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Píblíne gáis na Coiribe

  • 30-06-2009 8:37am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Ghlac mé an grianghraf seo den Solitaire i gCuan an Inbhir Mór inné. Ní raibh sé chomh mór is a bhí mé ag súil leis.

    806_0695_RJ.jpg


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cad é bhur mbarúil faoin chás sin in Iorras?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Cad é bhur mbarúil faoin chás sin in Iorras?

    Measaim gur socrú in aghaidh daonlathais ab ea an socrú a rinne Shell agus Frank Fahy an chéad lá. I mo thuairim caithfidh siad deireadh a chur leis an tógra láithreach agus tosú as an nua - is cuma an costas.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Thug mé féin cuairt ar Glengad cupla seachtain ó shin agus cheap mé go raibh an áit agus an timpeallacht cosuil le oileán Gréige. Bhi mé geall le bheith i ndeora. Tá láthair campála ag an lucht agóide ansin agus is cinnte gur daoine maithe iad uilig. An lá sin bhi foirgneamh nua á thógáil ag Shell ar an talamh cois cladaigh agus bhi tollán nua á thógail acu freisin ag sineadh isteach san fharraige agus ni raibh mé in ann deimhigh an raibh sé criochnu nó nach raibh. Ach an fadhb is mó atá agam ná go bhfuil an tógra tar éis scaradh an phobal ansin- daoine araibh ina gcairde tráth anois ag troid agus ag déanamh neamh aird ar a chéile anois. Cuireann sé sin an-bhrón orm agus tá sé ró mall sa lá é sin a athru. Ach maidir leis an rud uilig a thóig chun sáile- Is fearr go mall ná go bráth.


Advertisement