Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Bás Mhicheál Jackson

  • 26-06-2009 2:17pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Cad is féidir a rá?

    Bhuel, ar dtús is dóigh, ná déan dearmad nach raibh fadhb ar bith ag an bhfear céanna a bheith "ag roinnt a leaba" le páistí!

    Tá na meáin do mo bhodhrú leis an scéal seo. Sílim go bhfuil roinnt tráchtairí sna stáit ag déanamh comparáid le bás Jackson agus bás JFK! Craiceáilte

    Ceoltóir maith a bhí ann go deimhin ach fear fíor-aisteach.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ba cheann de na scéalta siúd a bhaineann geit asat nuair a chloiseann tú é. Brónach dá chlann óg.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Ba cheann de na scéalta siúd a bhaineann geit asat nuair a chloiseann tú é.

    Caithfidh mé a rá níor bhain sé geit asam! An raibh cabhair aige ina bhás féin, sin an méid a rá ag an suíomh idirlín a bhreis an scéal seo ar dtús?

    Seo magadh deas ó na Nótaí Imill:
    Tháinig Séimí abhaile ón scoil tráthnóna amháin agus dúirt a athair leis,

    - Conas a bhí do lá? Cad a rinne tú ar scoil inniu?

    - Bhí díospóireacht againn faoin gcosúlacht atá ar Dhia.

    - Agus ar tháinig sibh go conclúid ar bith?

    - Níor tháinig. Bhí na buachaillí ag rá go bhfuil Dia ina fhear, ach dúirt na cailíní uilig gur bean Dia. Dúirt na gasúir bhána go bhfuil Dia bán, agus dúirt na gasúir ghorma go bhfuil Dia gorm.

    - Bhuel, a Shéimí, cuir i gcás nach bhfuil Dia fireann ná baineann, bán ná gorm...

    - A Dhaid! An bhfuil tú ag rá liom gurb é Michael Jackson Dia?!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Déarfainn go raibh sé lán de dhrugaí ar oideas nuair a fuair sé bás, amhail Elvis, agus gurb é sin an fáth ar chlis ar a chroí. Shamone....


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Dia ár sábháil! an bhfuil bealach teilifíse ann nach bhfuil ag clúdach na sochraide seo?
    bí ag caint faoi ag dul thar fóir


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá an rírá seo go léir cosúil le bás an Bhanphrionsa Diana. :rolleyes:


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    ceapaim go bhfuil a cheol iontach!

    agus ceapaim go bhfuil neart rudaí*cosúla maidir lena clár bashir agus an clár neasa cheannán - ag casadh an fhírinne

    ach, ní dhearna siad aon rud as dlí, ach bhí ó searcaigh ''pedo'' má tá daoine ag smaoineamh i meon iarthar.....

    bhí michael ró-cineálta - sionantach agus saonta. ní dhearna aon rud mí cheart ach tá daoine as smaoineamh faoi rudaí gneasúil ach tá sé sin:

    a fadhbanna!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    An bhfuil Micilín ina bheatha go fóill? Gheobhaidh sibh freagra na ceiste sin ag an nasc seo a leanas:

    http://www.ismichaeljacksonstillalive.com/


  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach


    Is cuma sa tsioc liom fén rud go léir.
    Is iomai duine oirirc/clúitiúil a fuair bás cinniúnach, nach bhfuair aitheantas ar bith ón meáin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,078 ✭✭✭onemorechance


    Má tá sibh ag iarraidh a ainm ar fád i nGaeilge: Micheál MacLeithreas.


Advertisement