Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Deireadh le Foinse

  • 26-06-2009 10:20am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭

    Buille tubaisteach eile do shaol agus phobal na Gaeilge!

    Chlis ar na cainteanna idir Fhoras na Gaeilge agus Foinse

    bhur mbarúil

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Ghoill an scéal seo chomh mór orm nach raibh mé in ann snáithe a thosú faoi - ní féidir liom mo dhíomá a chur in iúl le focail.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton

    Rud uafásach atá anseo. I ndiaidh an feabhas atá tagtha ar suim sa teanga le deich bliana nó mar sin anuas, agus anois is léir go bhfuil gach rud ag dul in olcas le tamall anuas.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Ní haon ionadh é i ndáiríre.

    Tá nuachtáin go ginireálta ar tí bás a fháil ar aon chaoi. Is gearr go mbeidh deacrachtaí ag na nuachtáin Béarla chomh maith. Tá an idirlíon níos láidre ná riamh i gcúrsaí nuachta.

    Tá sé rí-thábhachtach dul in iomaíocht leis an idirlíon chomh maith le nuachtáin eile. Faoin am a tháinig Foinse amach ag an deireadh seachtaine, ní raibh mórán nua ann nach raibh feicthe ag daoine cheana féin i rith na seachtaine. An rud is fearr do nuachtán seachtainiúil déanamh ná ainilís ar cúrsaí na seachtaine, agus cé go raibh Foinse réasúnta maith aige seo, is soiléar nach raibh siad sách maith le níos mó cóipeanna a dhíol ná a rinneadar.

    Má éiríonn le éinne an spás a líónadh (agus is léir gur fiú nuachtán seachtainiúil Gaeilge a bheith ann), beidh obair chrua orthu teacht suas le formaid nua a shásófaí muintir na Gaeilge. Caithfidh siad déanamh cinnte go mbíonn siad in iomaíocht dhíreach le a leithéad de Nuacht 24.

    Gan próifíl láidir ar líne, ar twitter, fiú ar shuíomhanna cosúil le Boards, ní bheidh mórán ádh acu ach an oiread.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ron DMC wrote: »

    Formaid nua a shásófaí muintir na Gaeilge! an bhfuil tú ag magadh?
    Ní féidir an dream sin a shásamh, agus is cuma má fhaightear formaid nua a shásófaí iad óir ní bheidís -a bhformhór- toilteanach pingin rua a chaitheamh ar an bhfocal scríofa.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Stollaire wrote: »
    Formaid nua a shásófaí muintir na Gaeilge! an bhfuil tú ag magadh?
    Ní féidir an dream sin a shásamh, agus is cuma má fhaightear formaid nua a shásófaí iad óir ní bheidís -a bhformhór- toilteanach pingin rua a chaitheamh ar an bhfocal scríofa.

    B'fhéidir go bhfuil an ceart agat go mbíonn Gaeilgeoirí beagainín sean-fhaiseanta agus cúng-aigeantach, agus níor shíl mise go mbeadh aon spás sa mhargadh le haghaidh iris cosúil le Nós*, ach is léir go bhfuil siadsan ag déanamh go maith go dtí seo. Agus measaim féin go dtugann an idirlíon próifíl níos láidre dóibh ná a bheadh acu ar pháipéar amháin.
    Tá an cás díreach mar an gcéanna le nuachtáin. Féach ar na nuachtáin is láidre; Irish Times in Éireann, The Guardian sa Bhreatain, New York Times i Meiriceá; tá suíomhanna idirlíon an-láidir acu uilig.
    Ní mairfidh nuachtáin Gaelach muna gcuireann siad ar a laghad an oiread céanna béime ar a suíomh is a gcuireann siad ar pháipéar.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 217 ✭✭rororoyourboat

    Nach bhfuil an nuachtán eile, 'Lá' fós beo ár líne? Is iontach an ais í an idirlíon agus bheadh áit ann d'Fhoinse má théann siad i ngleic leí.

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Níor thaitin Foinse liom riamh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Dar le Concubhar Ó Liatháin (iGaeilge) níl Foinse marbh.

    Ach mar a dúirt an Liathánach féin "más amhlaidh an scéal, tá gá le hathruithe le go mbeidh an nuachtán níos fearr agus níos mó i dtiúin le pobal léitheoireachta na Gaeilge"

    Cuirigí bhur dtuairimí in iúl ar a shuíomh

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Nach bhfuil an nuachtán eile, 'Lá' fós beo ár líne?

    Níl.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    tá sé fós ar líne - ach níl sé beo

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Foinse deireanach 28 Meitheamh 2009

    Cad a dhéanfaimid feasta gan Fonzy?
    Beidh Ar Son na Cúise ar lár;
    ní bheidh trácht ar Éamó ná pics beaga,
    is ní thuigfear a shoiléirithe go brách

    An áit úd a gcónaíodh an bréagscéal,
    fuair gradam is gearán de ghnáth,
    bhíodh Forasóirí ag tochas a gcinn ann,
    is an fhírinne shearbh á rá

    Ní fheicfear strainc Éamó níos mó ann,
    ná Highland Paddy na dea-rún,
    ná fiú an Commissar i mbun saothair,
    ag tabhairt bata agus spéic don slua

    Níl briathra milse Éamó ann,
    le hamharc na Gaeltachta ag dul uainn,
    ná a mhínithe i mbarra na ngéag ann,
    a chuirfeadh an saol chun suain

    Tá ceo ag titim ar Éamó ann,
    ó d’imigh uainn Fonzy go brách,
    tá smúit tite ar thuarascála ann,
    is a chuid pleananna go léir ag trá

    Níl Éamó, níl Dinny, níl Brian ann,
    ach blaganna bochta is páipéar bán,
    Scríbhneoir an tríú ceannlíne díomhaoin ann
    agus fear bocht Chúil Aodha ar fán

    Anois mar bharr ar gach míghreann,
    ní dheachaigh prionsa na nGael thar sáil’,
    d’fhan Éamó ag faire a chúinne,
    níor bhac leis an Bhruiséil ná an Spáinn

    Anois tá pics Éamo á gcaoineadh,
    agus airgead Gaeilge sa sparán;
    agus tógfar nuachtán na ndaoine,
    agus Gaeil arís mar bhochtán

    Fóram, tionóil agus staidéir,
    beidh siad fós ag dul thar fóir,
    ach gan Ar Son na Cúise againn,
    go deo deo na ndeor

    Plean fiche bliain agus coiste ardleibhéal,
    ag slánú ár dteanga gan aon stró,
    lán Cill Chais de straitéisí agus féidearthachtaí,
    ach go brách arís ní bheidh pic beag d'Éamó

    le Saorvéarsa Ó Dúrleslis
    (file cónaitheach Ar Son na Cúise)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Poll Dubh wrote: »

    :D:D:D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »

    Tá mé faoi ciach ceart anois - an-bhrónach go deo:(.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    tá an scéal follasach ina ghlór

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An bhfuil aon ní níos díchéillí ná litreacha á scríobh agus á seoladh chuig nuachtán Béarla faoi bhás nuachtáin Gaeilge a tharla cúpla seachtain ó shin? Amhail is go ndéanfadh sé difríocht ar bith ag an bpointe déanach seo!
    Ní fiú bheith ag seanchas agus an anachain déanta.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    An bhfuil aon ní níos díchéillí ná litreacha á scríobh agus á seoladh chuig nuachtán Béarla faoi bhás nuachtáin Gaeilge a tharla cúpla seachtain ó shin? Amhail is go ndéanfadh sé difríocht ar bith ag an bpointe déanach seo!
    Ní fiú bheith ag seanchas agus an anachain déanta.

    Ná bí chomh crua! Tá chuile seans go bhfuil an ceart agat ach is athrach deas é rud dearfach faoi Ghaeilge a bheith scríofa sna páipéir.

Advertisement