Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

An Eaglais Chaitliceach etc.

  • 21-05-2009 10:57AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭

    Cad é bhur mbarúil faoin tuairisc nua go raibh mí-úsáid ghnéasach go forleathan agus inghlactha in institiúidí stáit á reáchtáil ag "seirbhísigh Dé"?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Stollaire wrote: »
    Cad é bhur mbarúil faoin tuairisc nua go bhfuil mí-úsáid ghnéasach go forleathan agus inghlactha in institiúidí stáit á reáchtáil ag "seirbhísigh Dé"?

    "go bhfuil mí-úsáid ghnéasach go forleathan"

    "go raibh mí-úsáid ghnéasach go forleathan" is dócha a bhí sa tuairisc. Tá súil agam nach bhfuil sé go forleathan fós.

    Seirbhísigh Dé nó Seirbhísigh Sátain? N'fheadair.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Leis na polasaithe aontumha atá fós ag an eaglais caitliceach, tá an baol ann i gcónaí go bhfuil siad ag mealladh claonaithe gnéasacha nó fiú ag cruthú iad.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Leis na polasaithe aontumha atá fós ag an eaglais caitliceach, tá an baol ann i gcónaí go bhfuil siad ag mealladh claonaithe gnéasacha nó fiú ag cruthú iad.

    Tagaim go hiomlán leat, níl a leithéid de pholasaí nádúrtha agus cruthaíonn sé na fadhbanna a fheictear inniu timpeall an domhain ó thaobh péidifileach san Eaglais Caitliceach.

    Dála an scéil, an dtéann chuile dhuine anseo, nó éinne, go dtí Aifrinn gach seachtain, nó go réasúnta rialta a thuilleadh?
    Má théann. An n-athródh an tuairisc seo do thuairim faoin eaglais mar mhodh teagaisc Críostaíochta?

    An gcreideann éinne go mbeadh aon eagras eile in ann leanúint ar aghaidh ag múineadh agus ag scaipeadh "focal Dé" nuair atá sé soiléir anois go raibh an t-eagras céanna lán-toilteanach péidifileach (Donal Dunne) a earcú agus lig dó leanaí a mí-úsáid i scoileanna difriúla i lár na tíre.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    bhí mé ag éisteacht le joe duffy (ní raibh rogha agam bhí*mé sa charr) agus bhí*bean ann agus is as scoil amháin í (bhí sí ann timpeall an am ar aon nós) agus bhí sí ag ''denying'' gach rud

    seirbhísí dé? sin cúis amháin nach bhfuil mé ag baint leis an eaglais sin níos mó

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    ag ''denying''

    rud a shéanadh.. ceapaim :)

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    maith an fear

    an bhfuil ''agus bhí sí ag séanadh gach rud'' ceart?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Dála an scéil, an dtéann chuile dhuine anseo, nó éinne, go dtí Aifrinn gach seachtain, nó go réasúnta rialta a thuilleadh?
    Má théann. An n-athródh an tuairisc seo do thuairim faoin eaglais mar mhodh teagaisc Críostaíochta?

    An gcreideann éinne go mbeadh aon eagras eile in ann leanúint ar aghaidh ag múineadh agus ag scaipeadh "focal Dé" nuair atá sé soiléir anois go raibh an t-eagras céanna lán-toilteanach péidifileach (Donal Dunne) a earcú agus lig dó leanaí a mí-úsáid i scoileanna difriúla i lár na tíre.

    Is fada an lá ó chuir mé féin cos isteach teach pobail seachas an corr-bhainis nó sochraid. Ach téann mo chailín go hAifreann an Domhnaigh go rialta fós. Is dócha go bhfuil a creideamh i nDia níos láidre ná a déistin ar céard a tharla san eaglais.

  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach

    Is mór an náíre é a leithéid...
    Caibidil gruamma náireach (eile..) i measc stáir na hÉireann, mar a deirtear....

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 405 ✭✭doubleglaze

    Stollaire wrote: »

    Dála an scéil, an dtéann chuile dhuine anseo, nó éinne, go dtí Aifrinn gach seachtain, nó go réasúnta rialta a thuilleadh?

    An gcreideann éinne go mbeadh aon eagras eile in ann leanúint ar aghaidh ag múineadh agus ag scaipeadh "focal Dé" nuair atá sé soiléir anois go raibh an t-eagras céanna lán-toilteanach péidifileach (Donal Dunne) a earcú agus lig dó leanaí a mí-úsáid i scoileanna difriúla i lár na tíre.

    Ní Caitliceach méféin, cé gur Caitlicigh mo thuismitheoirí.

    Tá eagrais eile níos Críostúla amuigh ansin. Ní gá do dhaoine fanacht in insitiúid chomh faillíoch leis - nár bhris Críost é féin as an múnla?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 942 ✭✭✭An gal gréine

    Bhí an chéad locht ar an Stát a cheadaigh pionós corpartha GAN TEORAINN sa tír seo. Mar sin bhí 'fhios ag na hollphéisteanna seo a bhí ag dáileadh amach an pionós go raibh CEAD A gCINN acu a rogha rud a dhéanamh, fiú páistí a mharú agus ní bheadh a dhath ráite faoi.

    Tá an darna locht ar na hInstitiúdí a raibh páistí faoina gcúraim. Theip orthu páistí leochaileacha, bochta a chosaint ó bhrúidiúleacht agus ó éigniú. Cá raibh an trua/grá a theagasc siad ?

    Tá an tríú locht ar na hÚdaráis : An Roinn Oideachais, Na Gardaí agus ar ndóighe An Eaglais í fhéin a thug neamh-aird ar na casaoid cróga a rinneadh thar na bliantaí.

    Tá an milleán deireannach ar an sochaí (muid féin) a bhí sásta gan athruithe a chuartú ar feadh abhfad. Na daoine a mhair fríd na bliantaí sin, bhí eolas éigin acu.

    Tagaim le chuile rud ráite agatsa. Faraor.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An mbeidh éinne ag vótáil go difriúil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha Dé hAoine mar gheall ar an mhargadh déanta ag Fianna Fáil agus an Eaglais siar i 2002 maidir leis an gceist seo?

Advertisement