Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Iolar Fíréan achainí

  • 24-04-2009 1:50pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Táthar ag iarraidh Iolair Fhíréan, Iolair Mhara agus Cúir Rua a thabhairt isteach go hÉirinn in athuair tar éis díobhadh a bhí déanta orthu sa naoú aois déag. Ach tá roinnt de na héin nua a tháinig isteach ó Albain, ón Bhreatain Bheag agus ó Iorua ag fáil báis de bharr baoite nimhiúil curtha síos ag feirmeoirí. Más mian leat is féidir achainí in aghaidh an chleachtais seo a shíniú ar líne ag goldeneagle.ie


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá beagnach míle go leith ainmneacha acu anois.

    Ceapaim go bhfuil sé dochreidte, faigheann feirmeoirí neart airgead ón rialtas, ach fós briseann siad rialacha na tíre ag truailliú agus ag scrios an timpeallacht agus ag mharú na fhiadhúlra.


    Ar ábhar eile - is maith liom do foclóir, tá sé deas éasca, agus tapaigh. Tá suim agam i ríomhchlárú, is léir gur úsáid tú php, ach an ndearna tú an liosta focal atá ag an foclóir? (Níl tú ag úsáid na focal ó focal.ie ach an oiread!)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 187 ✭✭salamanca


    Ba cheart don rialtas 100 mac tíre a scaoileadh amach sa chéad chontae eile ina nimhítear iolar. Cuirfeadh sin stop ar na feirmeoirí.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    salamanca wrote: »
    Ba cheart don rialtas 100 mac tíre a scaoileadh amach sa chéad chontae eile ina nimhítear iolar. Cuirfeadh sin stop ar na feirmeoirí.

    Smaoineamh suimiúil - ní dóigh liom go n-oibreoidh sé ach ba bhreá liom mac tíre a bheith sa tír seo arís, chomh maith le torc allta agus béar.
    Cliste wrote: »
    Ar ábhar eile - is maith liom do foclóir, tá sé deas éasca, agus tapaigh. Tá suim agam i ríomhchlárú, is léir gur úsáid tú php, ach an ndearna tú an liosta focal atá ag an foclóir? (Níl tú ag úsáid na focal ó focal.ie ach an oiread!)

    GRMA, níl sé chun Golden Spider a bhuachan ach tá sé an-úsáideach domsa agus mé ag scríobh. Cuirim leis an liosta gach uair a fheicim focal nó nath cainte nua - tá roinnt ó focal.ie caithfidh mé a admháil. Tá súil agam go mbeidh sé úsáideach do dhaoine ag léamh mo phostanna mar beidh siad in ann na focail agus na nath a sheiceáil san fhoclóir.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Poll Dubh wrote: »
    GRMA, níl sé chun Golden Spider a bhuachan ach tá sé an-úsáideach domsa agus mé ag scríobh. Cuirim leis an liosta gach uair a fheicim focal nó nath cainte nua - tá roinnt ó focal.ie caithfidh mé a admháil. Tá súil agam go mbeidh sé úsáideach do dhaoine ag léamh mo phostanna mar beidh siad in ann na focail agus na nath a sheiceáil san fhoclóir.

    Tá sé an-úsáideach, go h-áirithe chun frásaí a fháil.

    Maith thú!


Advertisement