Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Marthanas Farraige

  • 20-04-2009 3:31pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭

    Rinne mé cúrsa Marthanais Farraige ag an deireadh seachtaine agus b'é ceann de na rudaí is fearr a rinne mé le fada. Bhí sé ar siúl ag an gColáiste Náisiúnta Mara na hÉireann i Rinn an Scidígh i gCorcaigh. D'fhoghlaim muid cad a dhéanamh sa chás go dtéann bád go tóin poill agus tú a bheith fágtha san uisce i lár farraige. Bhí muid i linn tonnta agus bhí uisce ag stealladh orainn chomh trom sin go mb'éigean dúinn ár lámha a chur os comhair ár mbéil chun an uisce a choinneáil amach. Mar cleachtadh don bhád a thréigean, léim muid ó chlár tumadóireachta 5m sa dorchadas! Agus nuair a shroich muid an rafta tarrthála, ar ndóigh, bhí sé bun os cionn agus bhí orainn é a chur ina gceart. Bhí mé go hiomlán tuirseach traochta ina dhiaidh.

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    An é seo an cúrsa (NMCI)? Tá cuma fíor suimiúil ar an cúrsa. Bhíos ag caint le fear a rinne an cúrsa síos ansin, agus ceap mé go raibh sé ana maith.

    Deirfainn go mbeadh an cúrsa crua go leor. Is léir go bhfuil tú láidear ar an uisce! :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    B'shin é an cúrsa go deimhin. Tá mé réasúnta san uisce ach ghlac daoine páirt sa chúrsa nach raibh in ann snámh ar chor ar bith! Ach leis an seaicéad tarrthála ort, ní féidir leat dul faoin uisce.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Rinne mé cúrsa Marthanais Farraige ag an deireadh seachtaine agus b'é ceann de na rudaí is fearr a rinne mé le fada. Bhí sé ar siúl ag an gColáiste Náisiúnta Mara na hÉireann i Rinn an Scidígh i gCorcaigh. D'fhoghlaim muid cad a dhéanamh sa chás go dtéann bád go tóin poill agus tú a bheith fágtha san uisce i lár farraige. Bhí muid i linn tonnta agus bhí uisce ag stealladh orainn chomh trom sin go mb'éigean dúinn ár lámha a chur os comhair ár mbéil chun an uisce a choinneáil amach. Mar cleachtadh don bhád a thréigean, léim muid ó chlár tumadóireachta 5m sa dorchadas! Agus nuair a shroich muid an rafta tarrthála, ar ndóigh, bhí sé bun os cionn agus bhí orainn é a chur ina gceart. Bhí mé go hiomlán tuirseach traochta ina dhiaidh.

    Dheabhail, bheadh crógacht uait é sin a dhéanamh!
    Tuige a gcuirfeá an strus sin ortsa? (Ag caitheamh lá i gCorcaigh na gCuan)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bím ag obair amach ó chósta ó am go ham ag déanamh suirbhéanna fiabheatha ar na hoileáin. Tá easna nua cumhachta faighte againn agus tá an baol ann i gcónaí go mbeadh timpiste de shaghas éigin againn agus go mbeimis ag snámh gan choinne!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Bím ag obair amach ó chósta ó am go ham ag déanamh suirbhéanna fiabheatha ar na hoileáin. Tá easna nua cumhachta faighte againn agus tá an baol ann i gcónaí go mbeadh timpiste de shaghas éigin againn agus go mbeimis ag snámh gan choinne!

    Is obair chrua í ach caithfidh duine éigin í a dhéanamh! :eek:

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Is maith liom an nasc a dhearna tú le 'Marthanas Farraige'. Is córas maith é do dhaoine atá ag foghlaim. Ba mhaith liom é a n-úsáid mé féin nuair a scríobhaim focail neamhghnách. Conas a dhearna tú é sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    topper75 wrote: »

    D'úsáid mé an leabhar seo chun m'fhoclóir a chur le chéile. Tháinig PHP agus MySQL leis an spás idirlín a cheannaigh mé ó hosting365 agus d'úsáid mé notepad chun an cód a scríobh. Faoi láthair níl ach mise in ann nathanna a chur leis an stór ach tá aidhm fhad-téarmach agam córas il-úsáideoirí a chruthú. Níl mise i mo ríomhchláraitheoir is fearr ar domhan ar chor ar bith - beidh sé tamall maith sula mbeidh sé réidh!

  • Closed Accounts Posts: 217 ✭✭rororoyourboat

    "Mar cleachtadh don bhád a thréigean, léim muid ó chlár tumadóireachta 5m sa dorchadas!"

    :eek:

    Fear cróga amach is amach!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    "Mar cleachtadh don bhád a thréigean, léim muid ó chlár tumadóireachta 5m sa dorchadas!"

    :eek:

    Fear cróga amach is amach!

    Níl mé chomh cróga sin i ndáiríre ach ba mhór an spreagadh nach mbeadh cead agam dul amach ó chósta sa bhád oibre gan an cúrsa sin a chríochnú. Bhí daoine eile ar an gcúrsa nach raibh in ann snámh fiú agus rinne siad an léim chéanna- b'iad na daoine cróga.

Advertisement