Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.

irish times

  • 09-04-2009 10:14PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭


    Dia daoibh.

    An bhfuil 3 colúin Gaeilge san Irish Times gach uile lá?

    An bhfuil ceann amháin ar an lá céanna gach seachtain?

    Alan Titley - cén lá?
    Tuarascáil - an luain?
    An bhfuil ceann eile? - má tá, cén lá?

    Go raibh maith agaibh.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Foilsítear Tuarascáil uair sa tseachtain (An Chéadaoin, go bhfios dom) agus tá an t-alt laethúil ann chomh maith. Ní dóigh liom go bhfuil an tríú ceann ann, ach b'fhéidir go bhfuil breall orm.

    Is aisteach an rud é; bhíodh cáil an tSeoiníneachais ar The Irish Times tráth, ach is é an nuachtán Béarla is fearr ó thaobh na Gaeilge de i láthair na huaire, dar liom.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix


    An Tenaga Bheo - Céadaoin
    Alan Titley - Déardaoin

    Seachas sin nílim ro-chinnte

    Ach ta ceist gramadaí agam mar gheall ar phíosa a scríobh Alan Titley inné


    CROBHINGNE : BA DHÓIGH leat dhá lá tar éis na ndrochbhearta go mbeadh Fine Gael réidh ullamh le srianta an rialtais a ghlacadh ina dhá nglaic.

    An bhfuil fhios ag éinne cén fáth go bhfuil úrú ann i ndiaidh dhá? Ní fhaca mé é sin riamh


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dolliemix wrote: »
    An Tenaga Bheo - Céadaoin
    Alan Titley - Déardaoin

    Seachas sin nílim ro-chinnte

    Ach ta ceist gramadaí agam mar gheall ar phíosa a scríobh Alan Titley inné


    CROBHINGNE : BA DHÓIGH leat dhá lá tar éis na ndrochbhearta go mbeadh Fine Gael réidh ullamh le srianta an rialtais a ghlacadh ina dhá nglaic.

    An bhfuil fhios ag éinne cén fáth go bhfuil úrú ann i ndiaidh dhá? Ní fhaca mé é sin riamh

    Déarfainn gur nós canúna atá ann, ach níl mé cinnte. Is cinnte go bhfuil bunús le dhá dtrian, mar shampla. B'fhéidir go mbaineann sé le Gaeilge na Mumhan, rud a bhfuil an-dúil ag Titley inti. Ach mar is eol duit, de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, ní ceart go mbeadh ach séimhiú i ndiaidh dhá.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix


    Go raibh maith agat a mhúinteor. Ní fhaca mé dhá dtrian ach an oiread.

    Ceist amháin eile - cad is brí le seoiníneachais? Chuireas é isteach sa foclóir idirlíne www.foclóirgaeilge.ie agus focal.ie ach níor aithníodh é!


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    ah, go raibh maith agaibh

    ye - aontaim go huile is go hiomlán le sin mar shampla níl aon ceann gaeilge ins an Indo ar cor ar bith le cúpla bliain anuas

    bhuel is leachtóir in ucc, nach bhfuil so ceapaim go bhfuil canúint na mumhan aige

    is maith liom an phrása sin, a mhuinteoir seoinín - ''west brit'' nó rud mar sin so - seoinínism maith sibh!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    http://www.irishtimes.com/150/articles/an-cupla-focal.html

    ''
    The paper continues to publish three weekly columns in Irish: "Beocheist" (Live Issue) which is contributed by different writers every Tuesday; "Tuarascáil" on Wednesdays; and a Thursday column by Alan Titley. There is an Irish-language section, "An Teanga Bheo" (The Living Language) on the website at irishtimes.com/anteangabheo
    Whether it reflects increasing globalisation or the State's retreat from the Gaelic Ireland project, the proportion of Irish-language content in our newspapers has declined considerably in recent decades. Few would have forecast back in the 1920s that what was then seen as the unionist, ascendancy paper would be virtually the last bastion of Irish in the mainstream print media more than 80 years later. ''

    bhuel sa nuachtáin náisiúnta béarla ar aon nós


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bíonn an Titleach ar fáil i gcúinne éigin an nuachtáin Déardaoin:

    Features
    * Life & Culture »
    * Features »
    * Other Features

    http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2009/0416/1224244812252.html

    Bíonn a ailt ar fheabhas go deo. Ba chóir go mbeadh ardán níos airde acu sa nuachtán, ar nós "An Irishman's Diary"


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »

    Bíonn a ailt ar fheabhas go deo. Ba chóir go mbeadh ardán níos airde acu sa nuachtán, ar nós "An Irishman's Diary"

    Nárbh iontach dá bhfaigheadh sé iar-cholún Sheoinín Mór na hAoise Seo, Caoimhín Myarse. :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy


    Rinne mé cúrsa ar an colún san Ollscoil agus bíonn Titley ar fheabhas.

    Is mór an trua é nach bhfuil níos mó Gaeilge sna nuachtáin, cosúil leis an 'Neamhspleach' mar bhí siad an chead nuachtáin le 'Colún Gaeilge', ach anois tá polasaí gan aon Gaeilge a chuir ann!


Advertisement