Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Obama agus Airm núicléacha

  • 06-04-2009 11:44am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Ar chuala éinne óráid Obama i bPrág ina dúirt sé go mbeidh SAM ag iarraidh deireadh a chur le hairm núicléacha sa domhan. Cuireadh iontas agus ríméad orm focail mar sin a chloisteáil ó bhéal uachtaráin Meireacánaigh ach an féidir leis an sprioc sin a bhaint amach?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Is cinnte gur tús atá ann nuair atá a leithéid á rá ag ceannaire Mheiriceá. Ach tógtar na caisleáin de réir a chéile. Níl seans ar bith aige an beart a chur i gcríoch é féin, fiú dá mbeadh sé sa Teach Bán ar feadh dhá théarma. Ach is cinnte go bhféadfadh sé an bhunsraith a leagan. Ar an gcéad dul síos, caithfidh Meiriceá éirí as a bheith ag bagairt ar gach uile thír ar fud an domhain nach n-aontaíonn siad leo! Cuireann an tromaíocht sin fonn ar na tíortha sin airm núicléacha a fháil chun iad féin a chosaint.


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Mar is gnách, d'fhéach Obama go maith, thug óráid mhaith agus rinne a sheacht dhícheall chun taispeáint don saol mór go bhfuil éadan cairdiúil nua ag an Stáit Aontaithe. Ní féidir a sheanadh go bhfuil na gothaí ag ár bhfear Obama. Is í an fhadhb is mó ná go bhfuil Obama ina urlabhraí ar son Mheiriceá, sin an méid. Níl seisean i gceannas ar pholasaí eachtach Mheiriceá sa Mheánoirthear, i mo thuairim féin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    ....Is í an fhadhb is mó ná go bhfuil Obama ina urlabhraí ar son Mheiriceá, sin an méid. Níl seisean i gceannas ar pholasaí eachtach Mheiriceá sa Mheánoirthear, i mo thuairim féin.

    Tá Obama ina ardcheannasaí na bhfórsaí cosanta. Is féidir leis fáil réidh leis na hairm núicléacha i Meiriceá le síniú amháin más mian leis ach tá a fhios agam go maith nach bhfuil sé sin chun tarlú aon am go luath.


Advertisement