Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Splanc an lae

  • 03-04-2009 10:37am
    #1
    Closed Accounts Posts: 25


    Tá ceann de na cláranna raidió is fearr liom ar siúl anocht. Splanc ar 22.00 -00.00 anocht. Is fios dom go mbím i gcónaí ag caint faoin gclár seo, mo leithscéal.
    http://newstalk.ie/newstalk/programmes/39/splanc.html

    An mbíonn sibh ag éisteacht le Splanc ar oícheanta aoine..
    Muna mbíonn, cad eile atá ar siúl agaibh? :cool:


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Níor éist mé leis an gclár sin riamh. B'fhéidir go n-éistfidh amach anseo. Cén fáth a bhfuil sé chomh maith sin, dar leat?


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Bíonn an-chraic acu i gcónaí agus éirionn leo aíonna iontacha speisialta a mhealladh isteach sa stiúideo gach seachtain. Is é glór Gaeilge na cathrach atá i Splanc dar liom. Chomh maith leis sin, táim in ann roinnt mhaith dá gcuid Gaeilge a thuiscint. Bainigí triail as a chairde.. Níl sé ar siúl ach ar feadh dhá uair den seachtain. Anocht (dé hAoine) ;)


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    ye
    tá ceol maith ann - tá réimse leathan ann - nintendo dsi anois agus gaeilge in ucc cúpla nóimeád ó shin

    béidh mé ag éisteacht leis an clár seo níos mó

    b'fheidir go mbeidh ''sticky'' le gach uile clár ar gach stáisiún as gaeilge go maith?
    mar níor chuala mé faoin clár seo riamh


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Tá áthas orm gur bhain tú sult as an gclár a chara. Ba bhreá liom éisteacht le cuid mhór cláranna eile ar nós Splanc ar an raidió. An raibh tú ag éisteacht le Raidió Fáilte riamh?
    http://www.raidiofailte.com/


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Is fearr liom cláracha Gaeilge a chloisteáil ar na stáisiúin tráchtála in áit na stáisiún pobail. Ciallaíonn sé go bhfuil éileamh orthu.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Múinteoir wrote: »
    Ciallaíonn sé go bhfuil éileamh orthu.

    Ní dóigh liom é faraor, ciallaíonn sé nach raibh Coimisiún Craolacháin na hÉireann sásta nach raibh an stáisiúin ag comhlíonadh leis an riachtanas go gcaithfidh Newstalk dhá uair Gaeilge a chur ar fáil in aghaidh na seachtaine.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    tá near fm ann fresin - chonaic mé ad sa foinse inniu


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Poll Dubh wrote: »
    Ní dóigh liom é faraor, ciallaíonn sé nach raibh Coimisiún Craolacháin na hÉireann sásta nach raibh an stáisiúin ag comhlíonadh leis an riachtanas go gcaithfidh Newstalk dhá uair Gaeilge a chur ar fáil in aghaidh na seachtaine.

    An bhfuil tú ag rá anseo gur é an t-aon fáth ar tháinig Splanc ar ais ná toisc go bhfuil Newstalk faoi oibleagáid conarthacha chun cúpla uair Gaeilge a chraoladh, dáirire?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Dáiríre, éist leis an gcéad agallamh le Darragh Ó Tuama ar an seó seo:

    http://www.rte.ie/podcasts/2009/pc/pod-v-270209-55m10s-ronanbeo.mp3


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    hhm

    ach bhí siad ag iarraidh tús nua a cur le ar aon nós?


    bhuel, is stáisiún éireannach ann - tá súil agam go mbeidh clár gaeilge ar gach uile stáisiún éireannach lá amháin


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    bhuel, is stáisiún éireannach ann - tá súil agam go mbeidh clár gaeilge ar gach uile stáisiún éireannach lá amháin


    Go háirithe Today FM - tá na giotaí 'creid é nó ná creid é' seafóideach amach is amach.


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Poll Dubh wrote: »
    Dáiríre, éist leis an gcéad agallamh le Darragh Ó Tuama ar an seó seo:

    http://www.rte.ie/podcasts/2009/pc/pod-v-270209-55m10s-ronanbeo.mp3

    Clár maith é sin, thuig mé fórmhór den chaint san agallamh Dharaigh, grma.

    Tá Splanc ar siúl anois !

    http://newstalk.ie/newstalk/programmes/39/splanc.html
    http://www.myspace.com/splanc


Advertisement