Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Suíomh nua Gaelport

  • 12-03-2009 3:59pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    http://gaelport.com/

    Tá sé ar fheabhas.
    Is breá liom Féilire na Gaeilge.

    Bhur mbarúil?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá cuma an-snasta air, go cinnte.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Is breá liom Féilire na Gaeilge.

    Bhur mbarúil?

    Bhuel, tá mo Spáinnis ag dul i bhfeabhas - marzo ,abril, mayo an-ghreannmhar go deo. Is cosúil go bhfuil Dora ag imirt tionchar mór ar lucht na Gaeilge.


  • Closed Accounts Posts: 15 myomi


    beannachtaí! bím anseo go minic ag léamh teachtaireachtaí agus chonaic mé an teachtaireacht faoi Gaelport. Táim ag obair mar riarthóir ar an láithreán gréasáin ach tá neart fadhbanna teicniúla beaga le réiteach mar shampla an féilire ach táimid ag obair air go díograisech agus tá súil againn go mbeidh gach fadhb réitithe roimh dheireadh na míosa :D

    An fhadhb is mó a bhí ann agus muid ag dearadh an tsuímh ná an dátheangachas agus baineann an cuid is mó de na fadhbanna teicniúla leis fós!
    Táim an-sásta go bhfuil daoine ag logáil isteach agus tá súil agam go bhfuil ag soláthar seiribhís fhiúntach spéisiúl do chainteoirí Gaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Maith thú, is breá liom an leagan nua, agus go háirithe an pictiúr deas de Siún Nic Ghearailt atá air faoi láthair! Is trua nach gcaitheann sí gúna mar sin ar an nuacht.


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Taitníonn an cuma nua go mór liom. Tá an suíomh Gaelport i bhfad níos áisiúla don úsáideoir anois. Cé nár éirigh liom teacht ar an bpictiúr seo de Siún Nic Ghearailt fós.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá sí imithe - tragóid!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tragóid go deimhin.

    Cad atá ag tarlú sa ngrianghraf sin "Sráid Uí Chonaill á Ghaelú" ?

    An bhfuil comharthaí bóithre nua curtha suas le Gaeilge amháin orthu?


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Tá sé ina rúndiamhair absalóideach dom an méid atá ar siúl acu sa ghrianghraf de Sráid Uí Chonaill. :0) Tá súil agam go mbeidh an siopa Gaelport oscailte sula gcuirim mo chuid airgid ar fad amú. Ba mhaith liom ceann de na t-léinte seo a cheannach..an-snasta.


  • Closed Accounts Posts: 15 myomi


    ok a chairde, táim cinnte go bhfuil t-léine gaelport timpeall an tí áit éigin, níos fearr fós...tá ipod le buachan ar an suíomh ach más maith libh t-léine gaelport a bhuachan táim cinnte go mbeimid in ann rud a socrú....


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    myomi wrote: »
    tá ipod le buachan ar an suíomh

    Doiligh go leor a bhuacan mar ní thig liom an comórtas a aimsiú.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    myomi wrote: »
    ok a chairde, táim cinnte go bhfuil t-léine gaelport timpeall an tí áit éigin, níos fearr fós...tá ipod le buachan ar an suíomh ach más maith libh t-léine gaelport a bhuachan táim cinnte go mbeimid in ann rud a socrú....

    Ba bhreá liom t-léine Gaelport a bhuachan! déarfainn freisin go mbeadh sé níos fearr ná fáinne chun aitheantas a chur ar Ghaeilgeoirí


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ag caint faoi T-léinte as Gaeilge, fuair mé ceann deas ón suíomh Hairybaby - tá réimse maith ann


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Ag caint faoi T-léinte as Gaeilge, fuair mé ceann deas ón suíomh Hairybaby - tá réimse maith ann

    guystee_0002.jpgguystee_0046.jpg

    An-mhaith! :D


  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Poll Dubh wrote: »
    Ag caint faoi T-léinte as Gaeilge, fuair mé ceann deas ón suíomh Hairybaby - tá réimse maith ann

    Thar a bheith snasta, is aoibhinn liom roinnt de na t-leinte seo chomh maith. Grma as an nasc.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Cad atá ag tarlú sa ngrianghraf sin "Sráid Uí Chonaill á Ghaelú" ?

    An bhfuil comharthaí bóithre nua curtha suas le Gaeilge amháin orthu?

    Ní comhartha oifigiúil é seo, faraor, is cosúil go bhfuil cairde na gCeithearna Coille ag gníomhú ó dheas den teorainn.


    phpm547vyam.jpg
    my.php?image=phpm547vyam.jpg


Advertisement