Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cúrsaí Caide

  • 19-02-2009 7:25pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49


    Bhí cluiche maith caide idir Ciarraí agus Tír Eoghain san Ómaith an Domhnach seo a d’imigh tharainn;
    - ardchaighdéan imeartha, babhtaí maithe passála, scóranna maithe agus ard ghreamú ar an gcaid san aer agus faraoir calaoisí gránna.

    Cluiche a bhí buaite ag Ciarraí sa chéad leath ach casta ar a cheann sa tarna leath nuair a dhein Tír Eoghain iarracht teacht thar nais ach le barr feabhais Chiarraí theip ar a ndícheall.
    Cé gur thángadar I ngiorracht dhá chúilín choinnigh na Ciarraígh greim an phortáin ar an bhfarrasbarr go ceann scríbe na himeartha.

    Chuir geáitsíocht Jack O Connor tar éis an chluiche ionadh nach beag orm.

    Tháinig Jack O Connor i gcomharbacht ar Pat O Shea . Traenálaí maith ab ea Pat O Shea agus tá ana-thuiscint aige ar chúrsaí caide. Ach theip air imreoirí áirithe ar nós muintir Uí Shé agus Paul Galvin a cheansú. Bhí fadhb mhór smachta ag Ciarraí anuraidh. Thaibhseofaí dhuit ar an gcéad éachaint go mbeadh a mhalairt ar fad de scéal ann le Jack O Connor. Ach a Thiarcais, ní mar a síltear a bítear. Ag deireadh an chluiche san Ómaigh bhí Marc Ó Sé – duine teasaí lasánta - ag clamhsán is ag cnáimhséail le muintir Thír Eoghain. Agus mar bharr ar an donas bhí Bainisteoir Chiarraí istigh I lár baill freisin ag caitheamh anuas ar imreoirí Thír Eoghain. Chuir sé sin déistean orm. Ba cheart do Jack O Connor dea-cheannaireacht agus dea-shampla a thaispéaint dá imreoirí agus a chlab a choiméad dúnta agus gan a bheith ag déanamh amadáin de féin faoi mar a rinne sé ag deireadh an chluiche san Ómaith . Béal iata ar cheann ciallmhar a deir an seanfhocal agus ní sharódh an saol an seanfhocal céanna dar liom. Ba cheart leis go dtuigfeadh sé nach nionann a chearta agus an rud ceart. Dóbair dó ciréib a chur sa tsúil. Bhí an tádh dearg leis nár tógáladh raic ann. Bhí an oiread sin teannais ann.

    Ní fheicfí Declan Kidney ag dul I ngleic lena chéilí comhraic. Tá sé I bhfad Éireann ró stuama agus ró éirimiúil chun a léithéid a dhéanamh. Muna gcoiméadann Jack O Connor srian ar fhéin agus ar a imreoirí níl seans dá laghad ag an Ríocht Craobh Uile Éireann a bhuachaint I mbliana.

    Mar fhocal scoir tá ana mheas agam ar Mhicky Harte mar dhuine agus mar bhainisteoir ach tá sé de dhualgas air an fód a sheasamh agus a léiriú go háirithe do aos óg na tíre bige seo nach nglacfadh sé le peileadóirí a bhíonn ag tuairimíocht faoi conas mar ab fhearr a chnagfaí céile comhraic I ngan fhios don réiteoir. Is meatachán suarach é Ryan McMenamin. Rug sé greim ar mhagairlí Paul Galvin. Ba cheart do Mhicky Harte bata agus bóthar a thabhairt dó.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach


    Aontaím leat ar fad, a chara.

    Na bígí ag caint fén amadán sin, Rian Mac Meanmán!
    Chuireann an gníomh mídhleathach síud masmas orm, i ndairíre!
    Agus cén fonn a bhí a bhí ar an fheisí réiteoir! Ag scaoileadh an leabhar dubh ar Paul, agus Mac Meanmán ag déanamh aerach leo! A leithéid do chac asail!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    An bhfuil an cosc sé seachtaine ar Mhac Meanman tuillte?!
    Ní chreideann Mickey Ó hAirt go bhfuil, mar a bheifí ag súil


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy


    Stollaire wrote: »
    An bhfuil an cosc sé seachtaine ar Mhac Meanman tuillte?!
    Ní chreideann Mickey Ó hAirt go bhfuil, mar a bheifí ag súil

    Tá sé tuillte gan dabht ar bith. Is 'mála-scúm' é, tá sé ceann de na n-imreoirí is salacha sa tír. Tá ionadh orm faoi Mickey, de gnáth, tá sé reasúnta cliste.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar


    Stollaire wrote: »
    An bhfuil an cosc sé seachtaine ar Mhac Meanman tuillte?!
    Ní chreideann Mickey Ó hAirt go bhfuil, mar a bheifí ag súil

    Déinim amach go bhfuil sé tuillte agus tuillte go maith ag MacMeanman. Tá téist an dea bhainisteora ar Mhicky Harte ach ní mar a síltear a bítear. Cheapas go mbeadh sé níos láidire mar dhuine. Bhíos den tuairim gur duine uasal prionsabálta é ach fós tugann sé tacaíocht don scraimíneach sin, rud ná tuigim.
    Ba cheart go dtuigfeadh sé go bhfuil níos mó ná glórmhian agus uaillmhian ag baint lena phost ach go bhfuil freagracht agus dualagaisí ann chomh maith.
    Nuair is mó an spórt is cóir stad de.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Dóibh siúd nach dtuigeann cad atá i gceist againn, brú ar an nasc thíos:

    http://www.youtube.com/watch?v=9HJQFEqKkrw


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ar an ábhar, tá tuairim spéisiúil ag Ó Tithligh san Irish Times inné.

    Tá sé ag treabhadh an iomaire seo le fada.

    http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2009/0226/1224241832904.html
    Ní raibh aon pheil sa tír seo riamh go dtí le déanaí. Bhíodh daoine ag ciceáil lamhnán muc i dtuaisceart Chúige Laighean san 18ú haois ceart go leor, is é sin, nuair nach mbíodh siad ag ciceáil a chéile. B’i an iomáint cluiche na ndaoine.
    Níl aon lua uirthi in iarthar na tíre go dtí deireadh an 19ú haois. Iomáint ar fad a bhí ar na hoileáin – ar Árainn, Inis Gé, Inis Bó Finne, Reachlainn, Cléire, Cliara agus na hoileáin bheaga ar Loch Éirne (mar a n-úsáidtí caipín glúine tairbh mar liathróid). Iomáint a d’imir Tomás Ó Criomhthain lá Nollag ar an mBlascaod Mór. Iomáint atá i scéalta Shéamais Uí Ghrianna i dTír Chonaill. Iomáint atá luaite ag na scéalaithe agus na seanchaithe móra thoir, thuaidh, theas is thiar. Iomáint a d’imir na síóga leis an bhfoireann shaolta.
    Ba chuid den réabhlóid mheasúlachta í a tharla tar éis an ghorta, réabhlóid a chuir deireadh le mórán caitheamh aimsire eile nár samhlaíodh iad a bheith de réir an Victeoiriánachais. Agus d’imigh an iomáint thar oíche as baill a mbíodh sí láidir iontu. D’imigh sí laistigh d’aon ghlúin amháin, mar a d’imigh an Ghaeilge.

    Ar chóir don CLG níos mó a dhéanamh ar son iománaíochta ná peil/caid? Ós rud é go bhfuil sí níos gaelaí!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus


    Tulyar wrote: »
    Déinim amach go bhfuil sé tuillte agus tuillte go maith ag MacMeanman. Tá téist an dea bhainisteora ar Mhicky Harte ach ní mar a síltear a bítear. Cheapas go mbeadh sé níos láidire mar dhuine. Bhíos den tuairim gur duine uasal prionsabálta é ach fós tugann sé tacaíocht don scraimíneach sin, rud ná tuigim.
    Ba cheart go dtuigfeadh sé go bhfuil níos mó ná glórmhian agus uaillmhian ag baint lena phost ach go bhfuil freagracht agus dualagaisí ann chomh maith.
    Nuair is mó an spórt is cóir stad de.

    Aontáím leat, tá sé tuillte aige.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Stollaire wrote: »
    Ar chóir don CLG níos mó a dhéanamh ar son iománaíochta ná peil/caid? Ós rud é go bhfuil sí níos gaelaí!

    Déan dearmad ar sin - Liathróid Láimhe an áit ina bhfuil sé - ach is dóigh liom gur snáithe eile é sin :D


    Níos tábhachtaí - smaointí faoin deireadh seachtaine? Cluiche mór ag Doire sa bhaile (Ciarraí),
    Sligeach chun dul níos fuide chun tosach ceapaim! (Londain)

    Neart chluichí suimiúil ceapaim - Ach BÁC abú (agus stop ag pleidhcíocht!)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus


    Cliste wrote: »
    Níos tábhachtaí - smaointí faoin deireadh seachtaine? Cluiche mór ag Doire sa bhaile (Ciarraí),

    Sin an cluiche is suimiúla a bheidh ann ag an deireadh seachtaine dar liom. Ceapaim féin go mb'fhéidir go mbeidh an lámh in uachtar ag Doire.
    Dála an scéil, tá ráflaí ag dul thart go mb'fhéidir go nglacfaidh Tadhg Kennelly páirt éígin sa chlucihe, agus tá post mar chóitseála tugtha dó ag coiste an chontae.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy


    Béidh an cluiche idir Tír Eoghain agus Gaillimh speisúil fresin. Tá Gaillimh ag déanamh go maith agus chaill Tír Eoghain a chluiche dheireancha!


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    An bhféadfainn ceist a chur... an é "caid" focal réigiúnach? Cá as don téarma más ea? Seo an chéad uair a bhfaca mé é.

    An chluiche deireanach a bhfaca mé ná Áth Cliath i gcoinne Tír Eoghain i bPáirc an Chrócaigh i gcomhair GAA 125. Tá Tír Eoghain ar caighdeán eile ar fad, dar liom féin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Karlusss wrote: »
    An bhféadfainn ceist a chur... an é "caid" focal réigiúnach? Cá as don téarma más ea? Seo an chéad uair a bhfaca mé é.

    Is focal é don sean peil a imrítear in Éireann roimh an CLG srl.


    An bhfaca aon duine cluiche BÁC? Drochaimsire, ach fós níl mórán muinín agam san foireann. Ceap mé nach raibh cosaint maith ar an páirce. sin ráite bhí cluiche maith ag cúpla daoine (Cahill, Brogan) Cad a cheap sibh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus


    Cliste wrote: »
    Is focal é don sean peil a imrítear in Éireann roimh an CLG srl.


    An bhfaca aon duine cluiche BÁC? Drochaimsire, ach fós níl mórán muinín agam san foireann. Ceap mé nach raibh cosaint maith ar an páirce. sin ráite bhí cluiche maith ag cúpla daoine (Cahill, Brogan) Cad a cheap sibh?

    Tá an ceart agat, ach chomh maith leis sin, úsáidtear an focal "caid" in áit "peil" fós i gCiarraí.

    Ní fheaca an cluiche, ach chualas gur imir Bastic agus McConnell go maith. Meas tú, an bhfuil lánchúlaí maith faighte ag Áth Cliath fé dheireadh agus Bastic ag imirt go maith? Dar liom, tá McConnell i bhfad níos fearr i lár na páirce.


  • Moderators, Education Moderators, Regional South East Moderators Posts: 12,527 Mod ✭✭✭✭byhookorbycrook


    Chuir mhuintir Bhellaghy fáilte iontach roimh na daoine ón Ríocht,bhí m'fhear chéile ann, dúirt sé go raibh sé cosúil les na "staisúin" fadó, ceapairí, cácaí, brioscaí agus neart eile!


Advertisement