Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cabhair le focal - loscann

  • 12-02-2009 6:05pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Tá an focal céanna i mBéarla agus i nGaeilge le haghaidh 'frog' de réir focal.ie ach tá focal eile acu 'loscann' a bhfuil 'in úsáid' dar leo. An bhaineann an focal seo le ceann de na canúinití? Níl sé cloiste agam riamh.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus




  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus




  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Go raibh maith agat as an eolas, suimiúil go leor, ach níl a fhios agam go fóill an bhfuil an focal sa chaint go coitianta. Ón méid a bhí ar beo.ie tá mé ag ceapadh gur focal Ultach é?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus


    Poll Dubh wrote: »
    Go raibh maith agat as an eolas, suimiúil go leor, ach níl a fhios agam go fóill an bhfuil an focal sa chaint go coitianta. Ón méid a bhí ar beo.ie tá mé ag ceapadh gur focal Ultach é?

    Níl a fhios agamsa an bhfuil sé sa chaint go coitianta ach oiread. Tá an focal anseo.

    http://en.wikisource.org/wiki/A_Dialect_of_Donegal/The_Consonants
    http://en.wikisource.org/wiki/A_Dialect_of_Donegal/The_Vowel_System


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Poll Dubh wrote: »
    Go raibh maith agat as an eolas, suimiúil go leor, ach níl a fhios agam go fóill an bhfuil an focal sa chaint go coitianta. Ón méid a bhí ar beo.ie tá mé ag ceapadh gur focal Ultach é?

    Bíonn sean-fhear ar chlár raidio "Rónán Beo" ar R na G go minic darb ainm Mícheál Mac Aoidh, as oileán Inis Bó Finne, Tír Chonaill, agus cuireadh ceist air tamall ó shin caidé an focal a bhí aige ar "frog" agus thug sé "loscann" mar fhreagra ar an cheist.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam


    Agus wrote: »

    Sílim gurbh fhearr liom an focal loscann a chloisteáil ar frog toisc go mbeadh sé i bhfad níos éasca dom a thuiscint sa teanga labhartha. Tá dhá shampla tugtha acu sa ghluais Beo agus is i gcásanna ar nós an dara ceann, glóthach fhroig a mbíonn an fhadhb agam leis scaití. Chloisfinn 'fhroig' mar 'roig' i gcaint. Sin ráite, braitheann sé ar cad a bhíonn daoine eolach air, is dócha.


  • Closed Accounts Posts: 2 lolo20


    ar mhaith leat aon duine caint liom mar tá mo scrudu gramadaí ag teacht agus ba mhaith liom ag cleactadh!

    Ceist: Cad é an difriul idir duine agus daoine? Bhfuil me ceart ag usaid an focal 'duine' sa post seo? :rolleyes:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    lolo20 wrote: »
    ar mhaith leat aon duine caint liom mar tá mo scrudu gramadaí ag teacht agus ba mhaith liom ag cleactadh!

    Ceist: Cad é an difriul idir duine agus daoine? Bhfuil me ceart ag usaid an focal 'duine' sa post seo? :rolleyes:

    duine - duine amháin

    daoine - beirt daoine

    (Ceapaim - ní saineolaí gramadaí mé)


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    duine - singular

    daoine - plural

    má thuig mé do cheist ceart


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    A conchubhair1, an rud is measa faoi do Ghaeilge ná go bhfuil tú fós ag úsáid Béarla i dTeach na nGealt agus tá mé bréan de. Cad é an scéal? - ní féidir an riail a bheith níos símplí - Gaeilge amháin anseo.
    lolo20 wrote: »
    ar mhaith leat aon duine caint liom mar tá mo scrudu gramadaí ag teacht agus ba mhaith liom ag cleactadh!

    Fáilte go dtí Teach na nGealt a lolo20. Tá an fóram anseo cosúil leis na bhfóraim eile - cuir tús le snáithe le ceist éigin nó nuacht nó scéal grinn nó smaoineamh fánach agus leanfaidh an comhrá as sin.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Poll Dubh wrote: »
    A conchubhair1, an rud is measa faoi do Ghaeilge ná go bhfuil tú fós ag úsáid Béarla i dTeach na nGealt agus tá mé bréan de. Cad é an scéal? - ní féidir an riail a bheith níos símplí - Gaeilge amháin anseo.

    rinné mé dearmad arís - chuir mé gaeilge air - mar a dhearna mé gach uair eile (tar eis tamalín beaga)


Advertisement