Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

  • 28-01-2009 10:08am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭


    A charam,
    is Gearmánach agus foghlaimeoir na Gaeilge mise. An bhliain seo caite thug mé cuairt ar an Éirinn in éineacht le mo dheirfiúr. Bhí muid i nGaillimh, gCorcaigh agus mBaile Átha Cliath. Ar ndóigh, bhí fonn úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge. Ach tá brón rom nár éirigh liom cuairt a chur ar an nGaeltacht mar gheall ar nach bhfuil go leor busanna ann go dtí na Gaeltachta. D´eitilt muid chuig Baile Áthe Cliath agus ansin, thaistil muid leis an traein chuig Gaillimh. Gan mórán achair, thug muid faoi déara go bhfuil formhór na n-Éireannach níos cáirdiúle ná na Gearmánaigh. Bhí muid ag lorg ár Leaba & Bricfeasta agus gan mórán achair, tháinig bean amháin agus chuir sí ceist orainn cad tá muid ag lorg. Bhí bean an tí L & B an-cháirdiúil, freisin. Thosaigh mé ag labhairt as Gaeilge agus dúirt sí go bhfuil Gaeilge níos fearr agam ná atá aici. Dúirt sí liom gur fiú liom a dhul chuid Árus na nGael le mo chuid Gaeilge a chleachtadh. Ar ndóigh, tháinig mé ansin. Ach bhain mé triail as caint as Gaeilge sa chathair. I siopa leabhair san ionad siopadóireachta na Gaillimhe chas mé ar bhean óg a raibh Gaeilge liofa aige. Tar éis do Conradh na Gaeilge rá dom go bhfuil Gaeilge ag an bhfoireann ag “Tigh Chóilí” tháinig mé ansin. Agus is fíor. Tá Gaeilge ag chuile dhuine na foirne ag “Tigh Chóilí”. Agus bhí cuid de na n-aoithe ag caint as Gaeilge chomh maith. D´éist mé go cúramach le na daoine sna sráideanna. Agus ó ham go ham chuala mé comhráite as Gaeilge. Ag Árus na nGael bhuail mé le déagóirí ón Ghaelscoil a bhí ag caint le chéile as Gaeilge. Thosagh mé ag caint leo agus bhí áthas orthu go bhfuil Gaeilge agam. Tá siad pród as bheith Gaeilgeoirí! Bhí an-fháilte romham ag Árus na nGael.
    Ansin thaistil muid go dtí Chorcaigh. Ansin ní chuala mé aon comhrá as Gaeilge sna sráideanna agus chonaic mé fógraí as Gaeilge go han-annamh. Bhí mé in ann úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge amháin i gcaife idirlín.
    Ag deireadh ár dturais bhí muid i mBaile Átha Cliath ar feadh dhá lae. Ansin bhain mé úsáid as mo chuid Gaeilge sa Chlub Chonradh na Gaeilge, sa Siopa Leabhair Chonradh na Gaeilge, ag Biúro Fhoras na Gaeilge agus le hiarradh an bhealach. Timpeall Bhaile Átha Cliath chonaic mé fógra in aghaidh nó ar son Chonartha de Lissabon ó ham go ham as Gaeilge. Bhí said amháin as Béarla i gcathair Chorcaí. Sa Chlub chas mé ar mhic léinn a bhí ag caint as Gaeilge le chéile faoi chúrsa bhur staidéir.
    Ag deireadh is féidir liom a rá go bhfuil an Ghaeilge i láthair lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith. Chas mé ar Ghaeilgeoirí a bhí ag labhairt mar atá cainteoirí dúchais agus gan bheith as an nGaeltacht. Dúirt an fear óg ag “Tigh Chóilí” i nGaillimh agus ag an gcaife idirlín i gCorcaigh go bhfuil beágán Gaeilge acu. Ach rinne mé gnáth-chomhrá le na fir gan fhadhbanna. Dúirt mé leo go bhfuil Gaeilge mhaith go leor acu le misneach a chur dóibh. Níor thuig daoine le beagán Gaeilge cad tá uaim agus dúirt siadsan:”I don´t understand…”
    Ach is náire go bhfuil beágan Gaeilge ag formhór an dhaonra tár éis foghlaim na Gaeilge ar feadh blianta ar scoil! Ní thuigim é ar chor ar bith! Agus is cúis gháire í Acht an Teanga! Níor éirigh liom Gaeilge a labhairt ag an Oifig Túrasóireachta riamh!
    An bhfuil caithreacha eile ann in Éirinn a bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil ar na sráideanna taobh le Gaillimh?
    Ach is breá liom an Éirinn! Chonaic mé Aillte an Mohair agus Cóbh taobh le na caithreacha.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Fáilte Uí Cheallaigh romhat, a Ghaeil Ghearmánaigh! :)

    Is breá liom a bheith ag cloisteáil faoi eachtrannaigh ag foghlaim na Gaeilge agus iad ag cur náire ar na hÉireannaigh leis an sár-líofacht atá bainte amach acu féin.

    Is iomaí duine in Éirinn a bhfuil Gaeilge faoi cheilt acu, ach is deacair teacht orthu, uaireanta. Ach is minic gur maith an rud é an t-idirlíon chun iad a thabhairt le chéile. Maidir leis an áit seo (boards.ie), is fóram dátheangach é seo ina mbíonn ceisteanna á gcur faoin nGaeilge as Béarla, ach tá fóram lán-Ghaelach againn darb ainm 'Teach na nGealt' (gliogáil ar an nasc seo) ina mbíonn plé ar siúl as Gaeilge amháin, más suim leat é. Tá súil agam go mbeidh tú ag cur leis an gcomhrá ansin go minic, más in Éirinn nó sa Ghearmáin atá tú. Beir bua!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus


    An-suimiúil, a Alexanderfranke. Maidir le Teach na nGealt, an mba cheart rud éigin mar "- fóram lán-Ghaelach boards.ie" a chur isteach i dteideal an tsnáithe Caint agus Craic i dTeach na nGealt
    i dtreo go mbeadh sé níos soiléire cá bhfuil an fóram lán-Ghaelach?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Saghas 'No Béarla' a bhí i gceist Alex?!

    Tá níos mó Gaeilge ag daonra na tíre ná a ceapfá, ach tá easpa iomlán muinín ag na hÉireannaigh. Ceapaim cúis amháin ná 'fíor' Gaeilgeoirí a beidh ag ceartú Gaeilge Gaeilgeoirí lag.


  • Closed Accounts Posts: 1,376 ✭✭✭gaeilgegrinds


    Aontam leat Cliste, cuireann sé sin fearg orm. Ach caithfidh mé a rá go bhfuil na deagóir na laethanta seo i mo scoil an-bhrodil as an meid Gaeilge atá acu. Tugann sé sin fuinneamh dom.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Agus wrote: »
    An-suimiúil, a Alexanderfranke. Maidir le Teach na nGealt, an mba cheart rud éigin mar "- fóram lán-Ghaelach boards.ie" a chur isteach i dteideal an tsnáithe Caint agus Craic i dTeach na nGealt
    i dtreo go mbeadh sé níos soiléire cá bhfuil an fóram lán-Ghaelach?


    +1 smaoineamh maith.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Nuair a dúirt duine éigin "I don´t understand", thosaigh mé ag caint as Béarla. Mar ní raibh an fonn orm go n-éireoidh na daoine féargach.
    Chonaic mé "No Béarla" ag Youtube. Bhí sé greannmhar! Ní raibh iontas orm de bhrí go scríobhann na scríbhneoirí Gearmánaigh duairc faoin Ghaeilge den chuid is mó. Is dóigh liom gur féidir a dhul slán as caint as Gaeilge amháin i gcathair na Gaillimhe. Ach i gcathair Chorcaí beidh sé an-dheacair. Cén fáth an bhfuil an Ghaeilge chomh lag sin i gcathair Chorcaí?
    An bhfuil cathair eile ann in Éirinn a bhfuil mórán fhorbairt na Gaeilge ann?
    Beidh mé ag leanúint liom foilsiú anseo ag an ábhar seo de bhrí nach bhfuil fonn orm a bhriseadh isteach san ábhar.

    Slán agus beir bua, Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Agus wrote: »
    An-suimiúil, a Alexanderfranke. Maidir le Teach na nGealt, an mba cheart rud éigin mar "- fóram lán-Ghaelach boards.ie" a chur isteach i dteideal an tsnáithe Caint agus Craic i dTeach na nGealt
    i dtreo go mbeadh sé níos soiléire cá bhfuil an fóram lán-Ghaelach?

    Athraithe :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus


    Gael wrote: »
    Athraithe :)

    Go raibh maith agat. :)


  • Closed Accounts Posts: 2 MichaelC


    Nuair a dúirt duine éigin "I don´t understand", thosaigh mé ag caint as Béarla. Mar ní raibh an fonn orm go n-éireoidh na daoine féargach.
    Chonaic mé "No Béarla" ag Youtube. Bhí sé greannmhar! Ní raibh iontas orm de bhrí go scríobhann na scríbhneoirí Gearmánaigh duairc faoin Ghaeilge den chuid is mó. Is dóigh liom gur féidir a dhul slán as caint as Gaeilge amháin i gcathair na Gaillimhe. Ach i gcathair Chorcaí beidh sé an-dheacair. Cén fáth an bhfuil an Ghaeilge chomh lag sin i gcathair Chorcaí?
    An bhfuil cathair eile ann in Éirinn a bhfuil mórán fhorbairt na Gaeilge ann?
    Beidh mé ag leanúint liom foilsiú anseo ag an ábhar seo de bhrí nach bhfuil fonn orm a bhriseadh isteach san ábhar.

    Slán agus beir bua, Alex

    Tá Corcaigh nios faide ón nGaeltacht Chorcaí ná Gallimhe agus a nGaeltacht, an priomhchuis dearfainn. Is í Béal Feirste an ait in a bhfuil a forbairt (daoine ag labhairt, seachas infheistíocht!) ar an oileáin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Sín é go cinnte cuid den chúis. Bíonn Gaeltacht Chorcaí i bhfad níos beige ná an ceann na Gaillimhe. Agus bíonn cathair Chórcaí níos mó ná cathair na Gaillimhe. Mar sin ní bhíonn tionchar as an nGaeltacht ar an gcathair infheicthe sa chás de Chorcaigh. Ach is dóigh liom go bhfuil baint ag an daonra leis sein freisin. Chonaic mé ar an daonáireamh bheagcheantair 2006. Agus tá cuid an dhaonra le húsáid rialta na Gaeilge níos airde ná i gcathracha eile i lár chathair na Gaillimhe chomh maith. Is i an Ghaeilge is laige i mbailte éagsúla in oirdheisceart na hÉireann thart ar Phort Láirge agus Loch Garmáin, ach amháin Gaeltacht Phort Láirge.
    Beir bua, Alex


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach


    Maith thú a Frank! Ba dhealraitheach é ó do Ghaoluinn go bhfuil neart suim agat inár dteanga dúchasach. Ní foláir dom a rá, nach mbínse ar buille leis an easpa dteangmháil as Ghaeilge sa tír seo, mar is léir dom go bhfuil sé go sonraíoch sa chomairligh go léir, díreach mar a dúirt tú. Faraor, is minic a theipeann m'fhoighne nuair a cluinim hÉireannach ag thabhairt amach fén theanga!

    Mar shampla, nuair a bíonn síad ag callaireacht nách bhfuil aon cúis le foghlaim teanga.
    Chuireann an leithéid rácht feirge orm! Dál an scéil, mar a deireann an sheanfhocail:

    "Is trom t-ualach an t-aineolas"

    Ignorance is a heavy burden
    ;)


Advertisement