Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Gar beag!

  • 27-01-2009 7:29pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,810 ✭✭✭


    Dia dhaoibh!

    Táim díreach ag dhéanamh mo thráchtas san Ollscoil ach tá cabhair uaim. Táim ag dhéanamh taighde ar an shlí ina úsáideann daltaí Ollscoile na meáin úra (new media) Gaeilge a bhfuil ar fháil agus a dtuairimí faoi. Mar chuid de táim ag dhéanamh suirbhé ach, toisc go bhfuil sé as Gaeilge, tá sé an-dheacair freagraí a fháil. Mar sin, má tá 5 nóiméad agaibh an féidir libh an suirbhé a dhéanamh?

    Níl ach dhá riachtanais. Caithfidh tú bheith:
      níos sine ná 17 páirteach in Oideachais Tríú Leibhéal

    Má tá sibh sásta é a dhéanamh is féidir an leathanach eolas atá ceangailte leis an phost a léamh agus tá an nasc don suirbhé ag an deireadh.

    Go raibh míle maith agaibh,

    Ergo.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    ergonomics wrote: »

    Níl ach dhá riachtanais. Caithfidh tú bheith:
    • ag freastal ar Ollscoile nó Institiúid Teicneolaíochta

    Tá mé ag déanamh an dioplóma i nGaeilge go páirtaimseartha le hOllscoil na Gaillimhe in ionad seachtrach. An ndéanfadh sé sin cúis?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    [/list]
    Tá mé ag déanamh an dioplóma i nGaeilge go páirtaimseartha le hOllscoil na Gaillimhe

    Go deas, an molfá é?
    Níl ach dhá riachtanais. Caithfidh tú bheith:
    • níos sine ná 17
      ag freastal ar Ollscoile nó Institiúid Teicneolaíochta

    Nílim i gcoláiste.
    Mo leithscéal


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,810 ✭✭✭ergonomics


    Poll Dubh wrote: »
    [/LIST]
    Tá mé ag déanamh an dioplóma i nGaeilge go páirtaimseartha le hOllscoil na Gaillimhe in ionad seachtrach. An ndéanfadh sé sin cúis?

    Ní dhéanfadh. Ba cheart dom 'Ollscoil nó Institiúid Teicneolaíochta' a athrú go dtí 'Oideachais Tríú Leibhéal', brón orm faoi sin.

    Go raibh míle maith agat do gach éinne a rinne é go dtí seo. Níl fhios cé mhéad cabhair a bhfuil sé!

    Táim ag lorg idir 40 agus 50 freagraí agus tá 25 agam anois. Níos fearr ná an méid a bhí agam inné!! :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is nuacht domsa nach bhfuil dioplóma aitheanta mar oideachas tríú leibhéal, ba chóir dom mo chárta aitheantais a sheoladh ar ais go hOllscoil na Gaillimhe.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Is aoibhinn beatha an scoláire :(


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Go deas, an molfá é?

    Tá béim an chúrsa ar chumarsáid trí mheán na Gaeilge agus ar Ghaeilge chaighdeánach seachas staidéar ar filíocht agus litríocht. Feileann sé sin domsa ar aon chaoi. Maireann sé dhá bhliain agus cosnaíonn sé €1,025 in aghaidh na bliana ach ós rud é go bhfuil mé ag obair sa Ghaeltacht go rialta tá Údarás na Gaeltachta sásta leath den táille a íoc agus tá mé ag súil go mbeidh m'fhostóir sásta an leath eile a íoc.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,810 ✭✭✭ergonomics


    Poll Dubh wrote: »
    Is nuacht domsa nach bhfuil dioplóma aitheanta mar oideachas tríú leibhéal, ba chóir dom mo chárta aitheantais a sheoladh ar ais go hOllscoil na Gaillimhe.

    Nílim a rá nach bhfuil sé ina oideachas tríú leibhéal, táim a rá go bhfuil agus tá lán cead agat an suirbhé a dhéanamh. Léigh mé do céad freagra mícheart, brón orm.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Múinteoir wrote: »
    Is aoibhinn beatha an scoláire :(

    Hey, tá a lán strus ag baint leis...

    Tá thart ar seachtain agam anois chun eh... faoiseamh a fháil :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    ergonomics wrote: »
    Nílim a rá nach bhfuil sé ina oideachas tríú leibhéal, táim a rá go bhfuil agus tá lán cead agat an suirbhé a dhéanamh. Léigh mé do céad freagra mícheart, brón orm.

    Tá tú togha a chara, ní ghearr mé suas mo chárta.


  • Closed Accounts Posts: 217 ✭✭rororoyourboat


    Déanta - táim fhéin in Ollscoil Luimnigh, ag déanamh an Ghaeilge agus na Meáin Úra. Ag tnúth go mór don tionscadail seo an bhliain seo chugainn! :pac:


  • Advertisement
Advertisement