Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Inshealbhú agus Óráid Obama

  • 20-01-2009 7:32pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭


    An bhfaca sibh é? Tuairimí ag éinne? Bhí an ministir sin a dúirt an phaidir ag an tús ag cur as dom! Bhí sé ag éirí i bhfad ró-mhaoithneach, dar liom. Ach bhí óráid Obama thar a bheith meáite agus cruinn, gan a bheith ag dul thar fóir. Níor mhaith liom a bheith i mo sheasamh san fhuacht sin ar feadh na n-uaireanta fada mar sin!

    (I.S. Chuir seafóid mhaoithneach Bono ar an stáitse inné isteach orm chomh maith, ach níl mé in ann caint Bhono a sheasamh ag am ar bith!)


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    An ceart agat cinnte maidir le Bono.

    Ceapaim féin go bhfuil Obama fhéin beagáinín ró-mhaoineach. Níor thug sé faic dúinn fós taobh amuigh cúpla óráid a bheadh oiriúnach do deireadh scannáin Hollywood, caithfimid fanacht don Realpolitik. Chuala mé na smaointe ina phlean athbheocháin an geallagar - Green Energy - go bhfóire Dia orainn!

    Ní spreagfaidh 'hope' rud ar bith in a aonar. Caithfidh sé rudaí practiciúla a soláthar - agus go taipfidh.

    Ar a laghad - ní féidir leis a bheith chomh olc leis an gunslinger.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra


    Is duine spreaguil, cliste, léannta, gnéasuil é Obama. Is duine é atá ag spreagadh daoine ar fud an domhain. Ba rud spreaguil an lá inné do mhuintir goirme i Mheiricéa, tar éis an stair uafásach a raibh acu.

    Is cuimhin liom na 70s agus na 80s in Eireann nuair a bhi sé mar rud iontach nuair a cloistear amhráin Ghaelach ar BBC nó Top of the Pops. Is cuimhin liom nuair a thosaigh U2 agus táim an bróduil as BONO agus an mhéid atá déanta aige - agus dar nóigh ag na lads eile as U2.

    Cad a rinne tu féin ar son do tir no ar son an domhain?????

    Tabhair dom briseadh!!!!!! (Tá a fhios agam gur Gaeilge uafasach é sin ach .......) . Is daoine spreaguil iad BONO agus OBAMA agus ba mhaith liom cuig faoin gcéad den sár oibre ata déanta acu a dhéanamh i mo shaol.

    Tá brón orm faoin Gaeilge uafásach ach ni faoi na tuarimi:):):)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    An bhfaca sibh é? Tuairimí ag éinne? Bhí an ministir sin a dúirt an phaidir ag an tús ag cur as dom! Bhí sé ag éirí i bhfad ró-mhaoithneach, dar liom. Ach bhí óráid Obama thar a bheith meáite agus cruinn, gan a bheith ag dul thar fóir. Níor mhaith liom a bheith i mo sheasamh san fhuacht sin ar feadh na n-uaireanta fada mar sin!

    Chuir an-Mheiriceánachais an tSagairt sin as domhsa freisin, ach b'aisteach liom gur labhair sé focal Gaeilge .i. "Íosa", le linn a óráid!

    D'airigh mé brónach d'Óbama nuair a rinne mo dhuine, an Príomh-Bhreitheamh, praiseach cheart den insealbhú freisin.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    topper75 wrote: »

    Ar a laghad - ní féidir leis a bheith chomh olc leis an gunslinger.

    Níl aon rud i ndán dúinn ach feabhsú, agus an Sceach imithe ón Teach.
    wow sierra wrote:
    Is cuimhin liom na 70s agus na 80s in Eireann nuair a bhi sé mar rud iontach nuair a cloistear amhráin Ghaelach ar BBC nó Top of the Pops. Is cuimhin liom nuair a thosaigh U2 agus táim an bróduil as BONO agus an mhéid atá déanta aige - agus dar nóigh ag na lads eile as U2.

    Cad a rinne tu féin ar son do tir no ar son an domhain?????

    Tá cuimhne an-mhaith agamsa ar na 1980idí chomh maith. Chuaigh gach uile dhuine de mo theaghlach ar imirce, seachas mé féin mar go raibh mé ar scoil go fóill agus bhí 65% dá chuid pá á íoc ag m'athair mar cháin. Agus más buan mo chuimhne, bhí go leor daoine saibhre san am sin nach raibh sásta a gcuid cánach a íoc. Is fimíneach ceart é Bono, agus é ag seanmóireacht linn faoi bhochtaineacht an tríú domhan.

    Rinne Graham Norton cur síos an-mhaith air:
    "People like Bono really annoy me," Norton said. "He goes to hell and back to avoid paying tax. He has a special accountant. He works out Irish tax loopholes. And then he's asking me to buy a well for an African village."


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Tá cuimhne an-mhaith agamsa ar na 1980idí chomh maith. Chuaigh gach uile dhuine de mo theaghlach ar imirce, seachas mé féin mar go raibh mé ar scoil go fóill agus bhí 65% dá chuid pá á íoc ag m'athair mar cháin. Agus más buan mo chuimhne, bhí go leor daoine saibhre san am sin nach raibh sásta a gcuid cánach a íoc. Is fimíneach ceart é Bono, agus é ag seanmóireacht linn faoi bhochtaineacht an tríú domhan.

    Sin dochreidte, focain fimíneach lofa!

    Is cúis náire dom freisin an chaoi a mbíonn sé ag léim thart ar an ardán ar nós seanduine craiceáilte


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    wow sierra wrote: »
    Is duine spreaguil, cliste, léannta, gnéasuil é Obama. Is duine é atá ag spreagadh daoine ar fud an domhain. Ba rud spreaguil an lá inné do mhuintir goirme i Mheiricéa, tar éis an stair uafásach a raibh acu.

    Is cuimhin liom na 70s agus na 80s in Eireann nuair a bhi sé mar rud iontach nuair a cloistear amhráin Ghaelach ar BBC nó Top of the Pops. Is cuimhin liom nuair a thosaigh U2 agus táim an bróduil as BONO agus an mhéid atá déanta aige - agus dar nóigh ag na lads eile as U2.

    Cad a rinne tu féin ar son do tir no ar son an domhain?????

    Tabhair dom briseadh!!!!!! (Tá a fhios agam gur Gaeilge uafasach é sin ach .......) . Is daoine spreaguil iad BONO agus OBAMA agus ba mhaith liom cuig faoin gcéad den sár oibre ata déanta acu a dhéanamh i mo shaol.

    Tá brón orm faoin Gaeilge uafásach ach ni faoi na tuarimi:):):)

    Ar dtús báire, nílim féin i mo ollamh na Gaeilge - ní gá le aon eisceacht a thabhairt dúinn faoi do chaighdeán - tá sé go han-mhaith mar a thárla sé.:)

    Tá áiféal agam d'Obama cé gur fhág Bush na Stáit Aontaithe ina phraiseach ceart. Ach ag an am céanna, tá a lán le cruthú ag an t-Uachtarán nua. Níl plean dáiríre aige chun an géilleagar a dheisiú. Dúirt sé go dtógfaidh sé tamall - ach níor luaigh sé do aon polasaí phraicticiúil a thabharfadh cabhair don ghnáth Joe atá as obair. An bhfuil sé sin spreagúil duitse?

    Maidir le Bono - tá gach rud ráite cheana ag daoine eile.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »

    Is cúis náire dom freisin an chaoi a mbíonn sé ag léim thart ar an ardán ar nós seanduine craiceáilte


    Bono Naofa ag cabhrú leis na bochtáin san Afraic ina bhealach speisialta féin.


Advertisement