Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Feirm Factor

  • 19-01-2009 10:43pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭


    Ar bhreathnaigh éinne ar Feirm Factor an tseachtain seo chaite?
    Cheap mé go raibh sé thar a bheith greannmhar.
    Molaim daoibh breathnú air ar TG4.tv muna bhfuil sé feicithe agaibh cheanna féin.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 10 An Ghealt


    Chonac é agus cheapas go raibh sé ana ghreannmhar leis, ag súil go mór leis an gcéad chlár eile anois ón méid de a thaispeánadar ag deireadh an chéad chlár, déarfainn go mbeidh sé níos greannmhaire fós.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Seo an rud, nílid ag iarraidh a bheith greannmhar ach tá sé!
    Níor mhaith liom a bheith ag caitheamh anuas ar éinne nó aon rud mar sin ach déarfainn go bhfuil an IQ i measc na n-iomaitheoirí an-íseal go deo. Tá cuma saghas buartha ar na moltóirí fúthu.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Stollaire wrote: »
    Seo an rud, nílid ag iarraidh a bheith greannmhar ach tá sé!
    Níor mhaith liom a bheith ag caitheamh anuas ar éinne nó aon rud mar sin ach déarfainn go bhfuil an IQ i measc na n-iomaitheoirí an-íseal go deo. Tá cuma saghas buartha ar na moltóirí fúthu.

    Fíor sin, éinne a chuireann an leas-ainm "The Duck" orthu féin, caithfidh go bhfuil rud éigin in easnamh suas staighre.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Fíor sin, éinne a chuireann an leas-ainm "The Duck" orthu féin, caithfidh go bhfuil rud éigin in easnamh suas staighre.

    Cad faoin bhean ag ciceáil na caorach boichte, go fíochmhar! Agus ansin ina dhiaidh sin ag leath-chaoineadh is a rá nár ghortaigh sí ainmhí ariamh!
    Níor mhaith liom a bheith ina ainmhí ar a feirm!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Diúltaím breathnú ar an tseafóid seo. Tá mé fós ag teacht ar ais chugam féin i ndiaidh 'Ní Gaeilgeoir Mé'


  • Advertisement
Advertisement