Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

PHP-fusion ar fáil go luath i nGaeilge

  • 18-01-2009 12:12AM
    #1
    Closed Accounts Posts: 9


    Tá PHP-fusion (Córas Bainistíochta Córais) aistrithe go Gaeilge agus beidh muid, Coláiste Cholmcille Indreabhan, Co. na Gaillimhe / Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, dhá scaipeadh taobh istigh de chúpla lá.

    Ceadaíonn PHP-fusion do dhuine suíomh idirlín a chruthú go héasca. Tá sé saor in aisce. Ní bhreathnaíonn suíomhanna PHP-fusion iontach, ach tá sé thar a bheith éasca iad a bhainistiú agus ábhar a chur orthu.

    Tá na gnéithe seo a leanas ar fáil ar shuíomhanna PHP-fusion:

    Fóraim, teachtaireachtaí príobháideacha, scréachbhosca, albaim ghrianghraif, naisc, ailt, íoslódálacha, catagóirí nuachta. Is féidir catagóir ar bith díobh sin a dhéanamh príobháideach sa gcaoi nach féidir ach baill le hainm úsáideora agus pasfhocal iad a fheiceáil.

    Tá sé thar a bheith feiliúnach do ghrúpa ar bith ar mhaith leis suíomh idirghníomhach, chumarsáideach a bheith acu trí mheán na Gaeilge.


Comments

Advertisement