Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An rialtas ag baint d'orgáin.

  • 14-01-2009 9:21am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Faoi láthair ní féidir le hospidéil d'orgáin a bhaint díot tar éis do bhás faoi dhéin trasphlandaithe mura bhfuil cead tugtha agat roimh ré i bhfoirm cárta deontóra nó mura dtugann do ghaolta cead é sin a dhéanamh. Ach anois tá an Rialtas ag smaoineamh faoi dul an mhalairt treo agus d'orgáin a bhaint díot tar éis do bháis sa chás nach bhfuil treoir tugtha agat gan d'orgáin a thógáil roimh ré. Smaoineamh maith i mo thuairim.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá Mary Harney ag iarraidh iad a ithe!

    mary-harney-health-service.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    D'fhéadfaimis iad a bhaint as daoine gan a gcead agus iad a dhíol ar an margadh domhanda, chabhródh an t-airgead seo cruth níos fearr a chur ar an gciste náisiúnta.

    Magadh ar leath-thaobh ar feadh nóiméad sílim gur smaoineamh maith é, ach ní shílim go mbeadh cead acu a leithéid a dhéanamh gan reachtaíocht nua.
    Agus ní shílim go bhfuil fonn ar an rialtas an díospóireacht sin a tharraingt orthu féin fé láthair. Ní amháin go bhfuil siad ag baint níos mó airgid asainn ach tá siad ar thóir ár n-orgáin chomh maith!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá an roinn sláinte agus leanaí i mbun comhairliúcháin phoiblí faoi láthair faoin gceist seo - b'fhéidir go bhfuil Aire Harney ag iarraidh aird an phobail a tharraingt óna gruaige le rud ceist eile conspóideach. Ní bheadh éinne ag iarraidh a horgáin bhlonagacha ar aon chaoi.


Advertisement