Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cláir TG4 2009

  • 07-01-2009 9:59pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Chuala mé Dermot Somers ag labhairt ar Glór Anoir go mbeidh sé ag déanamh sraith ar an turas taiscéalaíocht tubaisteach Burke agus Willis san Astráil sa naoú haois déag. Rinne mé féin agus mo chailín an turas céanna ó Cairns go Melbourne ach bhí sé giota beag níos éasca dúinn lenár bhFord Falcon. Beidh an sraith ag tosú Dé Domhnaigh ar 9.30 i.n.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Rinne mé féin agus mo chailín an turas céanna ó Cairns go Melbourne ach bhí sé giota beag níos éasca dúinn lenár bhFord Falcon.

    Ana-dheas ar fad.

    Táim ag súil lena lán cláir ar TG4 i mbliana an ceann sin ina measc.
    Táim ag súil, caithfidh mé a admháil le Mo Ghrá go Daingean
    http://www.gaelport.com/index.php?page=news&news_id=1754

    Ag súil freisin leis an gceann faoin CLG


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Meas tú go mbeidh siad ag úsáid CLG sa teideal in ionad GAA?
    Cuireann GAA Beo, GAA 2008 mé ar mire.


  • Closed Accounts Posts: 10 An Ghealt


    Táim ag súil go mór leis an gclár fén CLG chomh maith ach ó theideal an alt so http://www.gaelport.com/index.php?page=news&id=1774&viewby=date ní bheinn ró dócasach go mbeidh CLG in úsáid seachas GAA.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Meas tú go mbeidh siad ag úsáid CLG sa teideal in ionad GAA?
    Cuireann GAA Beo, GAA 2008 mé ar mire.

    Sin an nós ag Nemeton ón Rinn, níl a fhios agam cén fáth! Buille faoi thuairim.. déanann siad é ionas go mbeadh níos mó ná Gaeilgeoirí ag breathnú air.
    D'aithneodh an Béarlóir "GAA" ar an toirt agus thabharfaí seans don gclár is cuma cén teanga ina bhfuil sé déanta.

    Táim ag súil freisin le "Eochair an Ghrá"

    http://gaelport.com/index.php?page=clippings&id=4506&viewby=date

    Caithfear TG4 a mholadh as an méid cláracha Éireannacha a chuirtear ar fáil ar bhuiséad chomh beag bídeach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An raibh grá agat do 'Mo ghrá go Daingean'? Ní raibh mórán ann i ndáiríre.

    Cén fáth nach gcuirfidh sibh an rud go léir as Béarla, a Nemeton, má tá an meon sin agaibh.

    Cad é an scéal leis an gcóimheas seo i gcónaí ar cláir ghrá: trí bhuachaill le haon chailín amháin. B'fhearr liom i bhfad níos mó dá mbeadh trí bhruinneall deas le feiceáil.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    An raibh grá agat do 'Mo ghrá go Daingean'? Ní raibh mórán ann i ndáiríre. quote]


    Chaill mé é, an raibh aon mhaitheas ann?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Seacht - Sraith a 2 ag teacht ar an Luan


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »

    Táim ag súil freisin le "Eochair an Ghrá"

    Eochair an ghrá? Clár ar a roghnaíonn cailín buachaill áirithe mar gheall ar mhéid a bhoid?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Mo Ghrá go Daingean. Ní fhaca mórán grá go Daingean sa chlár seo ach bhí neart grá d'airgead. Lean an chlár ceathrar daoine gnó ag iarraidh airgid a dhéanamh ach seachas go raibh Gaeilge ag an gceathrar, d'fhéadfadh an chlár seo a dhéanamh in aon áit.
    Múinteoir wrote: »
    Eochair an ghrá? Clár ar a roghnaíonn cailín buachaill áirithe mar gheall ar mhéid a bhoid?

    Ná déan dearmad go bhfuil an cruth tábhachtach chomh maith.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Seacht - Sraith a 2 ag teacht ar an Luan

    An mbeidh Linda Bhreathnach ann?

    rosnarun.jpg

    blasta


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá cíocha Linda níos mó ná mar a cheap mé! :)

    Déarfainn go mbeidh an clár faoi CLG go maith, ach tá súil agam nach mbeidh an iomarca agallaimh Bhéarla i gceist.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ba bhreá liom bheith i mo chuaille eolais sin.:pac:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 149 ✭✭Redbhoy


    Ar thosaigh 'Seacht' ar Luain seo caite, (Eanair 12th)?.
    Cén t-am a bíonn sé ar siúl?
    GRMMA


  • Closed Accounts Posts: 10 An Ghealt


    10:55 ar an Luan agus 10:05 ar an Satharn, is féidir féachaint ar an gclár ón Luan seo caite ar suíomh TG4 chomh maith más mian leat.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 149 ✭✭Redbhoy


    Go raibh míle maith agat.


Advertisement