Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Na Hardy Bucks

Options
  • 29-12-2008 3:38pm
    #1
    Registered Users Posts: 865 ✭✭✭

    Aoir sóisialta iontach maith agus greannmhar faoi shaol san Iarthar (Baile an Chaisleáin, Co. Maigh Eo nó Béal Átha na Muice a bheith níos cruinne sílim)

    http://ie.youtube.com/user/hardybucks

    is fiú go mór iad go léir a fheiceáil .

Comments

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá an stuif seo iontach - ' chomh as a meabhair le mála dámhan alla' - clasaic

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An rud is tábhachtaí le greann, dar liomsa, ná ba chóir go n-aithneofá daoine áirithe a bhfuil aithne agat orthu sa ngreann, tusa féin san áireamh .i. ba chóir go mbeadh dáimh agat leis na carachtair sa scéal agus na rudaí a tharalaíonn dóibh.
    "The Boo", agus an chaoi a n-éalaíonn sé i gconaí, mo dhuine "Salmon" agus Franicis "The Viper" Higgins!!! "French Toast" .i. Frenchaí .i. Toaistín... Mhac go deo, níl a leithéidí le sarú.

    Sin ráite níl a fhios agam an mbeadh tuiscint ag lucht na gcathracha ar a leithéid. N'fheadar.

    Uaireanta, sílim go bhfuil sé greannmhar do chanúint féin a chloisteáil i gcaoi mhagúil! Sa gcaoi chéanna go dtaitníonn Ross O'Carrol Kelly le lucht D4 i mBaile Átha Cliath.

    "Heads for handball tails for a fight"

    Sílim go bhfuil na línte is fearr ag mo dhuine Buzz

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is as an gcathair mé féin - áit níos mó ná Gaillimh fiú - ach fós tá sé an-ghreannmhar. Beidh mé ag coinneáil súile amach do na mboic seo an chéad uair eile a bheidh mé ag dul tríd Béal Átha na Muice

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Is as an gcathair mé féin - áit níos mó ná Gaillimh fiú - ach fós tá sé an-ghreannmhar. Beidh mé ag coinneáil súile amach do na mboic seo an chéad uair eile a bheidh mé ag dul tríd Béal Átha na Muice

    Nua Eabhrac?!

    Tá na boic sin le fáil tríd an gCúige.

  • Registered Users Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits

    Tá sé ro-cosúl le "Trailer Park Boys"
    Tá TPB an clar telefís is fearr riamh i mo thuairim. Ceapaim gur d'féach siad ar TPB agus thog siad a chuid smaointe direach as.

    Is as D24 mé agus is fuath liom Ross O'Carrol Kelly.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Níor chuala mé riamh faoi na Trailer Park Boys??

    Tá mé ag ceapadh go bhfuil píosa maith idir D24 agus D4!

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Bhain mé an-taitneamh as na Hardy Bucks.

    Faraor nach bhfuil ann ach 3 cinn dóibh.

  • Registered Users Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits

    Poll Dubh wrote: »
    Níor chuala mé riamh faoi na Trailer Park Boys??

    Tá mé ag ceapadh go bhfuil píosa maith idir D24 agus D4!

    http://www.trailerparkboys.com/
    Is clar iontach é.

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    GRMA, níl a dhóthain ama agam féachaint orthu anois ach féachfaidh mé orthu chomh luath is atá deis agam

  • Registered Users Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits

    Poll Dubh wrote: »
    GRMA, níl a dhóthain ama agam féachaint orthu anois ach féachfaidh mé orthu chomh luath is atá deis agam

    Bhí scannán TPB cupla bhlian o shin ach tá na series a bhad níos fearr.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá sé ro-cosúl le "Trailer Park Boys"
    Tá TPB an clar telefís is fearr riamh i mo thuairim. Ceapaim gur d'féach siad ar TPB agus thog siad a chuid smaointe direach as.

    Chuala mé faoi na Trailer Park Boys ach ní fhaca mé clár de roimh, nuair a deireann tú "ró-cosúil le TPB" an gciallaíonn sin nach bhfuil na HB greannmhar?

  • Registered Users Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits

    Stollaire wrote: »
    Chuala mé faoi na Trailer Park Boys ach ní fhaca mé clár de roimh, nuair a deireann tú "ró-cosúil le TPB" an gciallaíonn sin nach bhfuil na HB greannmhar?

    Bhuel, tá cupla uair sa HB a deireann siad rud direach as TPB. B'féidir gur cheapfadh mé gur raibh sé greannmhar muna fhacafaidh TPB.

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Tá greann agus iaróin agus magadh san stuif seo agus dar ndóigh tá dúshlán tugtha dúinn i gcónaí ár dtréithe féinig agus tréithe ár gcomharsana a aithint. Cé go bhfuil áiféis ann ó am go chéile deánaim amach go bhfuil mórán den fhírinne os ár gcomhair sna píosaí seo.
    Bhaineas taitneamh nach beag astu.

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Go bhfios dhom thug RTÉ an droim láimhe don smaoineamh seo! Ach nílim cinnte faoi sin. Sin an chaint ar an tsráid mar a déarfá.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    D'fhéach mé air faoi dheireadh agus mheas mé go raibh sé thar barr. :D Greann Éireannach den scoth! Aon nuacht faoin tsraith teilifíse?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

  • Closed Accounts Posts: 27,944 ✭✭✭✭4zn76tysfajdxp

    Cuireann sé seo Seanín Smaoiseach i gcoinneach liom:

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    D'fhéach mé air faoi dheireadh agus mheas mé go raibh sé thar barr. :D Greann Éireannach den scoth! Aon nuacht faoin tsraith teilifíse?

    Níor chualas aon ní leis an bhfírinne a rá.

    Tá na cinn nua uathu ar fheabhas go deimhin.

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Seo an scéal:

    http://www.rte.ie/storyland/
    Voting reopens Friday 5th June 5pm until Monday 15th June 5pm where you decide who goes on to make their fourth episode.

    Cé hiad na "Rental Boys" :confused:

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá eipeasóid a 6 acu anois, ceann iontach greannmhar atá ann
    http://www.youtube.com/watch?v=IRkzEAEf6Z0&feature=related

    Ná déan dearmad vóta a chaitheamh ar a son má thaitníonn an clár leat.
    http://www.rte.ie/storyland/

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Stollaire wrote: »

    Ná déan dearmad vóta a chaitheamh ar a son má thaitníonn an clár leat.
    http://www.rte.ie/storyland/

    D'éirigh leo cur ina luí ar RTÉ sraith cheart theilifíse a dhéanamh de, de réir cuma. Bhí an chéad chlár ar siúl ar RTÉ 2 aréir ag 22.50. Níor éirigh liom féin breathnú air, ach tá sé i gceist agam féachaint air anseo ar RTÉ Player. Thaitin na míreanna ar YouTube go mór liom. :)

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Gael wrote: »

    Bhí sé measartha maith aréir. Ach breathnóidh mé ar an tsraith go léir sula ndéanaim mo thuairim faoi.
    Thosaigh sé áit éigin inar chríochnaigh an tsraith idirlín.

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Is breá liom 'The Viper'!

  • Closed Accounts Posts: 5,813 ✭✭✭themadchef

    Gael wrote: »
    Is breá liom 'The Viper'!

    Tá sé millteanach greanmhar:D

  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Gael wrote: »

    Níor mhaith liom dul thar fóir leis an mholadh, ach is é an Viper an rud is fearr faoin tír seo faoi láthair! An-ghreannmhar go deo! :D

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Caithfidh mé a rá go raibh mé sna tríthí gáire i rith chlár na hoíche aréir. Bhí sé ar fheabhas!

    Is scannalach an scéal é nach ndearnadh ach trí eipeasóid. Ach cloisim go bhfuil clár speisialta Nollag beartaithe chomh maith. :)

    Dála an scéil, tá suíomh gréasáin acu anseo, áit ar féidir t-léinte a cheannach:

    http://www.thehardybucks.com/

Advertisement