Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Leabhair - Moladh agus Cáineadh

  • 28-12-2008 10:20pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Tugaigí moladh faoin bhfiúntas atá le leabhar éigin a léamh nó a sheachaint. Is cuma cé chomh fada is atá an léirmheas, ní snáithe acadúil é seo.
    Ní gá gur leabhair Gaeilge é ach an oiread, is cuma cén teanga ina bhfuil sé scríofa.

    Thosaigh alt i gComhar na míosa seo mise ag smaoineamh faoi seo, go háirithe ó thaobh na Gaeilge de. Bhí alt ann le Máiréad Ní Chinnéide dar teideal "Géarghá le heagarthóireacht ar úrscéalta" agus tarraingíonn sí aird thábhachtach ar an bhfíric go raibh cuid mhaith a foilsíodh i mbliana de dhroch-chaighdeán eagarthóireachta .i. eagarthóireacht ar an téacs atá i gceist agus ní ceartú an litriú.
    An mbeadh a leithéid inghlactha i measc na mBéarlóirí!

    "Foilsíodh 17 úrscéal do dhaoine fásta i nGaeilge ón am seo anuraidh...ach diomaite An Cléireach le Darach Ó Scolaí...níl aon úrscéal ina measc a bhféadfaí a rá ina thaobh gur saothar den scoth é. Easpa eagarthóireachta...ar an téacs"

    Agus ar an nóta sin caithfidh mé a mholadh an t-úrscéal staire Cogadh Dearg le Seamas Ó Neachtain a sheachaint.
    Scéal suimiúil atá sa gceann seo go cinnte, stair ceilte na hÉireann .i. scéal faoi Ghael as an gClár a d'fhág Éire le linn an Ghorta Mhóir agus a fuair eisean féin in airm Linclon ag cur cogaidh ar an South.
    (Fíorscéal atá ann, sinsear an údair atá i gceann de na príomhcharachtairí.)
    Tá roinnt atá sa leabhar seo le feiceáil sa scannán Gangs of New York agus tá an blas sin le fáil tríd.
    Ach seachas na fíricí stairiúla is mar sin de tá an ceann seo scríofa go dona ar fad! Go dtí an pointe go bhfuil sé pianmhar le léamh .i. baintear an iomarca úsáide as an bponc chun meon agus smaointí an phríomhcharachtair a léiriú dúinn.
    Chuir sé isteach go mór ormsa, faraor.
    Feictear domsa nach raibh aon eagarthóireacht ar bith déanta air.
    :(


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    bumpáil


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Níor léigh mé aon leabhair a lú tú ansin, ach bain mé an taitneamh as Alister MacLean (Béarla) nuair a léigh mé é ansin, 'Fear is the Key' an t-ainm atá air. IS scríbhneoirí suimiúil é, agus ní faigheann tú an scéal iomlán chuig deireadh.

    Tá suim agam níos mó leabhair Gaeilge a léimh, Ceanaigh mé ceann éasca ó Roddy Doyle, agus bain mé taitneamh as, cé nár scéal den scoth é


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní duine mór léitheoireachta mé, caithfidh mé a admháil. Cheannaigh mé ‘Seal i Neipeal’ le Cathal Ó Searcaigh tamall maith ó shin ach theip orm é a chríochnú. Tharla go raibh an Ghaeilge shaibhir sa leabhair an-iomarca dom.

    Fuair mé cóip de ‘Buaic’ le Dermot Somers mar bhronntanas Nollag, ceann atá dírithe ar déagóirí, ach is dóigh liom go mbeidh sé i bhfad níos éasca a léamh ná an ceann thuas. Cuirfidh mé léirmheas suas anseo nuair atá sé léite agam.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Fáilte is fiche roimh na léirmheasanna

    seo thíos alt spéisiúil, dar liom, i dtaobh an snáithe áirithe seo :

    http://www.cainteoir.com/Default.aspx?alt=sub_specie_aeternitatis


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    seo thíos alt spéisiúil, dar liom, i dtaobh an snáithe áirithe seo :

    Céard atá tú ag iarraidh a rá go díreach?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Céard atá tú ag iarraidh a rá go díreach?

    Nílim ag iarraidh é rud ar leith a rá, ní thagaim leis an tuairim san aiste sin dála an scéil.

    Is fearr neart droch-litríochta ná beagán dea-litríochta i dteanga?


Advertisement