Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Greann

  • 28-12-2008 4:29pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭

    Ceapaim gur ceart sticky a tosú le greann as Gaeilge... Cad a ceapann sibh?

    bhí an iomarca t-am agam inniu: (ó xkcd.com)

    An saol:

    asa.png
    (mar is pi + C an freagra (Dar leis ar aon nós!))

    future.png
    (Bhí an iomarca daoine san am atá thart!)

    Agus ó Cyinide agus Happiness:

    pepperoniG.png

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cén feidhmchlár a d'úsáid tú ansin? Gimp?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Múinteoir wrote: »
    Cén feidhmchlár a d'úsáid tú ansin? Gimp?

    Gnáth Péint... D'áistrigh mé na focail, sin an méid

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Molaim d'aistriúcháin.

    Agus ós ag labhairt faoi ghreann atá muid, tá CU Burn ar TG4 anois.
    An clár grinn is fearr a tháinig as Éirinn ariamh, gan aon agó.
    Agus dá mbeadh sé as Béarla bheadh na boxsets go léir ag gach uile mhac mháthair um Nollaig mar bhronntanas.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Faigheann an Irish Times an duais as seo thíos:

    http://gaelport.com/index.php?page=clippings&id=4485&viewby=date

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ceann maith a chuala mé uair amháin:

    Cén t-ainm a thabharfá ar striapach Gaelach-Pholannach?

    "Luigh síos a bhitch!"

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Faigheann an Irish Times an duais as seo thíos:

    http://gaelport.com/index.php?page=clippings&id=4485&viewby=date

    GOA :D Nach amadáin chearta iad lucht an Bhéarla!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Stollaire wrote: »
    Faigheann an Irish Times an duais as seo thíos:

    http://gaelport.com/index.php?page=clippings&id=4485&viewby=date

    Ní thuigim, an bhfuil sé ag magadh?

    Tháinaigh mé ar cúpla cartún agus rudaí greannmhar eile:

    http://www.greannmhar.com/

    Scuab-Fiacla.GIF

    agus freisin

    http://www.cartuin.net/

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ní thuigim, an bhfuil sé ag magadh?

    An dtuigeann tú an chaoi a n-oibríonn ainmneacha pearsanta sa nGaeltacht?

    Máirtín is ainm dó, Tom is ainm pearsanta dá athair agus Seáinín is ainm dá sheanathair, Mac Donnchadha is ea a shloinne.
    Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha.

    Níl ciall nó réasún le "Mr Sheáinín", seachas go bhfuil sé greannmhar

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/ga/

    an greann is sine (Meánaois) as Gaeilge :

    -Triúr manach a thug diúltú don saol.

    -Téann siad sa fhásach chun aithrí a dhéanamh ina gcuid peacaí roimh Dhia.

    -Bhí siad gan labhairt lena chéile go ceann bliana.

    -Ansin dúirt fear díobh le fear eile bliain amháin ina dhiaidh sin, “Táimid go maith,” ar seisean.

    -Mar sin go ceann bliana.

    -“Is maith go deimhin,” arsa an dara fear.

    -Bhí siad ann ina dhiaidh sin go ceann bliana.

    -“Dar m'aibíd,” arsa an treas fear, “mura ligeann sibh ciúnas dom fágfaidh mé an fásach uile dóibh!”

    :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá sé sin an-chosúil le ceann a chuala mé le gairid! Ach mo léan ní féidir liom an chaoi ina théann sé a chuimhneamh díreach anois.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Cuir find chuck norris isteach i nGoogle agus ansin brúigh Tá an tÁdh Orm Inniu!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Cuir find chuck norris isteach i nGoogle agus ansin brúigh Tá an tÁdh Orm Inniu!

    Ó a dhuine, tá an ceann sin chomh sean leis an díle!

    "Ní théann tusa ar thóir Chuck Norris, téann Chuck Norris ar do thóir-se!"

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Cuir find chuck norris isteach i nGoogle agus ansin brúigh Tá an tÁdh Orm Inniu!

    :D:D:D B'fhéidir go bhfuil sé chomh sean leis an díle ach ní fhaca mé féin é cheana. Buaicphointe mo lae.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar

    Litir ó sheanchailín a seoladh chuig an mBord Soláthair an Leictreachais:

    "Iarraim agus achainím oraibh fear a chur chugam láithreach. Bhí orm dul i muinín na coinnle arís aréir".

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar

    Tá rún ag bean Shasanach tigh tuaithe a cheannach áit éigint in Iarthar Chiarraí. Taispeánann an t-úinéir - seanfheirmeoir - a bhfuil tigh breá nua aige féinig thart í. Tá sí go breá sásta mar is léir di go bhfuil "possibilities" ag an áit. Ansin ritheann sé leí nach bhfaca sí an leithreas. Treoraíonn sé amach sa ngarraí thiar í go tigh beag nach bhfuil ann ach suíochán salach adhmaid agus buicéad bréan faoi.
    "Ach" a deir an bhean uasal, "níl glas fiú ar an doras"
    "A bhean chóir" a deir mo dhuine. "chaith mise dhá scór bliain anseo agus níor chaill mé oiread is buicéad caca amháin"

    Is uasal an tasal a mhúnann go díreach.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar

    Sean scéal eile.

    Bhí Seán sa mbaile mór lá agus casadh cara air a bhí díreach tar éis dhá ghé a cheannach. Thug sé ceann do Sheán. Chuaigh Sean go dtí staisiún na mbus agus fuair sé amach go mbeadh air fanacht trí uair a'chloig leis an mbus abhaile. Bheartaigh sé ar dhul go dtí na pictiúir ach bhí an ghé aige. Chuimhnigh sé ar phlean. Chuir sé an ghé síos a bhríste agus isteach sa phictiúrlann leis. Leath bhealaigh tríd an scannán dúirt an cailín taobh leis lena grá geal:
    "A Mhicilín, an fear seo taobh liom - tá a ghléas ag gobadh amach."
    "Nach cuma, a Mháirín, nach amhlaidh ata muid uilig."
    "Sea, a stór ach níl do cheannsa ag ithe mo chuid crisps."

    Beir bua agus,

    "Spáráil do bhean is do chapall ar eagla go mbeadh duine éigint á marcaíocht i do dhiaidh"

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 850 ✭✭✭Agus

    Tulyar wrote: »

    Bhí feirmeoir darbh ainm Seáinín ag obair go dian ar learg na gcnoc nuair a chonaic sé fear ag ól uisce as linn. "Stad! Stad láithreach! Tá cac san uisce sin!" ar seisean de bhéic. "I’m sorry. I’m English. I don’t understand. Can you speak English?" Agus dúiirt Seáinín "I said, use both hands when you're scooping up the water. It’s much quicker."

  • Closed Accounts Posts: 25 Asarlaí Sam

    Tulyar wrote: »
    Bhí Seán sa mbaile mór lá agus casadh cara air a bhí díreach tar éis dhá ghé a cheannach. Thug sé ceann do Sheán. Chuaigh Sean go dtí staisiún na mbus agus fuair sé amach go mbeadh air fanacht trí uair a'chloig leis an mbus abhaile. Bheartaigh sé ar dhul go dtí na pictiúir ach bhí an ghé aige. Chuimhnigh sé ar phlean. Chuir sé an ghé síos a bhríste agus isteach sa phictiúrlann leis. Leath bhealaigh tríd an scannán dúirt an cailín taobh leis lena grá geal:
    "A Mhicilín, an fear seo taobh liom - tá a ghléas ag gobadh amach."
    "Nach cuma, a Mháirín, nach amhlaidh ata muid uilig."
    "Sea, a stór ach níl do cheannsa ag ithe mo chuid crisps."

    :D GOA... Tá an t-íomháineachas ar fheabhas sa scéal seo
    agus is iontach an snáth é seo a Chliste, grma. Ni raibh fhios agam faoin suíomh greannmhar.com. An-greannmhar :0)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Bhí mé ar tí snáithe nua a thosú ar scéalta grinn go dtí gur tháinig mé trasna ar an snáithe gairid seo. Caithfidh go bhfuil a thuilleadh scéalta grinn ag daoine eile amuigh ansin!

    Cén cineál Gaeilge a labhraítear ar an ngealach? Gaeilge na Mumhan.

    An bhfuil cinn eile agaibh?

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cén cineál Gaeilge a labhraítear ar an ngealach? Gaeilge na Mumhan.

    Ba bhreá liom níos mó scéalta grinn a fheiceáil leis, fiú má tá siad chomh pianmhar leis an gceann thuas!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Poll Dubh wrote: »
    Ba bhreá liom níos mó scéalta grinn a fheiceáil leis, fiú má tá siad chomh pianmhar leis an gceann thuas!

    Is breá liom iad!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Cén cineál Gaeilge a labhraítear ar an ngealach? Gaeilge na Mumhan.

    Ah, sin an t-aon cheann nach dtuigim! :confused: Agus tá seans go dtagraionn sin ar mo leitheidse?!! :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    pog it wrote: »
    Ah, sin an t-aon cheann nach dtuigim! :confused: Agus tá seans go dtagraionn sin ar mo leitheidse?!! :)

    Gaeilge na Moon...!

Advertisement