Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

John Spillane

  • 27-12-2008 4:13pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49


    Chonac John Spillane ar an stáitse in Amharclann Everyman le déanaí. Cheapas go raibh sé go diail ar fad. Chan sé roinnt amhráin nua-chumtha chomh maith le seanachinn cosúil le Báidín Fheilimí. Chuir Seán Ó Sé, Peadar Ó Riada agus na scoláirí ó Ghaelcholáiste Choilm go mór leis an ocáid.
    An raibh éinne eile ann? Cad a cheap sibh den seó ?
    Mar scéal thairis tá ag éirí go seoigh lena CD "Irish songs we learned at school" Deirtear gur díoladh breis is 30,000 díobh.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tulyar wrote: »
    Chonac John Spillane ar an stáitse in Amharclann Everyman le déanaí. Cheapas go raibh sé go diail ar fad. Chan sé roinnt amhráin nua-chumtha chomh maith le seanachinn cosúil le Báidín Fheilimí. Chuir Seán Ó Sé, Peadar Ó Riada agus na scoláirí ó Ghaelcholáiste Choilm go mór leis an ocáid.
    An raibh éinne eile ann? Cad a cheap sibh den seó ?
    Mar scéal thairis tá ag éirí go seoigh lena CD "Irish songs we learned at school" Deirtear gur díoladh breis is 30,000 díobh.

    Amhránaí/ceoltóir den scoth is ea é go deimhin, agus láithreoir den chéad scoth chomh maith táim ag éisteacht lena rogha ceoil faoi láthair ar RnaG.
    Cheannaigh mé an dlúthdhiosca nua sin freisin, "Irish songs we learned at school" tá sé go maith ach is fuath liom an chaoi a bhfuil páistí ag canadh ar roinnt de na hamhráin ina theannta.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 320 ✭✭aviendha


    ta na h-amhrain ar fheabhas ar fad.... ta a ghaeilge chomh suamhnach... an-ionadh do dhuine on Mhumhan!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    is fuath liom an chaoi a bhfuil páistí ag canadh ar roinnt de na hamhráin ina theannta.

    Tagaim leat, bheadh sé i bhfad níos fearr gan na páistí.


  • Closed Accounts Posts: 66 ✭✭Sophisticated6y


    Ceannaigh mé an dluthdioscaí nua "Irish songs we learned in school" le deanaí fresin, agus is breá liom é! Fuair mé a lán cuimhne nuair a d'eistigh mé é!

    Go hairite Óró sé do bheatha abhaile agus trasna na dtonnta.
    Cad is ainm ar an amhran le Spillane, bfheidir "Girl in a Dunnes Stores Trolley" no rud mar shin? :confused:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,365 ✭✭✭spoonbadger


    Chaith me an tri samraidh seo chaite i gaeltacht i corcaigh,agus gach bliain tagann se chun ceolchoirm beag a dheanamh duinn (timpeall cead daoine).

    Nil ceoltoiri go hiontach e, ach is feider leis amhranai "catchy" a scriobh. Agus is "the dunnes stores girl" e an ainm sophi :rolleyes:. Amhran faoi an "gra" idir john spillane agus an deagoir ar taobh eile an dunnes stores checkout :D.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar


    Stollaire wrote: »
    Amhránaí/ceoltóir den scoth is ea é go deimhin, agus láithreoir den chéad scoth chomh maith táim ag éisteacht lena rogha ceoil faoi láthair ar RnaG.
    Cheannaigh mé an dlúthdhiosca nua sin freisin, "Irish songs we learned at school" tá sé go maith ach is fuath liom an chaoi a bhfuil páistí ag canadh ar roinnt de na hamhráin ina theannta.

    Caithead a rá nach aon saineolaí mise ar chúrsaí ceoil ach ceapaim go gcuireann scoláirí Choláiste Choilm go mór leis an dlúthdhiosca. Deinim amach go bhfuil John Spillane ag iarraidh fuaim faoi leith a chothú. B'fhéidir gurb shin é an fáth go bhfuil sé á thionlacan ag na scoláirí óga ceolmhara seo.


Advertisement