Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Kings

  • 17-12-2008 12:44AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,878 ✭✭✭


    Beidh an scannán "Kings" ar TG4 ar Lá Fhéile Stiofán.
    Tá sé ana mhaith


Comments

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Chonaic mé é cúpla seachtain ó shin.. Bhí sé go maith, ach beagán gruama.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Bheadh sé ar an scannán is fear i nGaeilge riamh muna raibh an méid sin Béarla ann. Sár-scannán agus ceann desna rudaí is fearr déanta sa tír seo le tamall fada anuas.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,136 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Cén t-am a bheidh sé ar siul? Tá an-chuid cloiste agam faoin scannán sin, caithfidh mé é a fheiceáil :)


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    An Fhile wrote: »
    Cén t-am a bheidh sé ar siul? Tá an-chuid cloiste agam faoin scannán sin, caithfidh mé é a fheiceáil :)

    9.45in. Seo an t-eolas iomlán faoi ó shuíomh idirlín TG4.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,136 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Múinteoir wrote: »

    Go raibh maith agat a Mhuinteoir.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar


    D'fhéachas ar an scannán "Kings" aréir. Caithfead a rá gur bhaineas ardthaitneamh as. Cheapas go raibh sé thar a bheith réalaíoch. Bhíos anathógtha leis an gcaighdeán aisteoireachta. Fuaireamar léargas maith inchreidte ar an saghas saoil abhí le fulaingt ag roinnt dár muintir a thóg an bád bán.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá sé ar fáil i gcartlann TG4 cheana féin ag www.tg4.tv, faoi dráma - cartlann, má chaill duine ar bith é.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Tá sé ar fáil i gcartlann TG4 cheana féin ag www.tg4.tv, faoi dráma - cartlann, má chaill duine ar bith é.

    Chaill mé é, gura maith agat.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Tar éis a bheith ag tnúth go mór leis an scannán seo, thit sé i bhfad siar uaidh an méid a bhí mé ag súil leis.

    Bhí go leor rudaí maithe faoin scannán, ach mar pacáiste mór amháin, ní féidir liom a rá go raibh sé ró-taitneamhach.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,136 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Theip orm an scannán a fheiceáil, faraor, ach bhíos ar siúlóid mór taitneamhach an lá sin so níl brón orm :)


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní fhaca mé fhéin é agus níl fonn orm an scannán a fheiceáil ar chor ar bith. Ró-ghruama de réir dealraimh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Scéal beagáinín ghruama atá ann go cinnte, ach pléann sé ceisteanna tábhachta ar nós alcólachas agus an saol gan chiall nó treo ceart, fiú an nádúr atá i ndaoine le haghaidh eachtraíochta nó rudaí difriúla fiú nuair nach bhfuil na rudaí sin ar a leas.
    De ghnáth seachnaím scannáin atá ró-ghruama, ach is fiú an ceann seo a fheiceáil.
    Sin ráite, murach Éireannach mé, níl a fhios agam an mbreathnóinn air.


Advertisement