Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Alan Titley i mBarr a Mhaitheasa.

  • 11-12-2008 10:33am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Is fiú go mór a alt Crobhingnea a léamh san Irish Times ar maidin.

    Á batráil

    (sílim gurb é seo an chéad uair atá a alt ar fáil ar líne sa nuachtán!)

    Cé atá ciontach as an bponc ina bhfuilimid ?
    An earnáil phríobháideach nó an earnáil phoiblí?
    Má tá sé orainne an locht a chur áit eicínt!


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá sé díreach léite agam. An-alt go cinnte!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    An bhfuil an ceart aige a bheith ag cur an milleán ar an earnáil phríobháideach sa chaoi a bhfuil sé?
    I ndeireadh na dála seo alt a bhí scríofa ag duine ag obair san earnáil phoiblí!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Cheapas nach raibh an IT ach ar fáil ar líne dóibh siud a íoc as síntiús. An bhfuil an polasaí san athraithe anois?

    Bainim sult as ailt Alan cé nach mbeinn ar aon aigne leis i gcónaí.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

    http://chetwyndedowns.blogspot.com/


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Míshásta wrote: »
    Cheapas nach raibh an IT ach ar fáil ar líne dóibh siud a íoc as síntiús. An bhfuil an polasaí san athraithe anois?

    Tá. Rinneadh an cinneadh an nuachtán a chur ar fáil saor in aisce i ndiaidh an chéad reifreann ar Chonradh Liospóin, bhí sé soiléir do Mhadam nach raibh mórán tionchair aici ar mheon na ndaoine in Éirinn toisc nach raibh a nuachtán ar fáil saor in aisce ar an idirlíon mar a bhí beagnach gach uile nuachtán eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar


    Tá an talt de chuid Alan Titley díreach léite agam - a bhuíochas san ort a Stollaire. Caithfidh me a rá go naontáim go scun scan leis. Táim dóthanach de dhaoine ag spocadh as an earnáil phoibli.

    Is róléir le tamall anuas cuid dár ndeacrachtaí. Diaidh ar ndiaidh tá an tóin ag titim as an eacnamaíocht náisiúnta. Tá an Phoblacht go dtí a scóig i bhfiacha agus gan aon tuairim ag éinne cén dóigh a nglanfar iad. Tá an ráta dífhostaíochta ag dul in olcas in aghaidh an lae. Tá na seirbhisí sláinte ag seargadh i gcónaí. Ní haon rún níos mó é go bhfuil seirbhísí an HSE á gcúnglú agus a náiseanna á gcrapadh de bhrí nach bhfuil an tairgead ann le íoc astu. Tá stad ag teacht ar an bhfás i dtionscail na titíochta. Tá an córas oideachais trína chéile ar fad.

    Agus le cois na dtriobláidí sin tá daoine á mbású agus a ndúnmharú agus tá gunnadóireacht ar siúl go rialta ar shráideanna na tíre bige seo.

    Cad is cúis leis an eigeandáil seo?
    Is iad formad, glórmhian, uaillmhian, saint chun saibhris is cumhachta, na fáthanna go bhfuil Éire san umar mar atá sí faoi láthair. Is mór an díol trua í.

    Tá lucht déantúisíochta, lucht tionsclaíochta agus lucht ghnótha i gcoitinne gafa le meon agus dearcadh an abharcais agus meon agus dearcadh na saoltachta. Iad san is cúis leis an eigeandáil. Iad san "a mharaigh an tíogar" Níor éirigh le mórán san earnáil phoiblí carn mór airgid a dhéanamh nuair abhí an Tíogar Ceilteach in ard a réime. Tá daoine i bhformad leis an earnáil phoiblí toisc go bhfuil postanna buan ann. Ná bí ag caint ar fhimínteacht.


  • Advertisement
Advertisement