Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An bhfuil laghdú praghsanna tugtha faoi deara agaibh?

  • 09-12-2008 09:16PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭


    Mar gheall ar an gcúlú eacnamaíoch. Bhí mé istigh i Tescos inniu agus bhí €10 ar na boscaí móra Roses a bhíonn á ndíol, go háirithe don Nollaig. Ach tá mé beagnach cinnte go raibh costas €20 orthu an Nollaig seo caite. An bhfuil dul amú orm, nó an bhfaca sibh a leithéid chomh maith (i gcás earraí eile)? Tá go leor cainte ar siúl ag lucht eacnamaíoch faoi dhíbhoilsciú i láthair na huaire.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Chuaigh tú amach ansin, nach bhfuil sé dainsearach!? Chuala mé go raibh sé ainrialtacht amach!

    Nílim ró cinnte gur dhíbhoilsciú atá i gceist go fóill, chuir EuroSpar Lón saor ar fáil seachtain ó shin, ach tar éis seachtain go leith críochnaigh sé. :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Díbhoilsciú ceart le feicáil maidir le praghsanna peitril, ar aon nós. Líonaigh mé mo ghluaisteán ag 99.9c an litre inniu!

    Tá neart rudaí eile le fáil níos saoire anois ná i rith 2007, gan amhras.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Chuala mé ar an raidió ar maidin go bhfuil Éire an ceathrú tír is costasaí ar domhan - an chaoi a bhfuil rudaí ag dul faoi láthair déarfainn go mbeidh titim mór i bpraghsanna fós le teacht.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    obl wrote: »

    Tá neart rudaí eile le fáil níos saoire anois ná i rith 2007, gan amhras.

    Tithe, ar ndóigh!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ní fhéadfainn a rá go bhfuil laghdú ar phraghsanna tugtha faoi deara agam go dtí seo, seans go dtabharfaidh amach anseo. Ach thugas faoi deara le déanaí go bhfuil na siopaí áitiúla i mo cheantar (.i. Londis, Spar srl, na siopaí le praghsanna ollmhóra scannalacha iontu) ag dúnadh go luath san oíche.
    Mí nó dhó ó shin bhíodh siad oscailte go dtí 11 ach anois tá siad dúnta ag a 9!
    Déarfainn go bhfuil na gaimbíní lofa á reáchtáil i bponc ceart, agus é tuillte acu.

    Ciallaíonn na praghsanna ollmhóra seo go bhfuil ár n-iomaíoch, mar thír, ar an ardán domhanda scriosta.
    Ach anois ós rud é nach bhfuil an creidmheas óna bancanna ar fáil chomh héasca agus a bhíodh tá seans ann go mbeadh praghsanna ag titim ar ais aríst go dtí leibhéal níos normálta agus inghlactha. Ní bheadh an fonn céanna ar na hÉireannaigh a bheith ag splash-áil an chash chomh flúirseach a thuilleadh

    Chaill an tír seo a chiall leis an "Tíogair Ceilteach" .i. An Ragús Creidmheasa Ceilteach, bhí an méid sin le feiceáil go soiléir sa margadh tithíochta.
    I gcaoi is rud maith é go bhfuil an ré uafásach seo thart óir ní rabhamar saibhir i gceart riamh, bhíomar i bhfiach, i ndrochfhiach go deo.

    Seo cúpla leid i leith cúrsaí airgid agus féich


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Tá na praghasanna ag titim sna siopaí éadaí ach ní fheaca aon laghduithe sna hollmhargaí ar na bianna a cheannaím féin.


Advertisement