Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Ana-chiúin

  • 05-12-2008 01:03PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭


    Ná fuil faic le rá ag éinne? :mad:


Comments

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators, Paid Member Posts: 18,829 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Á, an bhfuil tú míshásta le rud éicint?

    Mo bhrón, níl mé ach magadh. :pac:(fada)

    B'fhéidir ná fuil an bríomhar ghrúpa ceart sa bhfóraim seo láithreach. Tá sé deacair gan bheith athrá a dhéanamh ar na snáithíní atá fógraithe in AH cheana. Caithfidh go mbeidh tuilleadh nuacht faoin dteanga nó faoi rudaí a baineann le saol an Ghaelgóir, in ea?


  • Closed Accounts Posts: 13 cutesy


    Aright a mhac, cé chaoi bhfuil? Diabhail scéal ar bith ag éinne cheapfainn....:p


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    An bhfaca éinne eile an Panel aréir?

    Bhí mo dhuine Dáithí Ó Sé ana-ghreannmhar ar fad, cheap mé, ach ní fhéadfainn an rud céanna a rá faoin "fuirseoir" Andrew Maxwell.

    Deirim é seo i gcónaí, taispeánann Andrew Maxwell agus Glenda Gilson dúinne go léir gur féidir le héinne in Éirinn a bheith ina fhuirseoir nó a mainicín, agus slí bheatha maith a shaothrú as.


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators, Paid Member Posts: 18,829 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Aontaím. Níl le rá ag Andrew Maxwell ach nithe salacha gan ghreann ar bith ag baint leo. Feictear go bhfuil sé ag suirí i dtreo Aoibhinn an t-am ar fád. (Déanfainn an rud chéana dá mbéifinn ina chuid broga, ach beifinn níos...caolchúiseacha, cheapfainn.)

    Ach bhí Dáithí thar barr, ar ndóigh.


  • Closed Accounts Posts: 13 cutesy


    Darn ní fhaca mé é! Meastú an mbeadh sé ar RTÉ.ie fós? Ag fáil bháis leis an slaghdán faoi láthair mar sin téann mé a chodladh luath.....:(


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Aontaím. Níl le rá ag Andrew Maxwell ach nithe salacha gan ghreann ar bith ag baint leo. Feictear go bhfuil sé ag suirí i dtreo Aoibhinn an t-am ar fád. (Déanfainn an rud chéana dá mbéifinn ina chuid broga, ach beifinn níos...caolchúiseacha, cheapfainn.)

    Ach bhí Dáithí thar barr, ar ndóigh.

    Níl a fhios agam cad é faoi, ach ceapann sé go mbíonn sé greannmhar a bheith feargach le haghaidh cúis ar bith agus a bheith ag rith a bhéal gan chiall i gcónaí. Agus tá a chlár féin aige anois freisin! An bhfuil ciall ceannaithe ag éinne in RTÉ!

    An bhfuil Bíbó ag Aoibhinn Ní Shúilleabháin dála an scéil? ionas go bhféadfainn a bheith á stalcaireacht ar an idirlíon. :cool:
    Tá sí go hálainn lad. ró-dathúil do RTÉ ar aon chaoi, ba chóir go mbeadh sí le feiceáil ar TG4 níos mó.
    Darn ní fhaca mé é! Meastú an mbeadh sé ar RTÉ.ie fós? Ag fáil bháis leis an slaghdán faoi láthair mar sin téann mé a chodladh luath.....

    Chuile sheans.
    Tá an slaghdán sin ar gach mac máthair in Éirinn fé láthair, feictear domhsa.


  • Closed Accounts Posts: 13 cutesy


    Chuile sheans.
    Tá an slaghdán sin ar gach mac máthair in Éirinn fé láthair, feictear domhsa.[/QUOTE]

    Feck ar aon nós é! Tá mé ag cailleadh amach ar chóisir na Nollag na h-oibre anocht!! Ní ró-mhinic a bhíonn deis réabadh againn ag an obair! god darnit!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Míshásta wrote: »
    Ná fuil faic le rá ag éinne? :mad:

    B'fhéidir gur chuir tú an ruaig orthu le do chuid luimneach.


  • Closed Accounts Posts: 10 An Ghealt


    Cuid den fhadhb dar liom ná go bhfuil sórt tuairim ann go gcaithfeadh le Gaeilgeoir a bheith ag plé le cúrsaí teanga i gcónaí nach mór! Caithfidh mé a admháil nach bhfuil cur amach ró-iontach agam ar an bhfóram áirithe seo ach i gcás fóraim eile ar a bhím ag féachaint ní bhíonn iontu de ghnáth ach ábhar a bhaineann le cúrsaí teanga.
    Cinnte is ceist fíor-thábhachtach í 'Todhchaí na Gaeilge' agus ceisteanna eile dá leithéid agus is fiú iad a phlé ach ba chóir go mbeadh ana chuid ábhar eile le plé chomh maith. Is annamh a bhíonn cúrsaí spóirt, mar shampla, á phlé, cén fáth nach bhféadfadh le daoine teacht anso chun peil, iománaíocht, Munster, Leinster, Man Utd, Lewis Hamilton, pé rud, a phlé seachas dul go dtí na háiteanna Béarla amháin. Baineann an rud céanna le ceol, scannáin, polaitíocht, agus is dócha gach aon abhár cainte a bheadh ag duine.
    Nílim ag iarraidh locht a fháil ar an bhfóram áirithe seo, is iontach an rud é go bhfuil sé ann agus ar a laghad ta réimse ábhar níos leithne anseo á mar atá áiteanna eile, ach ar mheon na Gaeilgeoirí a chím ar an idirlín go forleathan. B'fhéidir nach n-oibreodh a leithéid níl a fhios agam, ach i mo thuairim leis an méid daoine a bhíonn ag féachaint ar 'Boards' ar fad caithfidh go bhfuil Gaeilge ar a gcumas ag níos mó daoine ach nach bhfuil aon suim acu sna hábhair atá á phlé anseo nó rud éigin.


Advertisement