Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Torthaí an Oireachtais

  • 01-11-2008 1:22pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭


    Bhí an chraic go hiontach

    ach ní raibh an raithneach thar moladh beirte. :D


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Míshásta wrote: »
    Bhí an chraic go hiontach

    ach ní raibh an raithneach thar moladh beirte. :D

    Raithneach? An é seo an stuif a caitear?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Poll Dubh wrote: »
    Raithneach? An é seo an stuif a caitear?

    Shhhh!

    Is na béibeanna a bhí i láthair, sna sluaite. Úúúúff! - fad-chosacha, gearr-sciortacha, uasal-chumtha, íseal-bhráideacha, cíoch-chíocracha - gach bruinneal níos déise ná an spéirbhean ina teannta.

    Dar ndóigh níor thugadar aon cheann don fhear meán-aosta beoir-bholgach le stíl-ghruaige Jackie Healy-Rae a bhí á iniúchadh go géir claondearcach.

    Ó go rabhas im stócach stocach óg arís.

    Ó ochón agus ochón ó! :(:(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    :DTá dóchas i gcónaí ann - ná rialaigh amach athionchollú!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 49 Tulyar


    Míshásta wrote: »
    Shhhh!

    Is na béibeanna a bhí i láthair, sna sluaite. Úúúúff! - fad-chosacha, gearr-sciortacha, uasal-chumtha, íseal-bhráideacha, cíoch-chíocracha - gach bruinneal níos déise ná an spéirbhean ina teannta.

    Dar ndóigh níor thugadar aon cheann don fhear meán-aosta beoir-bholgach le stíl-ghruaige Jackie Healy-Rae a bhí á iniúchadh go géir claondearcach.

    Ó go rabhas im stócach stocach óg arís.

    Ó ochón agus ochón ó! :(:(

    Chonac na spéirmhná céanna agus hanam a'diabhail leath mo shúile orm. Bhí siad maorga mallroisc milis méarlag mealltach chomh maith le bog agus béaltais. Tá mo shuim san Oireachtas ag dul i méid.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Tulyar wrote: »
    Chonac na spéirmhná céanna agus hanam a'diabhail leath mo shúile orm. Bhí siad maorga mallroisc milis méarlag mealltach chomh maith le bog agus béaltais. Tá mo shuim san Oireachtas ag dul i méid.



    Bhuaileas le bruinneal dá macasamhail aréir, í ag féachaint go grámhar idir an dá shúil orm. Ansan.......




    .......dhúisigh mé. :(


  • Advertisement
Advertisement