Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Páistí - sea nó ní hea?

  • 03-10-2008 2:20pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭

    Tá a lán de mo chairde glan in aghaidh páistí a bheith acu riamh. An chaoi a bhfuil rudaí ag dul, ní bheidh mórán Éireannach ar an oileán seo i gceann cúpla glúin. Shíl mé gur rud nádúrtha clann a bheith agat ach is cosúil gur rogha chineáil saoil í anois. Cad faoi sibhse, an bhfuil sé ar intinn agaibh duine beag nua a thabhairt isteach sa saol seo lá éigin?

Comments

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Nílim ag iarraidh ag an bpointe seo, ach b'fhéidir nuair atá mé níos sine.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Tá a lán de mo chairde glan in aghaidh páistí a bheith acu riamh. An chaoi a bhfuil rudaí ag dul, ní bheidh mórán Éireannach ar an oileán seo i gceann cúpla glúin. Shíl mé gur rud nádúrtha clann a bheith agat ach is cosúil gur rogha chineáil saoil í anois. Cad faoi sibhse, an bhfuil sé ar intinn agaibh duine beag nua a thabhairt isteach sa saol seo lá éigin?

    Cén aois iad?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bhuel tá meascán ann ach tá aithne agam ar bheirt bhan, os cionn tríocha bliain d'aois, agus is cuma leo faoin gclog bitheolaíocha.

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Má tá siad sásta, sin an rud is tábhachtaí.

    Ní dualgas é.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    JC 2K3 wrote: »
    Ní dualgas é.

    ... is deis é!?:D

    Tá súil agam neart Gaeilgeoirí beag a beith agam... i gceann tamall fhada!

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Ochtar clainne atá agamsa, mac aerach ina measc agus gan meas madra acu ar a n-athair. Agus an madra a bhí agam, Long John, mo jheaicín russell leath-shúileach dílis, an t-aon chara a bhí agam sa tsaol seo dúnmharaithe go fuarchúiseach brúidiúil ag scangaire de spraoi-mharcach.

    Garmhac amháin. jAc (sic) Bartholomew Cloudburst a thugadar mar ainm baiste ar an mbéibí bocht. Tháinig ciall ceannaithe ar na dtuistí fé dheireadh agus 'sé Jack, de réir an chaighdeáin, an litriú a úsáidtear sa scoil anois, cé go bhfuil ar a laghad triúr Jack eile ar aon rang leis - agus ceathrar Chloe, go bhfóire na Déithe orainn.

    Tuilleadh fén dteaghlach núicléach ag an mblag thíos cé go bhfuil sé ar fionraí le tamall.

    http://chetwyndedowns.blogspot.com/

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.

    FRC

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 15,065 ✭✭✭✭Malice

    Poll Dubh wrote: »
    An chaoi a bhfuil rudaí ag dul, ní bheidh mórán Éireannach ar an oileán seo i gceann cúpla glúin.
    Cén fáth go cheapeann tú é sin?
    Poll Dubh wrote:
    an bhfuil sé ar intinn agaibh duine beag nua a thabhairt isteach sa saol seo lá éigin?
    Níl paistí uaim anois. B'fheidir i gceann cupla bliain. Tá neart deacrachaí agam ag tógáil curam dom féin gan a bheith ag tabhairt aire do duine beag freisin!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    malice_ wrote: »
    Cén fáth go cheapeann tú é sin?

    Ní raibh sin ach píosa áiféise, ach dealraíonn sé domsa go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag roghnú saol gan phaistí. Tuigim nach bhfuil dualgas í, ach ag an am céanna, sílim go mbeidh aiféala ar na daoine siúd níos déanaí sa saol.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Ní raibh sin ach píosa áiféise, ach dealraíonn sé domsa go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag roghnú saol gan phaistí. Tuigim nach bhfuil dualgas í, ach ag an am céanna, sílim go mbeidh aiféala ar na daoine siúd níos déanaí sa saol.

    Ar an lámh eile, tá aithne agamsa ar bhean, agus cloisim go leor scéalta faoi mhná, atá ag uchtú leanaí gan athair ar bith a bheith i gceist. Leanaí eachtrannacha a bhíonn i gceist na laethanta seo (is annamh a bhíonn leanaí Éireannacha á n-uchtú i láthair na huaire) agus bíonn siad sin ag cur leis an daonra ar ndóigh.

    Ach glacaim leis go cinnte go mbeidh géarghá le polasaithe/dreasachtaí rialtais chun tógáil páistí a chothú in Éirinn amach anseo. Ar an Mór-Roinn, is í an Fhrainc an tír is fearr ó thaobh fás daonra agus breitheanna nua agus aithnítear i gcoitinne go bhfuil na polasaithe/tacaíochtaí stáit is fearr sa Fhrainc, maidir le tógáil páistí.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »

    Níl mé i bhfách leis an gcleachtas sin den chuid is mó. Ceapaim féin go bhfuil sé ar aon dul le goid pháistí ó dhaoine bochta.

    Céard atá na Francaigh ag déanamh?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Níl mé i bhfách leis an gcleachtas sin den chuid is mó. Ceapaim féin go bhfuil sé ar aon dul le goid pháistí ó dhaoine bochta.

    Céard atá na Francaigh ag déanamh?

    Cúram leanaí poiblí den scoth; deontais mhóra do chúram leanaí; saoire fhada mháithreachais srl.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    Cúram leanaí poiblí den scoth; deontais mhóra do chúram leanaí; saoire fhada mháithreachais srl.

    Cé is moite den chúram leanaí poiblí den scoth, nach bhfuil na dreasachtaí siúd againn cheana féin?

    Leis an dúil cháiliúil ag na Francaigh i gcúrsaí collaíochta, ní dóigh liom go bhfuil aon ghá le dreasachtaí a thabhairt dóibh chun dul i mbun clainne.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 114 ✭✭gaillimheach

    Ní raibh méféin ná mo chéile in ann páistí a bheith againn, ach tá dhá embryo againne a cuireadh i reoiteoir in aghaidh ár dtola....

    Agus dhá ghadhar.:D

    (Is fearr liom gadhair ná páistí, dála an scéil. Seachas terriers.).

    P.S. gadhar=madra

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Ní raibh méféin ná mo chéile in ann páistí a bheith againn, ach tá dhá embryo againne a cuireadh i reoiteoir in aghaidh ár dtola....

    Agus dhá ghadhar.:D

    (Is fearr liom gadhair ná páistí, dála an scéil. Seachas terriers.).

    P.S. gadhar=madra

    Is mór an trua nach bhfuil sibh in ann páistí a bheith agaibh. Ach nach bhfuil sé mídhleathach suth a choimeád in aghaidh bhur dtola?

    Ní maith liom madraí gearr ach oiread!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Tá sé deacair a fheiceáil cén pointe atá sa saol gan páistí a bheith agat. Tá beagáinín imní ormsa anois agus mé 33 bliain d'aois. (agus is fear mé!)

    Cén fáth a bhfuil ár gluain moill leis? Saint, is dócha?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 114 ✭✭gaillimheach

    Poll Dubh wrote: »
    Is mór an trua nach bhfuil sibh in ann páistí a bheith agaibh. Ach nach bhfuil sé mídhleathach suth a choimeád in aghaidh bhur dtola?

    Ní maith liom madraí gearr ach oiread!

    Go raibh maith agat, a Phoill Dhuibh.

    D'fhéadfadh muid cás cúirte a thógáil in aghaidh an caimiléir a rinne sin orainn, agus atá ag déanamh a mhíle dícheall ó shin an milleán a sheachaint agus a dhualgaisí inár leith a shéanadh..., ach an chomhairle is fearr a fuair mé faoin rud ná go mbaineann toradh cás cúirte níos mó le scil dlíodóra ná mar a bhaineann sé le cúrsaí cirt. Níl -faraor géar!- an t-airgead againn dlíodóir Meiriceánach a íoc, agus cás cúirte a thógáil in aghaidh an dochtúra seo: is úinéir shraith mhór chlinicí Meiriceánacha é, agus d'fhéadfadh muid an beagán atá againn a chailleadh dá mba rud é gur thosaigh muid cás cúirte chun rudaí a chur ina gceart.

    Is féidir saol an-mhaith/suntasach a bheith ag duine gan páistí. Ach, dá mba rud é gur dúradh sin liom cúpla bliain ó shin, ní chreidfinn é.:rolleyes:

    Má fhéachann tú thart timpeall ort, feicfidh tú neart daoine gan páistí a bhfuil saol maith acu.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Sin an fhírinne - ní mór duit lear airgid a bheith agat le ceartas a fháil i Meiriceá agus sa tír seo freisin dar ndóigh.

    Go raibh saol fada eachtrach sásúil ag an mbeirt agaibh!

Advertisement