Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Sléacht san Fhionlainn

  • 24-09-2008 10:10am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭

    Deichniúr marbh i Heilsincí. Cén fhad sula dtarlaíonn an rud céanna anseo? Leis an ráta ard lionn dubh sa tír seo agus an méid gunnaí láimhe i seilbh phríobháideach ag ardú i gcónaí, ní dóigh liom go mbeidh sé ró-fhada.:(

Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Poll Dubh wrote: »

    Is dearcadh an-dhiultach é sin, ach tuigim do thuairim ag an am céanna. Nuair a thosaigh daoine ag déanamh rudai mar seo i Meiriceá bhi fhios againn nach mbeadh sé ró-fhada sula dtosaiodh sé san Eorap.

    Tá sé fiordheacair an saghas ionsai seo a stopadh, mar ni féidir a rá cén saghas duine a dhéanfadh é. Tá suil agam nach dtarlóidh sé anseo riamh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Poll Dubh wrote: »
    Deichniúr marbh i Heilsincí. Cén fhad sula dtarlaíonn an rud céanna anseo? Leis an ráta ard lionn dubh sa tír seo agus an méid gunnaí láimhe i seilbh phríobháideach ag ardú i gcónaí, ní dóigh liom go mbeidh sé ró-fhada.:(

    ceist suimiúil atá ann,

    Ar dtús níl sé chomh éasca gunnaí a fháil anseo, ach má tharlaíonn sé anseo an mbeith na gardaí ann in am iad a stopadh??

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,972 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Cliste wrote: »
    ceist suimiúil atá ann,

    Ar dtús níl sé chomh éasca gunnaí a fháil anseo, ach má tharlaíonn sé anseo an mbeith na gardaí ann in am iad a stopadh??

    B'fhéidir, má tharlaionn sé i Luimneach nó i mBÁC. Tá an armed response unit ar on beat sna háiteanna seo. Measaim nach bhfuil siad i gceantair eile timpeall na tire.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Bhíos ag smaoineamh faoi cad a dúirt mé, agus tá freagra eile ag na gardaí anois- gunnaí taser!

    Beidh gardaí i gach contae san tír le gunnaí taser, níl a fios agam áfach éifeacht na gunnaí seo i gcás duine fíor foréigneach atá ag iarraidh bás a fháil

    Chonaic mé anseo é

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Sa chás go bhfuil mé ar scoil agus go dtagann gealt le gunna isteach, beidh mé an chéad duine ag dul amach an fhuinneog seachas a bheith ag cur mo mhuinín san aonad freagartha faoi airm nó ag brath ar Gharda le taser. Is maith liom mo shaol!

    Caithfidh go bhfuil na mílte sa tír seo le gunnaí láimhe príobháideacha anois. Tá an t-ár ag teacht , ní tuairim diúltach í, is tuairim réalaíoch í. Níl muide in ann foghlaim ó na botúin déanta i dtíortha eile.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Deichniúr marbh i Heilsincí. Cén fhad sula dtarlaíonn an rud céanna anseo? Leis an ráta ard lionn dubh sa tír seo agus an méid gunnaí láimhe i seilbh phríobháideach ag ardú i gcónaí, ní dóigh liom go mbeidh sé ró-fhada.:(

    Tharla sé in áit darb ainm Kauhajoki agus ní i Heilsincí agus tá an dlíthe gunnaí is liobrálaí san Eoraip i bhfeidhm san Fhionlainn.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    Tharla sé in áit darb ainm Kauhajoki agus ní i Heilsincí agus tá an dlíthe gunnaí is liobrálaí san Eoraip i bhfeidhm san Fhionlainn.

    Is cuma go bhfuil na dlíthe níos liobrálaí san Fhionlainn. Níl na dlíthe in Éirinn chun bac a chur ar duine, a bhfuil gunna láimhe aige, dul ar mire ag am éigin agus slua mór daoine a dhíothú.

    An logainm mícheart - scaoil mé.

Advertisement