Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cupid Ar Cuairt

  • 12-08-2008 3:02pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭

    Seo thíos suíomh Bíbó den chlár nua grá agus datáil a bheas ar siúl ar TG4 le hEibhlín Ní Chonghaile

    0000bf480c8r.jpg

    huba huba

    http://www.bebo.com/Profile.jsp?MemberId=7522265921

    An Coincheap:

    An bhfuil tú in ann pearsantacht duine a aithint ón áit conaithe atá acu?

    BHUEL..Gach seachtain, beidh ar bhean singil duine as trúir fear a phiocadh chun dul amach ar dáta leí gan iad a fheiceáil riamh.
    Le cabhair ó Shiceolaí déanann siad anailís ar an trí theach agus gheobhaidh sí amach cén sort duine atá ina chónaí sa teach sin.

    Tá Abú Media ag lorg daoine(fir agus mná)chun páirt a ghlacadh sa gclár nua do TG4, a bheidh á thaifead thart timpeall na tíre ó Mhéan Fómhair agus Deireadh Fómhair 2008.

    Gheobhaidh gach rannpháirtí táille agus má tá suim agat í bpíosa chraic agus i bheith ar an teilifís, Déan teangmháil le Mary in Abú Media ag 091 505100
    nó seol riomhphost chuig cupid@abumedia.com

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bhí seó le coincheap mar a chéile leis an gceann seo ar MTV roinnt blianta ó shin. Rinne siad scrúdú ar seomraí leapa na bhfear agus is cuimhin liom iad ag lonrú na leapacha le solas dubh dála CSI. Ba léir ó roinnt de na leabaigh nach raibh na braillíní glanta le fada!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »

    Is cuimhin liom é freisin, bhíodh leapacha na bhfear clúdaithe leis an ngrá a bhí acu dóibh fhéin an oíche roimhe!!
    Room Raiders a bhí air sílim.

    Ach, déarfainn go mbeadh an ceann seo níos aibí, tá sampla den seó ar an tsuíomh Bíbó

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »

    Tá cosc ar Bíbó anseo ach breathnóidh mé air anocht.

    Níl ach an pictiúir amháin sin d'Eibhlín Ní Chonghaile feicthe agam agus níl mé sásta huba huba a thabhairt di go dtí go bhfeicim í ar an scáileán.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Bheadh sé sin mar thromluí dom......síceolaí ag déanamh analíse ar mo theach!!!

  • Closed Accounts Posts: 7 Cupid ar Cuairt

    Sé an coincheap céanna le MTV ach ní bheadh aon UV Lighting i gceist.Ní bheadh sé chomh invasive le MTV. Ní bheadh aon duine ag cur isteach ar príobháideachas aon duine.
    Is píosa chraic a bheidh ann?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 7 Cupid ar Cuairt

    Tá an ceart agat Stollaire, an mbeadh suim agat féin páirt a ghlacadh. Is píosa chraic a bheidh ann.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá an ceart agat Stollaire, an mbeadh suim agat féin páirt a ghlacadh. Is píosa chraic a bheidh ann.

    Ní bheadh mo chailín róshásta liom dá bhfeicfeadh sí mise ar an teilifís ag iarraidh bean a mhealladh!!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Céard faoi chlár speisialta le lánúineacha saor-ghrá?

    (An bhfuil téarma níos fearr ag éinne le haghaidh 'swingers'?)

  • Closed Accounts Posts: 7 Cupid ar Cuairt

    Sea, chuala me go bhfuil siad ag lorg daoine o thimpeall na tire, buachailli agus cailini, silim. Bheadh iocaiocht i gceist doibh chomh maith chomh fada is a bhfuil a fhios agam. Ta suiomh Bebo acu...no dean cuardu idirline 'cupid ar cuairt'.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Luaite:

    "Rinne siad scrúdú ar seomraí leapa na bhfear agus is cuimhin liom iad ag lonrú na leapacha le solas dubh dála CSI. Ba léir ó roinnt de na leabaigh nach raibh na braillíní glanta le fada!"

    "bhíodh leapacha na bhfear clúdaithe leis an ngrá a bhí acu dóibh fhéin an oíche roimhe!!"

    Íííííuuuch!! :eek: :eek:

    Hanamandiail

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Míshásta wrote: »
    Luaite:

    "Rinne siad scrúdú ar seomraí leapa na bhfear agus is cuimhin liom iad ag lonrú na leapacha le solas dubh dála CSI. Ba léir ó roinnt de na leabaigh nach raibh na braillíní glanta le fada!"

    "bhíodh leapacha na bhfear clúdaithe leis an ngrá a bhí acu dóibh fhéin an oíche roimhe!!"

    Íííííuuuch!! :eek: :eek:

    Hanamandiail

    Rud nádúrtha is ea é a V ;)

  • Closed Accounts Posts: 74 ✭✭sonx

    Tá mé chun dul ar an clár, cheapaim go mbeidh sé píosa craic! :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    sonx wrote: »
    Tá mé chun dul ar an clár, cheapaim go mbeidh sé píosa craic! :)

    Níl a fhios agam an buachaill nó cailín thú ach déarfainn go mbeidh níos mó craic ann do na cailíní. Beidh na buachaillí ag déanamh a lán glantachán.

  • Closed Accounts Posts: 74 ✭✭sonx

    tá mé ag súil leis!:)

Advertisement