Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cluichí Oilimpeacha

  • 08-08-2008 2:32pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Chonaic mé píosa den searmanas oscailte na gcluichí i rith am lóin.
    Dochreidte maith!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bhí an méid feicthe agam go hiontach ar fad.
    Bhí sé chomh hiontach sin go maithfimid dóibh gach rud míchóir a dhéanann siad i leith cearta daonna ar bun laethúil


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Bhaineas an-taitneamh as! Táim lán de dhóchas go dtiocfaidh feabhas ar chearta daonna sa tír le himeacht aimsire i ndiaidh é a fheiscint!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Bhí sé chomh hiontach sin go maithfimid dóibh gach rud míchóir a dhéanann siad i leith cearta daonna ar bun laethúil

    Más fíor sin, beidh Burma, an Chóiré Thuaidh agus an tSiombáib ag cur isteach iarratais do na cluichí 2020.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Caithfidh tú gáire a dhéanamh faoi scéal go raibh cuid mhaith de na tinte ealaíne bréagach agus go raibh an cailín a bhí ag canadh a n-amhrán náisiúnta ag beolbheachtú na focail á gcanadh ag cailín eile, cailín nach raibh "chomh dathúil" de réir na Sínigh!

    http://www.irishtimes.com/newspaper/world/2008/0813/1218477454953.html

    Dochreidte


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Scanrúil. Cá bhfios céard eile a bhfuil faoi cheilt acu? Tar éis seo chreidfinn aon rud.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix


    Bhíos i mBeijing coicís ó shin agus cuireann sé as dom an méid diúltachas a chloisim sna meáin maidir leis an Sín. Cinnte tá an-chuid le déanamh ann ó thaobh cearta daonna de ach dá bhfeicfeá an bród agus an iarracht abhí na gnáth daoine ar an sráid á taispeáint. Tá níos mó i gceist sa tír sin seachas an taobh diúltach de. Ba chóir do na hiriseoirí níos mó a rá faoi mar bhí sé an-soiléir nuair a bhí mé ann. Bhí na sráideanna glan agus slán, bhí gach aon áis ar fáil, bhí séirbhís phoiblí den scoth ann ach thar aon rud eile bhí na daoine féin cairdiúil, cabhrach agus ar bís le teacht na gcluichí. Chuir sé bród orm bheith ann agus go dtí sin bhíos chomh ciniciúil le gach aon duine eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cinnte tá an-chuid le déanamh ann ó thaobh cearta daonna de ach

    Déarfainn gur cuma leat faoi chearta daonna! sure nach bhfuil gach uile dhuine thall ansin cairdiúil agus ag miongháire! nach bhfuil siad chomh bhródúil as!!


  • Registered Users Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix


    Céard??? Cinnte tá ceisteanna agam faoi chearta daonna sa tSín cosúil le éagóir i ngac tír eile sa domhan!!! Sin an taithí a bhí agamsa nuair a bhíos sa tSín....an raibh tú féin ann sa tSín? Ó bheith ag caint le SÍnigh iadd féin cuireann sé isteach ar chuid mhaith dóibh an tuairim sin atá ag muintir an Iarthar go bhfuil gach aon duine acu sa tSín ag fulaingt. Sa tSín féin tá an dul chun cinn ar siúl ó thaobh cearta daonna de. Ní tharlaíonn rudaí mar seo thar oíche agus ba chóir spreagadh a thabhairt ó am go chéile seachas patrúnachas agus searbhasachas (cosúil leat féin Stollaire). Tá an -chuid rúdaí ag obair i gceart sa tSín. Thádar bródúil faoi na Cluichí Oilimpeacha níl aon dabht faoi sin.....Tá níos mó ná dhá mhilliúin daoine ag obair go deonach ar na chluichí thall agus bhí níos mó iarrthóirí ann. Is tír í atá ag foghlaim faoin gcóras idirnáisiúinta agus cearta daonna.........mol an óige agus tiocfaidh sí b'fhéidir seachas bheith ag maslú agus ag caitheamh anuas gach uile sheans.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    dolliemix wrote: »
    bhí na daoine féin cairdiúil, cabhrach agus ar bís le teacht na gcluichí.

    Ní thuigim do dhearcadh ar chor ar bith. Nach bhfuil trua agat ar na daoine deas fáilteach siúd a bhfuil ag maireachtáil gan saoirse ar bith. Tá inneall bolscaireacht na Síneach ag obair go maith.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níl siad ag foghlaim aon rud faoi chearta daonna - tá an tír sin níos measa ná riamh. Dá mbeinn ag labhairt mar seo i tSín, bheinn ar mo bhealach go dtí an campa géibhinn faoin am seo.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix


    Ach an gceapann tú féin a Phoill Dhuibh an bhfuil na Sínigh féin ag móthú mar sin? Tá caighdeán againn san Iarthar ach dar liom féin, on taithí atá agam, thádar (agus ní gach éinne ar ndóigh ) sásta thall.....ag fás ach ag a 'pace' féin. Is olc an rud é do gach aon duine mar chine doanna dá dtiocfadh duine chugat a rá 'ba chóir duitse bheith mar seo nó ba chóir a bheith ag maireachtáil sa bhealach súid'......sa mhéid a chonacthas fein agus bhíos ag caint le cuid sínigh- thádar sásta leis an saol mar atá ann. Cad ina thaobh go bhfuil údaras againne a rá go mbeadh sé níos fearr mar ata an saol againne? Ó mo thaithí féin, sa tír seo tá 'rat race' agus tíogar ceilteach 'values' a bhaineann le saibhreas agus airgead sa tír seo le roinnt blianta anuas nach bhfuilim compordach leo.....Tá rúdaí casta anseo agus i dtuairim na Sínigh, thádar ró chásta...........tuigim céard a rá acu......ní athróinn mó chás féin, taimse sásta mar atá, ach tugaim meas dóibh agus a gcuid tuairimí ar aon choai


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Caithfidh tú breathnú faoi bhun an dromchla. Nach cuimhin leat Cearnóg Tiananmen agus an t-ár déanta ann - sin an fhíor Sín - is é an fáth nach bhfuil aon rud cloiste agat i gcoinne an rialtais. Is cuma cé chomh gealgháireach is a mbíonn na daoine sain-phioctha chun déileáil leis na heachtrannaigh.


Advertisement