Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Boards.ie agus An Speallaire

  • 28-07-2008 10:54am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Bhí alt i bhFoinse (An Speallaire) an tseachtain seo faoin snáithe a leanas:

    http://pie.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055318460

    Cosc ar fhear as an nGaeltacht ag scríobh as Gaeilge faoi gcúrsaí pleanála sa nGaeltacht?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá mé i dhá intinn faoi seo, ar taobh amháin tá na fóram seo faoi eolas do gach duine. Ar an taobh eile ní ceart go mbeidh suim ag aon duine san ábhar ach amháin iad le Gaeilge.

    An ceart do gach snáth le Gaeilge beidh anseo i TnaG? Ní ceart go mbeidh i mo tuairim...


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Cliste wrote: »
    Tá mé i dhá intinn faoi seo, ar taobh amháin tá na fóram seo faoi eolas do gach duine. Ar an taobh eile ní ceart go mbeidh suim ag aon duine san ábhar ach amháin iad le Gaeilge.

    An ceart do gach snáth le Gaeilge beidh anseo i TnaG? Ní ceart go mbeidh i mo tuairim...

    Níl cosc ar an nGaeilge sna fóraim eile; ní gá ach aistriúchán Béarla a scríobh in éineacht leis an nGaeilge agus is féidir tús áite a thabhairt don Ghaeilge, más maith leat. Is dóigh liom féin gur riachtanas réasúnta é sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Múinteoir wrote: »
    Níl cosc ar an nGaeilge sna fóraim eile; ní gá ach aistriúchán Béarla a scríobh in éineacht leis an nGaeilge agus is féidir tús áite a thabhairt don Ghaeilge, más maith leat. Is dóigh liom féin gur riachtanas réasúnta é sin.

    Nílim chun a rá gur ceart dúinn é a athrú, ach 'Sé mo aisling phearsanta go mbeidh fóram iomlán as Gaeilge (atá suimiúil), agus anseo beidh daoine ábalta snáth a scríobh as Gaeilge, agus go mbeidh caighdeáin Gaeilge na tíre ard go leor go thuigfimid é....

    Tá an aisling sin suas ansin díreach idir Linsey Lohan(Mar a feictear i Mean girls) agus síocháin domhain:D


  • Closed Accounts Posts: 34 gleannuirce


    Mise a rinne an gearáin do Foinse. Tharraing mé aird ar modhnóir an bhord a scríobh gur cheart aistriúchán Bhéarla a dhéanamh ar rud eicínt a bhí scríofa as Gaeilge (ábhair-pleanáil sa Ghaeltacht).:eek:

    Bhí mé beannáilte don Bhord ag an modhnóir.:(

    Scríobh mé ag Gerry Shanahan (úinéara ?- boards.ie) ag rá gur cheart a bheith in ann scríobh as Gaeilge i 'chuile ceard don boards.ie.

    Ní raibh sé sásta le sin.

    Chuir mé ceist air a mbeadh sé sásta plé lena pholasaí leis an meáin Ghaeilge, ach ní raibh.

    Chuir mé e-phost aige ag iarradh air an cheist a phlé ar boards.ie.
    Freagra ní bhfuair mé.

    So. Taobh 'muigh do 'teach na gealt' tá sibh faoi trócaire na modhnóirí má ta sibh ag iarradh scríobh as gaeilge.

    Tá 'teach na gealt' go breá, ach bígí cúramach má tá sibh ag iarradh an geiteó seo a fhágáil....:confused:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Taobh 'muigh do 'teach na gealt' tá sibh faoi trócaire na modhnóirí má ta sibh ag iarradh scríobh as gaeilge.

    Mar a dúirt Múinteoir thuas is féidir Gaeilge a scríobh aon áit ar an tsuíomh ach ní mór dó aistriúchán Béarla a chur leis i ngeall ar an easpa Gaeilge ag beagnach gach éinne.
    Tá 'teach na gealt' go breá, ach bígí cúramach má tá sibh ag iarradh an geiteó seo a fhágáil....:confused:

    Tá chuile ábhar ar an tsuíomh curtha i ngeiteóanna, tugann Teacht na Gealt seans dúinn rudaí a plé gan an aistriúcháin Béarla.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is féidir ceist a chur ar modhnóir roimh ré - an bhfuil sé/sí sásta le poist i nGaeilge amháin ar d'fhóram? Mura bhfuil, déan dearmad air.

    Tá fóraim ann a bhfuil sásta glacadh le Gaeilge cosúil le 'Galway City'. Seo polasaí Pook ar an bhfóram sin. Gan dabht bheadh Simu sásta déileáil leo ar 'Fashion agus Appearance' agus 'Languages' agus tá mé cinnte go bhfuil níos mó ann.

    Agus na fóraim eile, bhuel bheinn sásta a bheith i mo mhodhnóir cúnta ar na fóraim siúd chun déileáil le fadhbanna as Gaeilge. Ach ba mhaith liom críoch a fheiceáil leis an aistriúchán vbulletin ar dtús.


  • Closed Accounts Posts: 34 gleannuirce


    Scríofa ag an Stolllaire.......

    "Tá chuile ábhar ar an tsuíomh curtha i ngeiteóanna, tugann Teacht na Gealt seans dúinn rudaí a plé gan an aistriúcháin Béarla."

    Ach is í mo cheiste ná....

    An cheart go bhfuil aistriúchán Bhéarla riachtanach sná cláracha eile ar boards.ie?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An cheart go bhfuil aistriúchán Bhéarla riachtanach sná cláracha eile ar boards.ie?

    Níl sé ceart ach cén chaoi is féidir le modhnóir smacht a choimeád ar an bplé sa chás nach bhfuil Gaeilge aige nó aici? Sé an réiteach ná modhnóir le Gaeilge a cheapadh do gach fóram.

    Má tá daoine eile seachas an modhnóir ag lorg aistriúcháin, sé a gcuid faidhbe nach bhfuil siad in ann Gaeilge a thuiscint agus mholfainn dóibh foclóir a cheannach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Scríofa ag an Stolllaire.......

    "Tá chuile ábhar ar an tsuíomh curtha i ngeiteóanna, tugann Teacht na Gealt seans dúinn rudaí a plé gan an aistriúcháin Béarla."

    Ach is í mo cheiste ná....

    An cheart go bhfuil aistriúchán Bhéarla riachtanach sná cláracha eile ar boards.ie?

    ós rud é nach bhfuil mórán in ann é a thuiscint, bhuel, caithfear a rá go bhfuil sé riachtanach....... go dtí go bhfuil Gaeilge i mbarr a mhaitheasa arís.

    Tá cosc go hiomlán ar an mbéarla ar an bhfóraim seo dála an scéil


Advertisement