Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ag obair leis an nGaeilge

  • 09-07-2008 9:27pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭


    An bhfuil mórán agaibh anseo ag obair i bpost ina bhfuil an Ghaeilge mar pháirt mór dod chuid obair?

    Tá sé ar intinn agam post mar aistritheoir a chuardach go gairid.

    Caithfidh mé a admháil nach bhfuil aon cáilíocht agam chun an post seo a dhéanamh, ach nuair a rinne mé m'ard teist, bhain mé A1 amach sa nGaeilge.

    Feicim anois, leis na breiseáin gur féidir a fhail le haghaidh MS Word go mbaineann sé go leor de na deacrachtaí amach as an bpost...

    An bhfuil fios ag duine ar bith anseo an mbíonn comhlachtaí sásta mo leithead a fhostú?

    Bheinn an sásta le freagra ar bith :)


Comments

  • Closed Accounts Posts: 17 rgcuan


    Déarfainn go mbeadh seans maith agat ach labhairt leis na daoine cuí.

    Tá cúrsaí páirt-aimseartha san aistriúchán ann ar ndóigh a bheadh ina chuidiú agat chomh maith.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Má tá tú ag iarraidh a bheith i d'aistritheoir agus mura bhfuil céim sa Ghaeilge agat, mholfainn go mór duit creidiúnú stáit a fháil, nó beidh sé cuíosach deacair go leor oibre a fháil duit féin. Is beag duine a thabharfaidh obair aistriúcháin duit agus Gaeilge na hArdteiste amháin agat.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Múinteoir wrote: »
    Má tá tú ag iarraidh a bheith i d'aistritheoir agus mura bhfuil céim sa Ghaeilge agat, mholfainn go mór duit creidiúnú stáit a fháil, nó beidh sé cuíosach deacair go leor oibre a fháil duit féin. Is beag duine a thabharfaidh obair aistriúcháin duit agus Gaeilge na hArd teiste amháin agat.


    Gan ainm na comhlachta a thabhairt... tá cara agam ata ag obair i gcomhlacht aistriúcháin. Tá cúpla duine ann nach bhfuil acu ach a gcuid scrúdaithe ardteistiméireachta.

    Beidh mé ag tabhairt faoi céim ollscoile mar mac léinn aibí, trí mheán na Gaeilge i cúpla mí, agus tá mé ag iarraidh post éigin a fhail a bheadh ag baint le hábhar na cúrsa.

    Is dócha gur cheart dom teangmháil a dhéanamh le roinnt comhlachtaí agus mo bhealach a dhéanamh ar an dóigh sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Leis an méid uirlisí gur féidir a úsáid i gcoir le MS Word na laethanta seo, tá sé deacair go maith aon botúin a dhéanamh, má tá do chuid gramadaí agat go dúchasach...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Chonaic mé fógra ó Ghnó Mhaigh Eo ag lorg aistritheoirí páirt-aimseartha le déanaí. Obair i do theach féin a bhí i gceist. Níl a fhios agam an bhfuil siad fós ag lorg daoine ach tá sonraí teagmhála anseo.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Gan ainm na comhlachta a thabhairt... tá cara agam ata ag obair i gcomhlacht aistriúcháin. Tá cúpla duine ann nach bhfuil acu ach a gcuid scrúdaithe ardteistiméireachta.

    B'fhéidir go bhfaigheann siad méid áirithe oibre, ach bheadh teorainn léi. Bheadh promhadh á dhéanamh ar a gcuid oibre ag daoine níos oilte chomh maith agus déarfainn go bhfaigheann siad i bhfad níos lú airgid ná na haistritheoirí a bhfuil cáilíochtaí níos fearr acu.
    Is saor-aistritheoir mé féin le céim sa Ghaeilge agus bhí teorainn leis an méid oibre a d'fhaighinn go dtí go bhfuair mé an creidiúnú stáit thart ar bhliain ó shin. Faighim i bhfad níos mó oibre anois, ag ráta pá níos airde.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Fograítear go leor deiseanna fostaíocht le haghaidh daoine le Gaeilge i nuachtlitir GaelPort, má tá aon duine ag lorg post leis an teanga. Afách, níl mo caighdéan scríofa Gaeilge ard go leor le haghaidh roinnt maith de na phoisteanna.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Múinteoir wrote: »
    Má tá tú ag iarraidh a bheith i d'aistritheoir agus mura bhfuil céim sa Ghaeilge agat, mholfainn go mór duit creidiúnú stáit a fháil, nó beidh sé cuíosach deacair go leor oibre a fháil duit féin. Is beag duine a thabharfaidh obair aistriúcháin duit agus Gaeilge na hArdteiste amháin agat.


    Níor chuala mé ríomh faoi sé sin. Geobhaidh mé ceann nuair atá mé ar ais in Éirinn.


Advertisement