Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Spórt

  • 07-07-2008 11:44am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    An bhfaca éinne eile an sár-choimhlint inné idir Federer agus Nadal inné? Ní raibh Wimbledon feicthe agam le blianta anuas ach tá áthas orm nár chaill mé an cluiche iontach sin.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is cosúil nach bhfuil mórán suime i gcúrsaí leadóige anseo. B'fhéidir go mbeadh freagairt níos mó agam ag caint faoi iomrascáil láibe idir cailíní nó rud éicint mar sin?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Is cosúil nach bhfuil mórán suime i gcúrsaí leadóige anseo. B'fhéidir go mbeadh freagairt níos mó agam ag caint faoi iomrascáil láibe idir cailíní nó rud éicint mar sin?

    Spórt uasal na nGael! :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Chonaic mé an.. uh.. game déireanach. Ní fhéachaim go minic ar leadóg ach ba mhór an trua a bhí agam dóibh.. ag imirt ar feadh.. cé mhéad uair, 6 nó rud éigin? Bheadh mé marbh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Múinteoir wrote: »
    Spórt uasal na nGael! :)

    Iomrascáil phortaigh a bhí ag ár sinsir fadó.
    Chonaic mé an.. uh.. game déireanach. Ní fhéachaim go minic ar leadóg ach ba mhór an trua a bhí agam dóibh.. ag imirt ar feadh.. cé mhéad uair, 6 nó rud éigin? Bheadh mé marbh.

    Chaithfí mo chorp briste a thabhairt ón gcúirte ar shínteán roimh dheireadh an chéad seit ach ba mhór an sólás dom an duais airgid de £375,000 don dara áit.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Chuala mé faoi snorcallú portaigh cheana ach níor chuala mé riamh faoi snorcallú portaigh ar do rothar. Tá an spórt amaideach craiceáilte seo ag dul ar aghaidh le hocht mbliana anuas. Cad é an chéad rud eile - snámh sioncronaithe sa phortach?



  • Advertisement
Advertisement