Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

An aimsir

  • 03-07-2008 01:50PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭

    Tá lá breá fliuch eile againn.
    Nach bhfuil athrú aeráide go hiontach ar fad!

    Ar a laghad coinníonn sé na maistíní ó na sráideanna

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Tá an báisteach stopaidh anois. Ach an mairfidh sé?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,155 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Bhí lá geal te againn anseo ar Inis Oírr :) Tá m'aghaidh dóite, ach is cuma :D

    Faraor, chualas go mbeidh an mhalairt i gceist sna trí lá seo chugainn :(

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    An Fhile wrote: »
    Bhí lá geal te againn anseo ar Inis Oírr :) Tá m'aghaidh dóite, ach is cuma :D

    Faraor, chualas go mbeidh an mhalairt i gceist sna trí lá seo chugainn :(

    Bíonn an trá in Inis Oírr ar nós Mhuir Chairib nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh. Parthas a bhíonn ann le haimsir mar sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Lá breá atá ann, Dé hAoine, tá chuile rud togha.... ach, ansin, chonaic an scamall uafásach mór seo ag bogadh ina dtreo:

    http://www.met.ie/latest/rainfall_radar.asp

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,155 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Múinteoir wrote: »
    Bíonn an trá in Inis Oírr ar nós Mhuir Chairib nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh. Parthas a bhíonn ann le haimsir mar sin.

    Tá an cheart agat a Mhúinteoir, bhí sé go háilinn inné. Anois tá stoirm ag teacht. Tá an suaimhneas imithe is tá na tonnta ag méadú ann!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,131 ✭✭✭MissHoneyBun

    An aimsir= D.O.C.H.R.E.I.D.T.E :eek:
    (agus ni ga go gciallodh sin sa sli dearfach ach an oiread :()

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    bhí dhá lá dheas againn ar a laghad

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is féidir liom spéir ghorm a fheiceáil anseo i Maigh Eo. Ní tharlaíonn sé sin go minic:cool:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Is féidir liom spéir ghorm a fheiceáil anseo i Maigh Eo. Ní tharlaíonn sé sin go minic:cool:

    Ní raibh an spéir ghorm ann le fada, déarfainn.

    Tá lá breá fliuch gránna againn in oirthear na tíre inniu arís.. Bhí sé i gceist agam dul go Ciarraí le haghaidh an deiridh seachtaine fhada, ach bheinn ag fanacht i gcarbhán le seisear eile. bheidh sé ar nós Father Ted
    http://www.youtube.com/watch?v=dyau_aAUxjM&feature=related

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »

    Ha! Tá súil agam go mbeidh an carbhán rud beag níos mó ná sin - ach gan dabht le seachtar agaibh beidh comórtas an-ghéar ann do na leabaí maithe i gcúl an charbháin.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ha! Tá súil agam go mbeidh an carbhán rud beag níos mó ná sin -
    Beagáinín níos mó!
    ach gan dabht le seachtar agaibh beidh comórtas an-ghéar ann do na leabaí maithe i gcúl an charbháin.
    Tá an Stollaire, "de bharr a mhéid is a bholadh", ar an urlár, a dúradh liom.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 114 ✭✭gaillimheach

    Gleáradh báistí anseo i nGaillimh trathnóna inniu. Boladh bréan ó mo ghadhair faoi láthair toisc nar thriomaigh siad amach fós. Leasc orm an teas lárnach a chasadh air anocht chun iad a thriomú mar gheall ar an dtéamh domhanda. Iad ag dul ag an ngroomers amárach - glanfaidh sise suas go maith iad!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is cosúil go mbeidh ar an Stollaire dul chuig na grúmaeirí freisin tar éis deireadh seachtaine sa channa stáin. Ná déan dearmad go bhfuil eallach beag i bhfad uait.

    Guím spéartha gorma oraibh go léir agus bí cúramach ar na bóithre!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Bhí an Stollaire breá tirim thíos i nGaeltacht Ciarraí le linn an deiridh seachtaine grianmhar , agus tháinic ar ais d'Áth Cliath inné agus tá sé ag cur baistí cosúil le mí Feabhra inniu!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Aimsir lachan a bhí againn le cúpla lá anuas ach anois tá an tsoineann ar ais arís.

Advertisement