Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Skype

  • 01-07-2008 9:41am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Ghlac mé páirt i mo chéad ghlao comhdhála as Gaeilge ar Skype aréir. Níor bhain mé úsáid as Skype riamh cheana agus b'eispéireas aisteach é dom a bheith ag labhairt le mo ríomhaire glúine ach bhain mé taitneamh as an gcomhrá. Beidh muid ag bualadh le chéile arís ar líne oíche Dé Luain seo chugainn má tá suim agat páirt a ghlacadh ann.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    An féidir le níos mó ná beirt a bheith páirteach sa chomhrá?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Múinteoir wrote: »
    An féidir le níos mó ná beirt a bheith páirteach sa chomhrá?

    Is féidir. Ach, go minic, ní bhíonn an líne chomh maith - b'fhéidir go gcuirfeadh níos mó cainteoirí brú láidir ar na servers.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is féidir cinnte. Má tá Skype suiteáilte ar do ríomhaire is féidir an séirbhís 'Live' a úsáid chun páirt a ghlacadh i comhráite éagsúla atá ar siúl nó do cheann féin a thosnú. D'oibrigh sé maith go leor dom an tráth sin, ach b'fhéidir nach bhfuil sé i gcónaí amhlaidh mar a deir obl.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Níl an t-idirlíon agam sa mbaile. :(


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    Níl an t-idirlíon agam sa mbaile. :(

    caveman.gif :rolleyes:


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    caveman.gif :rolleyes:


    Níl fhios agam cén fáth go gcaithfidh tú a bheith maslach !


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Stollaire wrote: »
    Níl fhios agam cén fáth go gcaithfidh tú a bheith maslach !
    Níl sé ach ag magadh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Níl sé ach ag magadh.

    ha ha bhíos ag magadh freisin. :D


  • Closed Accounts Posts: 3 De Brugha


    Sea, bhí mé sa chomhrá fosta ach cha raibh mé ag caint mórán mar bhí a lán fadhbannaí leis an mhicreafón. :(

    Ar aon nós, cheannaigh mé ceann nua agus má bhíonn an grúpa ar an aer i gcaitheamh an tseachtain beidh mé ann aríst cinnte.

    A Lionard a chara tá mearbhall orm, dúirt tú go bhfuil d'ainm ''Poll Dubh'' ar an fhóram seo agus bhí mé ag amharc ar an snáithe eile agus chonaic mé an t-ainm ''dranoel'', cad a tharla? :S


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    De Brugha wrote: »
    A Lionard a chara tá mearbhall orm, dúirt tú go bhfuil d'ainm ''Poll Dubh'' ar an fhóram seo agus bhí mé ag amharc ar an snáithe eile agus chonaic mé an t-ainm ''dranoel'', cad a tharla? :S

    Caithfidh go raibh tú ag féachaint ar shean-snáithe mar tá mé ag úsáid Poll Dubh le fada. Bhí lipéad níos Gaelaí ag teastáil uaim ó tharla go raibh mé ag postáil an chuid is mó anseo trí mheán na Gaeilge. Cá bhfios - b'fhéidir go mbeidh ainm eile agam amach anseo.

    Fáilte go dtí Teach na nGealt ar aon nós - b'fhéidir go mbeadh suim agat postáil i gcúpla de na sean-snáitheanna chun dul i dtaithí ar an áit.
    Cad as duit?
    Cén áit is fearr leat in Éirinn?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Beidh an grúpa cainte ag dul ar aghaidh 11i.n. anocht ar Skype faoi stiúir Sheáin. Beidh spórt agus caitheamh aimsire mar théamaí againn anocht.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bhí cúigear againn inné. Bhí siad ó Bhéal Feirste, Port Láirge, Gearmáin, Sasana agus mise ó Mhaigh Eo agus lean an comhrá go dtí aon a chlog ar maidin. Beidh muid ag bualadh le chéile uair a chloig níos luaithe an tseachtain seo chugainn má tá suim agat páirt a ghlacadh sa chomhrá nó éisteacht leis.


Advertisement