Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Seic déanta amach do m'ainm Gaeilge a lóisteáil i gcuntas faoi m'ainm Béarla?

  • 30-05-2008 11:29am
    #1
    Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭


    Tá seic agam ó mo sheanphríomhoide, a fuair mé toisc go ndeachaigh mo mharc mata suas i m'ardteist (aisíoctar an táille athseiceála má théann do ghrád suas agus téann sé tríd an scoil).

    Ar aon nós, níl sé lóisteáilthe agam go fóill toisc nach raibh cuntas bainc agam go dtí seo. Anois tá ceann oscailte agam agus tá sé ar intinn agam an seic seo a lóisteáil sa chuntas seo, ach an t-aon fhadbh ná go bhfuil sé déanta amach do m'ainm Gaeilge agus tá an cuntas i m'ainm Béarla. Níl mórán fianaise agam le cruthú gur m'ainm Gaeilge atá sé ach an oiread (seachas an fíric gur aistriúchán soiléar é, ach níl móran muinín agam go nglacfaidh foireann an bhainc le sin...).

    Aon taithí ag éinne bainceáil a dhéanamh trína n-ainm Gaeilge in ainneoin gur in a n-ainm Béarla atá a gcuntas?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Braitheann sé ar an mbanc i ndáiríre. Níos mó seans agat i mBanc na hÉireann nó Banc Aontaithe Éireann déarfainn ná i mBanc na hAlbaine nó Permanent TSB nó a leithéid.

    Cathain ar scríobhadh an seic. De ghnáth ní bhíonn agat ach sé mhí sílim chun iad a lóisteáil.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Rinne mé go minic é in AIB, gan fadhb ar bith (ach sa treo eile; seic scríofa le hainm Béarla, á chur isteach i gcuntas le m'ainm Gaelach air). Ach b'fhiú míniú dóibh céard é an scéal, ionas nach gceapfaidh siad gur 'Carlos the Jackal' atá ionat. :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Rinne mé a leithéad go minic. Ní dóigh liom go mbeidh aon fhadhb ann.

    An bhfuil do phas i nGaeilge?

    Má tá ní bheidgh aon fhadhb ar chor ar bith, má thugann tú leat é chuig an banc.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Braitheann sé ar an mbanc i ndáiríre. Níos mó seans agat i mBanc na hÉireann nó Banc Aontaithe Éireann déarfainn ná i mBanc na hAlbaine nó Permanent TSB nó a leithéid.

    Cathain ar scríobhadh an seic. De ghnáth ní bhíonn agat ach sé mhí sílim chun iad a lóisteáil.
    Táim le Banc na hÉireann, agus tá 8 lá agam é a lóisteáil :pac:
    An bhfuil do phas i nGaeilge?
    Níl. Níl aon aitheantas ghriangraif agam i nGaeilge. Sin an rud a bhí mé buartha faoi.

    Thriailfidh mé é ar an Luan, ar aon nós.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Dhéanann mise an rud chéana go minic, ní bíonn fadbh agam go minic. Anois is arís bíonn duine óg agus nua agus chuireann siad cheist ar an bainisteoir nó mar sin, ach de gnáth bíonn gach rud ceart go leor. Tá sé mar ceart agat do ainm a úsáid as Gaeilge, mar sin caithfear glac leis!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Jesjes wrote: »
    Tá sé mar ceart agat do ainm a úsáid as Gaeilge, mar sin caithfear glac leis!
    Sin a cheap mé. GRMA.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níl aon taithí phearsanta agam le seo. Ach ceapaim féin go mba chóir don rialtas córas a thabhairt isteach le haitheantas oifigiúil a thabhairt dóibh siúd ag úsáid dhá leagan dá n-ainm, leagan as Béarla agus leagan as Gaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 939 ✭✭✭Aurora Borealis


    Ní fheicim go mbeidh aon fhadhb agat má tá tú in ann cruthú go n-úsáideann tú an leagan Gaeilge go rialta i.e. billí srl. D'fhéadfá nóta míniúcháin ó fháil ó do shean phríomhoide mar cruthúnas chomh maith b’fhéidir.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Má tá fadhb agat, sínigh cúl na seice led'ainm Gaelach. Beidh sé "endorsed" i ndiadh sin.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Oh, ní raibh faidhb ar bith leis. Lóisteáileadh é gan cheist.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Yea, obairionn(ltrú???) sé an slí eile (cuntas as Gaeilge, seic as Béarla) gan fadhb (Banc Uladh)


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    *oibríonn.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Cliste wrote: »
    Yea, obairionn(ltrú???) sé an slí eile (cuntas as Gaeilge, seic as Béarla) gan fadhb (Banc Uladh)

    Sin an taithí a bhí agamsa le AIB níos mó ná uair amháin.


Advertisement