Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Lisbon

  • 01-05-2008 4:28pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭


    Cad iad bhur dtuaraimí, agus conas a vótáilfidh sibh? Beidh mise thar lear ag an am, so ní caithfidh mé aon smaoineamh a dhéanamh air, ach déarfainn go vótailfainn ar a shon.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Bhí mé ag fanacht leis an snáithe sin... : p Ní raibh ach ceist ama é!

    Níl mé cinnte fós freisin, ach is dócha go mbeidh mé ag vótáil in a aghaidh. Léigh mé roinnt don chonradh agus níor shuigh sé go ceart liom. Tá fhios agam go mbeadh ár neodrachas sábháilte, bhuel, deirtear go mbeadh, ach más é sin an chás, cén fáth go gcaithfimis níos mó airgid a chur isteach inár n-arm? (http://register.consilium.europa.eu/pdf/en/08/st06/st06655.en08.pdf airteagal 42, alt 3)
    B'fheidir nach bhfuilim ag tuiscint é go ceart, áfach, mar ní labhraíonn legalese.

    Ar aon nós, tá mé amhrasach faoi.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Níos fios agam go fóill- níl aon eolas agam faoi fós....

    Ach chur mé r-phoist chuig mó pholaiteoirí áitiúil- as Gaeilge, agus as Béarla- níor freagar ach beirt acu- agus as Béarla go h-iomlán :( Nílim sásta leo ar chur ar bith....... aon duine dóibh.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    obl wrote: »
    Lisbon

    Conradh Liospóin atá idir camáin againn, an ea? Ní hé go bhfuil na laethanta saoire sa chathair úd á bplé, táim ag ceapadh.



    Lisbon%20Castle%20tourist.JPG


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Na bí chomh saoithíneach, a Mhúinteoir. Nach raibh sé soléir duit ó cad a bhí á rá agam? :p


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    obl wrote: »
    Na bí chomh saoithíneach, a Mhúinteoir. Nach raibh sé soléir duit ó cad a bhí á rá agam? :p

    :D


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Dá mbeadh an vótáil ar siúil inniu, déarfainn go vótálfainn ar a son, ach d'fhéadfadh mé m'intinn a athrú idir an dá linn.

    Tá plé mhaith ar siúil faoi thall sa bhfóram nua, Aontas Eorpach.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Níl fhios agam cén slí a vótáilfidh mé.

    Ach tháinig smaoineamh chugam. Dá mbeadh reifrinn ag gach stáit eile san AE, is dóigh liom go mbeadh ar a laigheadh stáit amháin ina mbeadh an bua ag iad ina choinne.

    Mar sin, Eorap níos daonlathaí uait? Vótáil ina choinne!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    JC 2K3 wrote: »
    Mar sin, Eorap níos daonlathaí uait? Vótáil ina choinne!

    Meh sin fadhb na tíortha eile, an bhfuil an conradh maith dúinn, má tá, sin fadhb na tíortha eile (Is féidir le na Fraincis stailc faoi:D)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    JC 2K3 wrote: »
    Ach tháinig smaoineamh chugam. Dá mbeadh reifrinn ag gach stáit eile san AE, is dóigh liom go mbeadh ar a laigheadh stáit amháin ina mbeadh an bua ag iad ina choinne.
    An fhadhb ná, níl sé sa bhunreacht na tíortha eile go bhfuil reifrinn riachtanach... níl fhios agam an dtaitníonn a gcórais féin leo, ach is é sin conas atá sé.

    Tá sé an-dheacair polaitíocht a phlé trí mheáin na Gaeilge. >.<

    Ar aon nós, cuireann na póstaeir isteach orm. Tá siad le feiceáil ar fud na háite timpeall mo scoile... níl vóta ag ach.. cé mhéad, 40 daoine sa scoil? Bleh. An bhfuil sé in aghaidh an dlí iad a gearr síos?

    Agus rud eile... a dhear na póstaeir Shinn Féin? Buí agus bán le chéile? Doléite!


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    An fhadhb ná, níl sé sa bhunreacht na tíortha eile go bhfuil reifrinn riachtanach... níl fhios agam an dtaitníonn a gcórais féin leo, ach is é sin conas atá sé.
    Heh, tuigim sin, ní raibh ann ach smaoineamh.
    Tá sé an-dheacair polaitíocht a phlé trí mheáin na Gaeilge. >.<
    Ah, níl sé. Féach, tá eolas faoin gConradh as Gaeilge ar shuíomh an AE fiú!
    http://europa.eu/lisbon_treaty/index_ga.htm


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Dá mbeadh an vótáil ar siúil inniu, déarfainn go vótálfainn ar a son, ach d'fhéadfadh mé m'intinn a athrú idir an dá linn.

    Cad é go díreach faoin gConradh a mbeifeá i bhfách leis.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Buntáiste amháin - ní bheadh tír amháin in ann cosc a chur ar dul chun cinn san aontas agus na 26 tír eile a choinneáil siar leis an gcros.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Poll Dubh wrote: »
    Buntáiste amháin - ní bheadh tír amháin in ann cosc a chur ar dul chun cinn san aontas agus na 26 tír eile a choinneáil siar leis an gcros.
    D'fhéadfá a rá gur drochrud é sin. An fíor dul chun cinn é muna bhfuil gach tír san aontas sásta leis an athrú?


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Poll Dubh wrote: »
    Buntáiste amháin - ní bheadh tír amháin in ann cosc a chur ar dul chun cinn san aontas agus na 26 tír eile a choinneáil siar leis an gcros.
    i.e. Caileann Éire cumhacht a reifrinn.

    Sin an príomhfháth go bhfuil mé ag smaoineamh faoi vótáil ina choinne.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    MAr gheall ar bagairti o lucht an AE, beidh mise ag votail i gcoinne Lisbon.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    D'fhéadfá a rá gur drochrud é sin. An fíor dul chun cinn é muna bhfuil gach tír san aontas sásta leis an athrú?

    Is bunchloch daonlathais é beartaithe a dhéanamh de réir toil an tromlaigh. Ní dóigh liom go mbeadh mórán dul chun cinn san aontas amach anseo dá mbeadh muid ag brath ar vótaí comhaontach ó 27 tír.
    JC 2K3 wrote: »
    i.e. Caileann Éire cumhacht a reifrinn.

    Sin an príomhfháth go bhfuil mé ag smaoineamh faoi vótáil ina choinne.

    Is tír bheag muid, tá an-iomarca cumhacht againn ar ár gcomharsana cheana féin i gcomparáid lenár méid.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Tógaim an rud a duirt mé ar ais. Ní chaillfimid cumhacht ár reifreann.

    Bhí mé ag smaoineamh ar vótáil ar a shon, ach nílim sásta le bagairtí ó lucht an AE.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Aontaím leat, níl sé de cheart ag éinne brú a chur orainn lena dteoiricí féin faoi cad a tharlódh dá dhiúltóimis an conradh, níl aon bhunús lena dtairngreachtaí. Cuireann an tseafóid sin isteach orm go mór freisin. Caithfimid neamhaird a dhéanamh ar sin agus smaoineamh ar an mbuncheist. Sin é, an mbeidh AE níos fearr againn nó níos measa leis an gconradh seo?


  • Closed Accounts Posts: 295 ✭✭Jayeire


    Bhuel is ceist achrannach conspóideach é sin. An bhfuil éinne ag votáil inniu?
    Táim : Níl!!


Advertisement