Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Fáinne

  • 24-04-2008 05:55PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,878 ✭✭✭


    Ar caitheann sibh fáinne? An caitheann aon duine fáinne fós?
    Ceannaigh mé ceann inniú. An bhfuil mé i mo aonar?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    fáinne gaeilge?

    nó fáinne i ginearalta?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Ar caitheann sibh fáinne? An caitheann aon duine fáinne fós?
    Ceannaigh mé ceann inniú. An bhfuil mé i mo aonar?

    Fáinne Gaeilge is dócha, ní caithim, Ní téinn siad le mo chuid stíl:cool:


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,154 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Bhí fáinne óir agam cúpla bliain ó shin, níl clú agam cá bhfuil sé anois :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní chaithim féin é, an iomarca seaicéad is dócha. De ghnáth cuirim cúpla focal Ghaeilge i mo chaint le daoine nach bhfuil ar aithne agam orthu le chur in in iúl dóibh go bhfuil suim agam sa teanga. Oibríonn sé ó am go ham. Rudaí simplí go leor cosúil le sin é, go maith, sin a bhfuil, is breá liom do chorp srl.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Tá ceann agam áit éigin, ach ní chaithim é. Chun an fhírinne a rá, tá sé cuíosach "cliquey"... cosúil le chlub rúnda. Cosúil le Pholl Dubh, b'fhearr liom slite eile a úsáid chun Gaelgeoirí a aithniú.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Tá cúpla ceann sa bhaile áit éigin, ach ní caithimse iad. Is maith liom samhlú go bhfeicfí daoine gur Gaeilgeoir mé ó na rudaí a deirim agus na rudaí a dhéanaim seachas fógraíocht a dhéanamh faoi.
    Poll Dubh wrote: »
    Ní chaithim féin é, an iomarca seaicéad is dócha. De ghnáth cuirim cúpla focal Ghaeilge i mo chaint le daoine nach bhfuil ar aithne agam orthu le chur in in iúl dóibh go bhfuil suim agam sa teanga. Oibríonn sé ó am go ham. Rudaí simplí go leor cosúil le sin é, go maith, sin a bhfuil, is breá liom do chorp srl.

    Bí cúramach, má thuigeann siad, d'fhéadfadh tú slap a fháil.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    is aobhinn liom do chíoche - sin nios measa - abair mé é o ham go ham
    ní thuigeann siad é - is saghas ''scrudu'' é

    níl aon saghas fáinne agam


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,154 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    is aobhinn liom do chíoche - sin nios measa - abair mé é o ham go ham
    ní thuigeann siad é - is saghas ''scrudu'' é

    níl aon saghas fáinne agam

    Cad is brí leis an focal sin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bí cúramach, má thuigeann siad, d'fhéadfadh tú slap a fháil.

    B'fhiú é, ach níl leiceadar faighte agam go dtí seo, tá 'is maith liom do chorp' ceansa go leor. Is breá le gach bean moladh a fháil. Is féidir rudaí i bhfad níos measa a rá cosúil le "An dtagann tú anseo go minic?"
    An Fhile wrote: »
    Cad is brí leis an focal sin?

    Litrítear iad cíocha de ghnáth. Is iad na dhá bhall chruinne bhainniúla ar ucht mná. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr an focal a mhíniú le pictiúir....


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Poll Dubh wrote: »
    de ghnáth. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr an focal a mhíniú le pictiúir....

    béidh - ach ni feidir me e a cuir suas


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 127 ✭✭Tá Mé Gaeilge


    Caithim é gach uile lá- ní maith liom an taobh "fógraíocht" de ach an oiread ach thart ar bhliain ó shin chaith mé é go dtí imeacht gaeilge de shaghas éigean agus dúirt duine éigean liom go raibh díoma orthú go raibh mé á chaitheamh díreach chuig an ócáid sin.

    Ó shin ar aghaidh táim tar éis é a chaitheamh gach uile lá; is dócha go raibh mé ag iarradh pointe a dhéanamh ag an tús ach bhí ionadh orm gur aitheann an cuid daoine é agus tháinig roinnt mhaith ag labhairt liom trí ghaeilge toisc go raibh mé a chaitheamh. Tá fáinne óir ar gach geansaí atá agam anois agus cinnte leanfaidh mé ar aghaidh ag caitheamh iad.

    Ní aontaíom gur clique atá ann ar chor ar bith- Is bealach iontach, simplí é gaeilgoirí eile a aithint. Ní dóigh liom go bhfuil sé ag cur isteach ar éinne eile go bhfuil mé á chaitheamh.

    Ach ag an am céinne tá cúpla fadhbanna leo-

    -Tá síad ró-costasach- €5.50 nó mar sin agus imíonn an dath óir tar éis cúpla seachtain.
    -Tá sé an deachair teacht orthú- bíonn orm bualadh isteach chuig Comhdáil Náisiuinta na Gaeilge i gconaí
    -Ní aontaíom go mbíonn ort scrúdu a dhéanamh chun fáinne a fháil- má tá tú sásta é a chaitheamh agus iarracht a dhéanamh sin maith go leor.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir



    Ach ag an am céinne tá cúpla fadhbanna leo-

    -Tá sé an deachair teacht orthú- bíonn orm bualadh isteach chuig Comhdáil Náisiuinta na Gaeilge i gconaí

    Is féidir fáinní a cheannach ar líne ag www.fainne.ie agus cuirfear chugat iad sa phost.


Advertisement