Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ceadúnas Teilifíse

  • 22-04-2008 8:02am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭

    An bhfuil ceann agat?

    Fuair mé litir inné ag rá gur chóir dhom ceann a fháil nó chuirfí an dlí agus pionós orm má fhaigheann an cigire teilifís i m'árasán!

    Ar ndóigh tá sé i gceist agam anois neamhaird iomlán a dhéanamh de aon chnag ar an ndoras..go deo.

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Faigh fístéip de shicín ag cócaireáil sa micrea-thonn agus cur ar siúil é nuair a chloiseann tú éinne ag an doras.

    "Ní teilifís é sin ar chor ar bith, nílim ach ag réitiú dinnéir."

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    is teilifís 32 orlach scáileán réidh leathan í.

    Sin micreathonn ollmhór aisteach!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Labhair Gaeilge leo má thagann siad ag do theach. Mar a fheicimid sna fógraí, tá gach teanga eile ar domhan ar a dtoil ag na cigirí seo, ach bí cinnte nach bhfuil Gaeilge acu. :rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Bheadh sé sin suimiúil.
    Ach ar eagla go mbeadh Gaeilge ag an gcigire ní bheidh mé ag freagairt don doras ariamh aríst mura bhfuil a fhios agam cé atá ann.

    Ní raibh an rabhadh/litir a fuair mé ó An Post as Gaeilge.
    Nár chóir go mbeadh sé!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Níl ceart ag cigire dul isteach d'árasán gan cead. Ní féidir leis/léi a sheiceáil go bhfuil teilifís agat nó nach bhfuil.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Sin an rud, mar sin chun a bheith in ann pionós a chur ar dhuine ní mór don duine sin cuireadh a thabhairt don chigire teacht isteach sa teach agus breathnú ar an teilifís sa gcúinne!
    An bhfuil an ceart agam faoi sin?

    Ní shamhlóinn go dtarlaíonn sé go minic.
    Agus nach bhfuil sé greannmhar freisin go siúlann an cigire isteach sa teach gan cuireadh i gcónaí ar an bhfógra.

    An mise an t-aon duine amháin i dTeach na nGealt gan cheadúnas teilifíse

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    licence_graph.gif

    Seo thuas mar atá an t-airgead á caitheamh.
    scannalach! 70 faoin gcéad á caitheamh ar RTÉ 1 agus a 2. Sin tuarastal deas Pat "an Planc" Kenny. mo dhuine Ryan ní chuimhin liom a shloinne agus Gerry Ryan..srl

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Bheadh sé sin suimiúil.
    Ach ar eagla go mbeadh Gaeilge ag an gcigire ní bheidh mé ag freagairt don doras ariamh aríst mura bhfuil a fhios agam cé atá ann.

    Ní raibh an rabhadh/litir a fuair mé ó An Post as Gaeilge.
    Nár chóir go mbeadh sé!

    Ba chóir; is comhlacht fo-stáit é An Post go fóill (mar sin, tá sé faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla). Sin bealach maith chun tuisle a bhaint astu! Déan gearán leis an gCoimisinéir Teanga faoin easpa Gaeilge sa litir. Múinfidh sé sin ceacht dóibh! :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Níl's agam ar mhaith liom aird na meán agus na tíre a dhíriú ar mo chásín leis an Post agus an gceadúnas teilifíse.

    Agus abair go ndéanann an Cuirreánach iniúchadh air agus ansin faighim litir i nGaeilge bhlasta ó An Post ina leith. Beidh sé orm í a íoc ansin. Fanfad ciúin sílim.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Sin an rud, mar sin chun a bheith in ann pionós a chur ar dhuine ní mór don duine sin cuireadh a thabhairt don chigire teacht isteach sa teach agus breathnú ar an teilifís sa gcúinne!
    An bhfuil an ceart agam faoi sin?

    Ní shamhlóinn go dtarlaíonn sé go minic.
    Agus nach bhfuil sé greannmhar freisin go siúlann an cigire isteach sa teach gan cuireadh i gcónaí ar an bhfógra.

    An mise an t-aon duine amháin i dTeach na nGealt gan cheadúnas teilifíse

    Is féidir le cigire féachaint isteach i d'fhuinneog mar a tharla domsa! Má tá mias satailíte nó aeróg ar do theach, is féidir leo pionós a chur ort. Ach má tá tú i do chónaí in árasán ar an gcéad urlár nó níos airde, beidh tú togha. Rud eile, ní féidir leo an dlí a chur ort gan d'ainm, an raibh d'ainm ar an litir?

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Is féidir le cigire féachaint isteach i d'fhuinneog mar a tharla domsa! Má tá mias satailíte nó aeróg ar do theach, is féidir leo pionós a chur ort.

    Tá satailíte ann ach níl muid ag baint úsáide as!
    Tá ceann de na boscaí mídhleathacha siúd againn a ligeanns ort chuile stáisiún a fheiceáil ó NTL saor in aisce. :cool::D
    Ach má tá tú i do chónaí in árasán ar an gcéad urlár nó níos airde, beidh tú togha. Rud eile, ní féidir leo an dlí a chur ort gan d'ainm, an raibh d'ainm ar an litir?

    haha "The Occupant" a bhí air.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,878 ✭✭✭arse..biscuits

    Fuair mo dheirfiúr an litir sín fresin an seachtain seo caite. Ní raibh sé registered post, agus mar sín ní fuair sí an litir. Tá sí ina chonaí in arasán fresin, níl sí cun lig aon duine isteach.
    Níl ceadúnas teilifís agamsa fresin:D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Ba chóir duit an doras a fhreagru agus comhrá a bheith agat leis an fhearr, le Ros na Run ar siul go torannach taobh thiar duit, agus ansin d'imprisean is fearr den tseanbhean bhocht ó The Wind That Shakes The Barley a dhéanamh.

    "SHE KNOWS EXACTLY WHAT I'M TALKING ABOUT!"
    "Ó, ni thuigim thu ar chor ar bith."

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Karlusss wrote: »

    goa :D

    "Hello Sor, Television Licence Inspector"

    "Níl fhios agam.. "

    "What do you mean níl fhios agam? "

    "Níl fhios agam"

    ".....!"
    Níl ceadúnas teilifís agamsa fresin

    Sin beirt againn ar a laghad

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu

    Fuaireas féin an litir sin leis cé go bhfuil ceadúnas agam. Bhí an goimh orm agus bhíos chun litir tharcaisniúil a chur ar ais chucu ach cur amú ama a bheadh ann. :p

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    simu wrote: »
    Fuaireas féin an litir sin leis cé go bhfuil ceadúnas agam. :p

    pé... modhnóirí ! :rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Suíomh nua ó An Post le haghaidh do cheadúnas:

    https://www.tvlicence.ie/homepage.aspx

    Ceann eile:
    http://www.anpost.ie/AnPost/MainContent/Personal+Customers/More+from+An+Post/TV+Licence/tvlicence250108.htm

    Tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil Gaeilge i measc na dteangacha eachtrannach eile.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Stollaire wrote: »
    Tabharfaidh sibh faoi deara go bhfuil Gaeilge i measc na dteangacha eachtrannach eile.

    Ní luann siad gur teanga eachtrannach í an Ghaeilge ar chor ar bith. Tá Gaeilge luaite i measc 'teangacha eile' (other languages).

    Níl siad chomh dona sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ní luann siad gur teanga eachtrannach í an Ghaeilge ar chor ar bith. Tá Gaeilge luaite i measc 'teangacha eile' (other languages).

    Níl siad chomh dona sin.

    goa. In ainm foc leaid, níl sé chomh dona sin!

Advertisement