Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Scéal grinn

  • 07-04-2008 03:29PM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Siúlann bean isteach go Tiffany’s.

    Caitheann sí a súile timpeall an tsiopa agus tugann sí faoi deara bráisléad muileata galánta agus siúlann sí chuige len é a scrúdú.

    Nuair a chromann sí síos len é a fheiceáil níos fearr, bromann sí de thimpiste. Le náire an domhain uirthi, féachann sí suas le fáil amach ar thug éinne faoi deara a timpiste bheag. Guíonn sí nach dtiocfadh cúntóir chuici ag an nóiméad sin.

    Nuair a chasann sí timpeall, feiceann sí, le h-uafás uirthi, go bhfuil cúntóir ina sheasamh díreach taobh thiar di.

    Ag léiriú a fhíor-ghairmiúlacht, tugann an cúntóir beannú don bhean, ‘Dia duit, a bhean uasal, conas is féidir liom cuidiú leat inniu?’


    Go an-mhíchompordach, ach ag súil go géar nach raibh an cúntóir taobh thiar di ag am na ‘timpiste bige’, fiafraíonn sí de, ‘Cad é an praghas ar an mbráisléad galánta seo?’

    Freagraíonn sé, ‘A bhean uasal, dá mbromfá ag féachaint air, chacfá nuair a insím duit an praghas.’


    [D'aistrigh mé seo - fáilte roimh cheartúcháin]









Comments

Advertisement